Páirtí Aontachtach Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Aontachtach Uladh
Sonraí
Ainm gearrUUP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAontachtóirí na hÉireann
coimeádachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh3 Márta 1905
Gníomhaíocht
Ball deEuropean Conservatives and Reformists Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtDoug Beattie (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtNa hAontachtaithe Óga Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinuup.org Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: uuponline Cuir in eagar ar Wikidata

Is páirtí polaitiúil é Páirtí Aontachtach Uladh atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann. B'é an t-aon pháirtí amháin i rialtas Thuaisceart Éireann ón mbliain 1920 go dtí an bhliain 1972, agus é i gcomhrialtas le páirtithe eile sna blianta 1998-2002. Roimh an mbliain 2005, nuair a bhuaigh an Páirtí Aontachtach Daonlathach an toghchán, bhí sé ar an bpáirtí ba mhó sa stáitín.

Carraig Fhearghais

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Páirtí Aontachtach na hÉireann sa bhliain 1905 chun stop a chur le Rialtas Dúchais na hÉireann taobh isteach den Ríocht Aontaithe. Cuireadh tús le hÓglaigh Uladh go luath ina dhiaidh sin. Bhí dlúthbhaint ag an bpáirtí leis an Ord Oráisteach mar eagraíocht ar feadh i bhfad, ach briseadh an nasc sin in olltoghchán na bliana 2005, nuair a chaith cuid mhór de na hOráistigh a gcuid vótaí i bhfách leis an bPáirtí Aontachtach Daonlathach. Bhí nasc den chineál chéanna ag an bpáirtí le Printísigh Dhoire, ach scaoileadh sa bhliain 1975 é.

John McCallister, MLA

I dtús ama, bhí ionadaithe ag an bpáirtí i ngach contae in Éirinn. Cé go raibh an lucht ceannais bunaithe sa Deisceart, bhí an chuid ba mhó de na baill ina gcónaí in Oirthear Uladh san am sin féin.

Nuair a chuaigh an deighilt ar Éirinn, bhí Edward Carson ina chathaoirleach ar an bpáirtí Aontachtach. Thug sé rabhadh gan coimhthíos a chur ar na Caitlicigh roimh an stáitín, nó mura mbeidís in ann a gcuid féin a dhéanamh den stáitín, bheadh trioblóid ann. Chuir biogóideacht a lán Aontachtóirí in Ultaibh déistin air. Níor tugadh an aird cheart ar a chuid rabhadh, áfach, agus sna fichidí, bhí na mílte Caitlicigh ag éalú ón stáitín trasna na teorann nua.

Fir shaibhre ab ea Príomh-Airí an Tuaiscirt de ghnáth, agus ba mhinic iad ag caint go dímheasúil faoi na Caitlicigh, arbh aon trian iad de dhaonra an stáitín.

Póstaer UUP, 1974

Sna seascaidí, d'fhéach an Príomh-Aire Terence O'Neill le cothrom na Féinne a thabhairt do na Caitlicigh, ach ansin, thosaigh na Dílseoirí, ar nós Ian Paisley, ag cur ina aghaidh. Thosaigh na Dílseoirí agus na péas ó Chonstáblacht Ríoga Uladh ag ionsaí na mórshiúlta a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh. Nuair a maraíodh daoine de lucht na máirseála, chrom an tIRA ar na Protastúnaigh a imeaglú chomh maith. Sa bhliain 1972, bhain rialtas na Breataine an chumhacht de na hAontachtóirí, nuair a tháinig an Riail Dhíreach i bhfeidhm.

Bhí tionchar an-láidir ag an Ord Oráisteach ar an bpáirtí. Baill den Ord ab ea gach duine den tseisear Príomh-Airí, agus bhí gach duine de na hAirí Aontachtacha Rialtais go léir ina mbaill freisin, amach ón triúr nach raibh. Thairis sin, d'éirigh triúr eile as an Ord, duine acu nuair a phós a iníon fear Caitliceach, agus duine eile nuair a caitheadh amach as an eagraíocht é toisc go bhfacthas ag searmanas Caitliceach é aon uair amháin. Bhí cúigear ionadaithe déag is ceithre scór ag an bpáirtí i bparlaimint an stáitín i rith na mblianta nach raibh ina mbaill, agus ochtar is ceithre scór a bhí.

Is é Steve Aiken iarcheannaire (2019-2021) agus iarchathaoirleach an pháirtí

I rith na seachtóidí, scoilt an páirtí go tromchúiseach faoin gceist, ar chóir cead isteach a thabhairt do na Náisiúnaithe sa rialtas. Sa bhliain 1995, chuir rúnaí Caitliceach an dlí orthu faoi leatrom sa Choimisiún um Fhostaíocht Chothrom.

Is é Steve Aiken iarcheannaire (2019-2021) agus iarchathaoirleach an pháirtí.[1]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu, tá nasc foirmiúil polaitiúil idir Páirtí Aontachtach Uladh agus an Páirtí Aontachtach Forásach, a bhfuil baint aige le Fórsa Óglaigh Uladh.

Tá clár cinn ag an bpáirtí ar an Idirlíon, agus é aistrithe go hAraibis, go Beangáilis, go Sínis, go Hiondúis, go Polainnis, go Portaingéilis, go Puinseáibis agus go hUrdais. Níl an Ghaeilge faiseanta sa pháirtí, cé go bhfuil foghlaimeoirí aonair le fáil i measc na bpolaiteoirí Aontachtacha féin, Chris McGimpsey thar aon duine eile.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2021-05-08). "Steve Aiken ag éirí as mar cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh" (as en). 
  2. "BBC - Radio Ulster - Programmes". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2021-05-11.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]