Isaac Butt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Isaac Butt

Abhcóide, polaiteoir, Teachta Parlaiminte (T.P), agus an bunaitheoir agus an céad ceannaire de roinnt páirtithe agus eagrachtaí náisiúnach Éireannach, Cumann Coimeádach Dhúthach na hÉireann i 1836, an Comhlachas Rialtas Dúchais i 1870 agus Léig an Rialtais Dúchais i 1873 san áireamh, ab ea Isaac Butt (Gaeilge: Íosóg de Bót) (6ú Meán Fómhair 1813 - 5ú Bealtaine 1879).

Saol Luath[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Butt i nGlenfin, ceantar ar bruacha Abhainn na Finne i gContae Dhún na nGall in Éirinn. Tá Glenfin beagánín siar ó Bhealach Féich. Bhí a athair mar reachtaire Eaglais na hÉireann ach ba de shliocht na Ó Dónaill de Thír Chonaill chomh maith, trí na Ramsaithe. Fuair sé a oideachas dara leibhéal ag an Scoil Ríoga i Rath Bhoth, Dún na nGall, agus ag Coláiste Midleton i gContae Corcaí D'fhreastal sé ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus é cúig bliana déag d'aois. Bhunaigh sé an Dublin University Magazine, ina eagarthóir ar feadh ceithre bliana. Ar feadh cuid mhaith dá shaol bhí sé ina bhall de Pháirtí Coimeádach na hÉireann.

Gairm mar Dhlíodóir[athraigh | athraigh vicithéacs]

I ndiaidh gur glaodh chun an bharra é i 1838, thuil sé cáil go tapaigh mar abhcóide den scoth. Bhí aithne air de bharr gur chuaigh sé i gcoinne feachtas Daniel O'Connell, a bhí ag iarraidh Acht an Aontais a aisghair. Rinne sé léachtanna ar eacnamaíocht i gColáiste na Tríonóide. I rith An Gorta Mór, d'athraigh sé ó aontachtach Éireannach agus Oráisteach, isteach i bhfear a thug tacaíocht go córas polaitiúil feidearálach do Ríocht Aontaithe an Bhreatain Mhór agus Éire, a tabhairfaidh rialtais dúchais go Éireann. Ó seo, d'éirigh sé páirteach i bpolaitíocht náisiúnach na hÉireann agus bhunaigh sé Leig an Rialtais Dúchais. Bhí Butt lárnach i nascanna idir náisiúnachas Bunreachtúil agus Réabhlóideach a chothú trí labhair ar son baill de Shochaí na bhFíníní i gcúirt.

Gairm Polaitiúil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thosaigh sé a ghairm mar pholaiteoir Tóraí ar Bardas Bhaile Átha Cliath. Bhí sé mar Theachta Parlaiminte i gcomhair Eochaill, Co. Chorcaí idir 1852 agus 1865, agus i gcomhair Luimneach idir 1871 agus 1879 (ins an olltoghchán i 1852, thógadh é sa dháilcheantar Harwich, i Sasana, ach rinne sé an cinneadh a bheith ina fheisire d'Eochaill).

Nuair a theip ar Éirí Amach nna bhFíníní i 1867, chuir é sin le creideamh Butt, gurbh é córas feidearálach an taon slí an tiamthriall leadránach de riarachán neamhleor agus Éirí Amachanna neamhinniúil a bhriseadh. Chosain sé ceannairí Éirí Amach na bhFíníní. Ó mí an Mheitheamh 1869, bhí sé mar Uachtarán ar an gCumann Maithiúnas, a bhunaíodh le cinntiú go ligfeadh amach na bhfíníní a bhí i bpriosún, thug P.F. Johnson tacaíocht dóibh.

Sa bhliain 1870 bhunaigh Butt an Comhlachas Rialtas Duchais. Ní eagracht réabhlóideach a bhí i seo in aon chor. Bhunaíodh é chun an poblacht a chur i bhfábhar Rialtas Dúchais. Chreid sé go gcuirfaidh Rialtas Dúchais an cairdeas idir Éire agus an Bhreatain chun cinn.

I mí na Samhna 1873 bhunaigh Butt, Léig an Rialtais Dúchais in áit an Comhlachas, bhreathnaigh sé ar an Léig mar bhrúghrúpa in ionad Páirtí Polaitíochta. San olltoghchán an bhlian dar gcionn, tógadh 59 dá baill. Mar sin féin, bhí cuid mhaith na fir a tógadh, seilbheoirí talún agus bhíodar níos mó ar son cúis na Liobrálaithe. Idir an dá linn, bhí Charles Stewart Parnell tar éis ballraíocht a ghlacadh sa Léig, le smaointe níos radacach ná cuid mhaith de baill an páirtí, agus tógadh chun na Parlaiminte é i bhfothoghchán i gContae na Mí i 1875.

Theip ar Butt na rudaí is mó a bhí ag teastáil ó mhuintir na hÉireann a fháil i Westminster: pardún a fháil ar son na bhFíníní ó 1867, cinnteacht seilbhe a fháil i gcomhair feirmeoirí tionóntachtaí agus Rialtas Dúchais. Cé gur oibrigh siad i dtreo na polaiteorí ón Léig a thógadh, bhí go leor Fíníní in aonacht le feirmeoirí tionónta míshásta leis an mbealach a bhí ag Butt billí a achtú, ach ní dhearna siad ionsaí poiblí air mar gur chosain sé na bhFíníní ó 1867. Mar sin féin, thosaigh ball den Léig, Joseph Biggar (comhalta sinsireach de Bhráithreachas Poblacht na hÉireann ag an am), ag bain an-chuid úsáid as an oirbheart "bacóireacht", chun bac a chur ar billí ag dul tríd Teach na dTeachtaí.

Tionchar ag Laghdú[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a chuaigh Parnell isteach sa Pharlaimint, rinne sé an rud céanna le John O'Connor Power agus Joseph Biggar agus rinne sé gaol le na baill Éireannach a tugfaidh tacaíocht dó leis an bhfeachtas bacóireacht. Bhí Teachta Parlaiminte ag an am in annn seas suas agus labhairt amach ar feadh comh fhada is gur míon leo ar aon ábhair gur míon leo. Chruthaigh é seo ruaille buaille sa Pharlaimint. I gcás amhán, níor stop siad ag caint i gcomhair 45 nóiméid gan-stad, ag cur bac ar aon billí ag dul tríd an Parlaimint. Ní raibh Butt, a bhí ag éirí sean agus i ndrochshláinte, in ann coimead suas leis an teaictic seo agus mheas sé go raibh sé fritorthúil. I mí Iúil 1877, rinne Butt bagairt éirigh as an bpáirtí má leanann an bacóireacht ar aghaidh, agus d'fhorbair deighilt idir é féin agus Parnell.

Tharla deireadh leis an scéal i mí na Nollaig 1878, nuair a ghlaoidh an Pharlaimint le chéile chun an cogadh ins an Afganastáin a phlé. Mheas Butt go raibh an plé seo reo thábhachtach d'Impireacht na Breataine agus ní chóir chur isteach ar trí bacóireacht agus thug sé rabhadh poiblí go na baill Éireannach staonadh ón mbacóireacht. Lean an Náisiúnaí John Dillonn ar aghaidh leis an mbacóireacht le tacaíocht maith go leor ó na baill eile ag cruinniú Léig an Rialtas Dúchais i mí Feabhra 1879. Cé gur chosain sé é féin le dínit, bhí a fhios ag Butt agus an domhan mór go raibh a am sa pháirtí críochnaithe.

Bhuail stróc Butt, a bhí ag fulaingt le broincíteas, mí an Bhealtaine dar gcionn agus fuair sé bás laistigh de sheactain. Thóg William Shaw a áit, agus thóg Charles Stewart Parnell áit Shaw i 1880.

Saol Pearsanta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]