Comhdháil Phálás Buckingham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil Phálás Buckingham
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata


Pálás Buckingham. D'fhreastail ceannairí Éireannacha ar chomhdháil sa Pálás, i mí Iúil na bliana 1914, agus iad i mbun cainteanna i dtreo comhaontú maidir le Rialtas Dúchais a bhaint amach agus cogadh cathartha a sheachaint.

D’eagraigh Rí na Breataine, Seoirse V, comhdháil ag Pálás Buckingham ar 21-24 Iúil 1914 le teacht ar réiteach ar “fhadhb na hÉireann.” Thug sé cuireadh do cheannairí Pháirtí Parlaimint na hÉireann agus Aontachtóirí na hÉireann chun teacht le chéile.

Cé gur ghlac ceannairí móra ón dá thaobh páirt inti, ní raibh aon rath ar an gcomhdháil. Ach bhuail na ceannairí Náisiúnacha agus Aontachtacha don chéad uair lena chéile.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seoirse V

Bhí an caidreamh idir Náisiúnaithe Éireannacha agus Aontachtaithe ag dul in olcas. Bhí baol ann go mbeadh sé ina chogadh cathartha eatarthu.

Seán Éamonn Mac Réamainn, 1917

Sa bhliain 1912, tharla smuigléireacht gunnaí neamhdhleathach, i Latharna sa tuaisceart i mBinn Éadair) sa deisceart. D'eagraigh an dá thaobh ollghluaiseachtaí mhílíste (Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann). Ag tabhairt aghaidh ar bhaol an chogaidh chathartha, chinn an rí Seoirse V - Éirefhileach láidir ó a laethanta mar oifigeach cabhlaigh, bunaithe i gCorcaigh - ar idirghabháil a dhéanamh.

An Chomhdháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an chomhdháil i bPálás Buckingham idir an 21 agus 24 Iúil 1914. Cé go raibh ceist an rialtais dúchais ar an chlár oibre pholaitiúil ó na 1870idí, ba é í seo an chéad uair a bhuail na Náisiúnaithe agus Aontachtaithe le chéile. I measc iad siúd a bhí i láthair, bhí an Príomh-Aire H H Asquith, Lloyd George, ceannaire Pháirtí Parlaimint na hÉireann Seán Mac Réamainn, agus a ionadaí, Seán Diolún, Ar thaobh eile den tábla bhí ceannaire Chomhaontas Aontachtaithe na hÉireann, Edward Carson mar aon le Bonar Law, James Craig agus an Tiarna Lansdowne. Bhí Spéicéir Theach na dTeachtaí i gceannas.[1]

Faoi cheann an dara lá, thuig Asquith nach mbeadh aon réiteach le teacht gan mhoill ar an cheist cé hiad na contaetha a bheas curtha as an áireamh. Scríobh sé chuig leathbhádóir:

"I have rarely felt more helpless in any particular affair, an impasse with unspeakable consequences, upon a matter which to English eyes seems inconceivably small and to Irish eyes immeasurably big. Isn't it a real tragedy?"

[2]

Cuireadh an chomhdháil ar sheal i ndiaidh trí lá gan comhaontú. Thug gach taobh le fios, áfach, gur gníomh dearfa a bhí inti, le hAontachtaithe agus Náisiúnaithe, don chéad uair riamh, chun teacht le chéile. Tháinig tuiscint chun cinn is cosúil, idir Carson agus na Náisiúnaithe: má go mbeadh Ulaidh le bheith fágtha amach, gur chóir don Chúige fanacht amuigh ina n-iomláine.[3]

Bhain eachtraí san Eoraip na cosa ó na cainteanna, Cúpla seachtain níos déanaí, bhí tús curtha leis an An Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh an tAcht um Rialtais Dúchais ar fionraí i gcaitheamh an chogaidh. Bheadh iarracht eile le teacht ar réiteach sa bhliain 1917 agus Comhdháil na hÉireann.

Idirghabhálacha an Rí Seoirse V ar Éirinn, ina dhiaidh sin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an Rí Seoirse V a ladar féin isteach ar roinnt ócáidí ina dhiaidh sin ar Éirinn. Sa bhliain 1920 thug sé le fios go raibh sé in aghaidh iompar na nDúchrónach, fórsa paramhíleata, a bhí in úsáid ag Rialtas na Breataine le linn Chogadh na Saoirse, agus é i mbun idirghabháil neamhthorthúil chun Thomáis Mhic Churtáin a shábháil nuair a bhí sé ar stailc ocrais. Tar éis an tAcht Rialtais na hÉireann 1920 a bheithe rite, rinne sé achainí phaiseanta i gcomhair athmhuintearais in Éirinn agus é i mbun Parlaimint Thuaisceart Éireann a oscailt sa bhliain 1921, a chuir leis an ghlaoch ar son sos comhraic idir Phoblacht na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann, agus an bealach a réiteach don Chonradh Angla-Éireannach.[4]

Sa bhliain 1932 mhaoiligh sé an t-achrann idir Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann Éamon de Valera agus Seanascal Shaorstát Éirinn James McNeill. Chuaigh McNeill ar luathscor. D'admhaigh de Valera ina dhiaidh sin go raibh cáineadh rialtas na hÉireann gan údar.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Geoffrey Lewis, Carson, the Man who divided Ireland (2005), ISBN 1-85285-454-5
  • Alvin Jackson, HOME RULE, an Irish History 1800–2000, (2003), ISBN 0-7538-1767-5.
  • Thomas Hennessey, Dividing Ireland, World War 1 and Partition, (1998), ISBN 0-415-17420-1.
  • Jeremy Smith Bluff, Bluster and Brinkmanship: Andrew Bonar Law and the Third Home Rule Bill pages 161–174 from Historical Journal, Volume 36, Issue #1, 1993.
  • Robert Kee, The Green Flag: A History of Irish Nationalism (2000 edition, first published 1972), ISBN 0-14-029165-2.
  • W. S. Rodner eaguers, Covenanters, Moderates: British Support for Ulster, 1913–14 pages 68–85 from Éire-Ireland, Volume 17, Issue #3, 1982.
  • A.T.Q. Stewart The Ulster Crisis, Resistance to Home Rule, 1912–14, (Faber and Faber, London, 1967, 1979), ISBN 0-571-08066-9
  • Dorothy Macardle, The Irish Republic (Corgi, 1968)
  • Harold Nicolson, King George V
  • Frank Pakenham, Peace by Ordeal
  • Government of Ireland Act 1914

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Collins, M.E., Movements for reform 1870–1914, pp.142–3, Edco Publishing (2004) ISBN 1-84536-003-6
  2. Collins, M.E., Sovereignty and partition, 1912–1949, p. 34, Edco Publishing (2004) ISBN 1-84536-040-0
  3. Jackson, Alvin Home Rule: An Irish History 1800—2000 p.159-163, Phoenix Press (2003) ISBN 0-7538-1767-5
  4. Cox, W H. (1987). "King George V's speech at Stormont (1921): prelude to the Anglo-Irish truce". Éire-Ireland 22 (3): 43–57.