Rialtas Dúchais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
 John Redmond agus John Bull, Liberal Unionist Council, c1905-1910

Ba é an Rialtas Dúchais (Home Rule) an príomhchuspóir polaitiúil a bhí ag náisiúnaithe bunreachtúla in Éirinn sa naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois.

Ba é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann an páirtí polaitíochta a bhí ag éileamh Rialtas Dúchais d'Éirinn, agus ba iad Isaac Butt, William Shaw agus Charles Stewart Parnell príomhcheannairí an pháirtí agus ailtirí an Rialtas Dúchais mar choincheap.

Is éard a bhí ann, go bunúsach, ná an t-éileamh go gcuirfí parlaimint fhéinrialaitheach ar bun in Éirinn. Níor theastaigh ón lucht Rialtais Dúchais in Éirinn a scaradh scun scan ón Ríocht Aontaithe.

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón bhliain 1870 ar aghaidh, bhí feachtas ar bun ag ceannairí náisiúnacha na hÉireannach ag Westminster, go háirithe ag Charles Stewart Parnell, chun Rialtas Dúchais (féinriail réigiúnach) a bhaint amach in Éirinn. Bhí ceannairí Aontachtaithe na hÉireann, áfach, glan i gcoinne.

Randolph Churchill, 1883

Ritheadh ceithre Bhille um Rialtas Dúchais in Éirinn, ach níor tháinig aon cheann acu i bhfeidhm ina iomláine.

  • 1) '1886'. Ritheadh an chéad Bhille sa bhliain 1886, ach ní bhfuair sé faomhadh Theach na dTeachtaí féin. Chinn ceannairí an fhreasúra, an Páirtí Coimeádach, an "Cárta Buí" a imirt: sa bhliain 1886, chum an Tiarna Randolph Churchill an slógadh Ulster will fight and Ulster will be right.
  • 2) '1893'. An dara Bille, arís, sa bhliain 1893, ba i dTeach na dTiarnaí a cuireadh bac air. Bhí an chumhacht ag Teach na dTiarnaí ag an am reachtaíocht a chrosadh.
  • Gladstone, 8 Aibreán 1886
    3) '1912-1914'. Ó bhí gearrtha siar faoin Acht Parlaiminte 1911 ar chumhacht Theach na dTiarnaí i leith reachtaíocht a chrosadh, níorbh aon bhlocáil go deo é seo ach moill ar dhul chun cinn na reachtaíochta. Sa bhliain 1912 chuir rialtas H. H. Asquith an Tríú Bille Dúchais chun tosaigh (chuaigh sé ar leabhar na ndlíthe). D'fhéadfadh na Tiarnaí bloc a chur ar Bhille le haghaidh trí sheisiún.
    Chuaigh na polaiteoirí sa Bhreatain trí anás uafásach le "Home Rule", c1905-1910
  • John Redmond, 1917 - fear briste
    I mí Eanáir 1913, ritheadh an Tríú Bille Rialtas Dúchais i dTeach na dTeachtaí ach diúltaíodh dó i dTeach na dTiarnaí[1]. Ar an 16 Eanáir 1913, léadh an bille an chéad huair i dTeach na dTeachtaí (ar son an Bhille 367; in aghaidh 257)[2]. Ag deireadh na míosa (30 Eanáir 1913), áfach, bualadh an Bille i dTeach na dTiarnaí (326 vóta in aghaidh 69, le Lord Lansdowne i mbun)[3].   Nuair a diúltaíodh don Bhille Rialtas Dúchais ar an 30 Eanáir, 1913, mar sin, tháinig an Bille ar ais go dtí Teach na dTeachtaí le haghaidh an dara vótáil, i mí Iúil 1913.
  • Ar an 25 Bealtaine 1914, léadh an bille an tríú huair  i dTeach na dTeachtaí. Glacadh leis le móramh ollmhór i bhfabhar (77). Bualadh an Bille i dTeach na dTiarnaí arís ach tugadh Aontú na Banríona don Bhille níos déanaí (an próiseas a chuireann bille ar bhonn reachtúil)[4].
  • Seoirse V
    Ar an 23 Meitheamh 1914, de réir Bille a thugtar isteach i dTeach na dTiarnaí, moltar contaetha áirithe in Ulaidh a choinneáil sa Bhreatain má chuirtear Rialtas Dúchais i bhfeidhm in Éirinn riamh.
  • Mar thoradh air sin, rith an bille trí Thithe an Pharlaimint i ndeireadh báire, agus fuair sé an t-aontú ríoga i lár na bliana 1914. Ach ag an am céanna, d’eagraigh Rí na Breataine, Seoirse V, comhdháil ag Pálás Buckingham ar 21-24 Iúil 1914 le teacht ar réiteach ar “fhadhb na hÉireann.” Ní raibh aon rath ar an gcomhdháil.
  • Ar an 4 Lúnasa 1914, d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin. Spreag sé seo Príomh-Aire na Breataine reachtaíocht a dhréachtú chun Rialtas Dúchais a chur siar.

Réiteach ar bith[cuir in eagar | athraigh foinse]

De dheasca an Chéad Chogaidh Dhomhanda, is cosúil, níor cuireadh an tríú Bille i bhfeidhm riamh. Ach b'é sin leithscéal a chodail amuigh b'fhéidir.

Léirigh glacadh Theach na dTeachtaí leis an mBille ach diúltú Theach na dTiarnaí dó a chasta is a bhí an díospóireacht seo.

Ar aon nós, ba léir go raibh athrú ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus an reachtaíocht rite ag na Teachtaí an chéad lá. Spreag na vótaí seo lear mór eachtraí a raibh tionchar nach beag acu ar imeachtaí na mblianta ina ndiaidh

1920[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920 an tAcht deifnídeach, ach níor cuireadh an ceann sin féin i bhfeidhm ach amháin i dTuaisceart Éireann.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. DFA.ie. "‘Ócáid thábhachtach i stair na tíre’ ba ea daingniú agus diúltú an Bhille Rialtas Dúchais i mí Eanáir".
  2. The Irish Home Rule Bill,  Annie G. Porritt, Political Science Quarterly, Vol. 28, No. 2 (Jun., 1913), pp. 298-319   https://www.jstor.org/stable/2141348
  3. Irish Home Rule, 1867-1921,   Alan O'Day, lch 254
  4. Alan O'Day, Irish Home Rule, 1867-1921, lch 254 agus https://www.jstor.org/stable/2141348?seq=1#page_scan_tab_contents agus Joseph P. Finnan,  John Redmond and Irish Unity: 1912 - 1918, lch 57