Eaglais na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, eaglas aspalda Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Cuireadh ar bun ar dtús í mar chraobh d'Eaglais Shasana, agus mar sin níl Eaglais na hÉireann gníomhach ach in Éirinn.

Tá an eaglais eagraithe i ndeoisí, agus easpag i mbun gach ceann acu. Tá 350,000 míle ball ann ar fud na hÉireann, 275,000 i dTuaisceart Éireann agus 75,000 i bPoblacht na hÉireann.

Tá dhá chúige ag an eaglais, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath, agus Ardeaspag i gceannas orthu araon. Tá 12 deoise inti agus 422 paróiste.

Ardeaglais Phádraig, BÁC

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Eaglais na hÉireann aitheanta ag rialtas na Breataine mar eaglais oifigiúil na hÉireann ó aimsir an tAthleasú Creidimh sa 16ú haois go dtí gur díbhunaíodh í sa bhliain 1869. Ar an 26 Iúil 1869, rith Parlaimint Shasana an tAcht chun Eaglais na hÉireann a dhíbhunú

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh béim ó thús ar theanga na ndaoine a úsáid i searmanais agus i bpaidreacha.[1] Dá bhrí sin rinneadh aistriúchán ar Leabhar na nUrnaithe Coitianta agus ar an Tiomna Nua go Gaeilge.

Tá Leabhar na nUrnaithe Coitianta ar fáil i nGaeilge i gcónaí, agus rinne baill ghníomhacha na hEaglaise an-obair chun ábhar creidimh agus eile a sholáthar i nGaeilge ó thús. Chuir Coslett Ó Cuinn aistriúchán nua den Tiomna Nua ar fáil i 1970.

Dunlewy - Sign at derelict church - geograph.org.uk - 1189939.jpg

Tá cumann fá choinne na Gaeilge in Eaglais na hÉireann, Cumann Gaeilge na hEaglaise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eaglais na hÉireann. "An Ghaeilge agus Eaglais na hÉireann".