Steve Aiken

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSteve Aiken

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Meitheamh 1962
61 bliana d'aois
Bealach Cláir, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cambridge
Ardscoil Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Ríoga
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinsteveaiken.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: SteveAikenOBE Twitter: SteveAikenUUP Instagram: steve.aikenuk Cuir in eagar ar Wikidata

Sainchomhairleoir bainistíochta, iar-oifigeach cabhlaigh, teachta tionóil (MLA) d’Aontroim Theas agus iarcheannaire an UUP (2019-2021)[1] is ea Stephen Ronald "Steve" Aiken OBE MLA (a rugadh ar 16 Meitheamh 1962).[2][3]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

sheas Aiken in Aontroim Thoir don UUP

Iarcheannaire i gCabhlach Ríoga na Breataine é Steve Aiken, iarcheannfort ar fhomhuireán núicléach. Stiúr sé an Comhlachas Tráchtála Briotanach Éireannach i mBaile Átha Cliath (2011-2014).

Sa bhliain 2019, tháinig Aiken i gcomharbacht ar Robin Swann ina cheannaire ar an UUP. ceapadh Aiken gan aon iomaíocht.

San olltoghchán 2019, sheas Aiken in Aontroim Thoir in aghaidh Sammy Wilson, urlabhraí Breatimeachta an DUP.[4]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, dúirt Steve Aiken nach mbeadh aon athrú ar pholasaí an pháirtí maidir le hAcht Gaeilge faoina cheannaireacht féin.[5] Dúirt sé nach nglacfaí le hAcht Gaeilge ach go dtacódh sé le ceart feisirí vótáil de réir a gcoinsiasa ar cheisteanna morálta agus sóisialtaː “Sílim go bhfuil bac á dhéanamh di [an Ghaeilge]; ní muidne a chuir na bacainní sa gcosán. Níl aon tacaíocht in aon bhall i measc na nAontachtach in Ulaidh d’acht Gaeilge agus ní fheicim ná ní fhaca mé aon rud agus níor chuala mé aon rud a d’athródh m’intinn faoi sin.”

Dúirt Aiken nach bhfuil a pháirtí “i gcoinne na Gaeilge ar aon bhealach”, agus gur thacaigh siad le Foras Teanga don Ghaeilge agus don Ultais a bhunú mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus le maoiniú eile a chur ar fáil don Ghaeilge.

Breaitimeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 2019/2020, bhí Aiken ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin margadh Breatimeachta a raibh aontachtaithe agus dílseoirí ag feachtasaíocht ina choinne. ‘Ba iad an DUP a thug teorainn i Muir Éireann dúinn,’ an port a bhí ag Aiken.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2021-05-08). "Steve Aiken ag éirí as mar cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh" (as en). 
  2. "ABOUT ME" (en). steveaikenmla. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-31. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  3. Linkedin (2021). "Steve Aiken". Dáta rochtana: 2021.
  4. Póilín Ní Chiaráin (2019). "Feachtasaíocht ag treisiú ó thuaidh d’olltoghchán cinniúnach na míosa seo chugainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  5. "Ó Muilleoir agus Aiken in adharca a chéile faoi cheist an achta Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  6. Póilín Ní Chiaráin (2019). "An iomaíocht iarracht níos géire ná mar is gnách ag an DUP, ach sin an méid" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.