Ian Paisley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIan Paisley

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Ian Richard Kyle
Beathaisnéis
Breith(en) Ian Richard Kyle Paisley
6 Aibreán 1926
Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Meán Fómhair 2014
88 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCardiomyopathy (en) Aistrigh
Áit adhlacthaBaile Mhic Gabhann Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
18 Meitheamh 2010 – 12 Meán Fómhair 2014 (bás in oifig)
Céad Aire Thuaisceart Éireann
8 Bealtaine 2007 – 5 Meitheamh 2008
← David TrimblePeter Robinson →
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Bealtaine 2005 – 12 Aibreán 2010 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2005 –
Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

20 Iúil 1999 – 19 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999
Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Aibreán 1992 – 8 Aibreán 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994
Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
11 Meitheamh 1987 – 16 Márta 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Eanáir 1986 – 18 Bealtaine 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

24 Iúil 1984 – 24 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Meitheamh 1983 – 17 Nollaig 1985 (éirí as)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

17 Iúil 1979 – 23 Iúil 1984
Téarma parlaiminte: Céad Pharlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 48ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine 1979 – 13 Bealtaine 1983 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball den 47ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
10 Deireadh Fómhair 1974 – 7 Aibreán 1979 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball den 46ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
28 Feabhra 1974 – 20 Meán Fómhair 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ceannaire an Pháirtí Aontachtach Daonlathach
30 Meán Fómhair 1971 – 31 Bealtaine 2008
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
30 Meán Fómhair 1971 – 8 Feabhra 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Aontroim Thuaidh
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
18 Meitheamh 1970 – 30 Meán Fómhair 1971 (joining party (en) Aistrigh)
Toghcheantar: Aontroim Thuaidh

Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1973–74


Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síUnion School of Theology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileEileen Paisley (1956–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIan Paisley, Cherith Jane Kyle Paisley, Rhonda Elaine Kyle Paisley, Sharon Kyle Paisley, James Cassells Kyle Paisley Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJ. Kyle Paisley  agus Isabella Turnbull
Croineolaíocht
16 Samhain 1981Suspension from the UK parliament (en) Aistrigh
Cúis leis seo: disorderly conduct (en) Aistrigh
12 Feabhra 1981Suspension from the UK parliament (en) Aistrigh
Cúis leis seo: disorderly conduct (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0656945 Discogs: 1252548 Find a Grave: 135792113 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir agus eaglaiseach i dTuaisceart Éireann ab ea an tOirmhinneach Ian Richard Kyle Paisley, Barún Thaobh na Banna, CB (6 Aibreán 1926 - 12 Meán Fómhair 2014).

Teachta Parlaiminte d'Aontroim Uachtarach a bhí ann ón mbliain 1970 go 2010, agus comhalta i Stormon (nó Tionól Thuaisceart Éireann) ó 1998 go 2011.

Bhí sé de mhisneach ag Paisley beart a dhéanamh de réir a chuid tuairimí. Ach tharraing sé go leor conspóide as ucht a chuid argóintí ar an bpoblachtánachas in Éirinn agus ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Ian Paisley ar 6 Aibreán 1926 in Ard Mhacha. Ach d'fhás sé aníos i mBaile Meánach, áit a raibh a athair ina mhinistir do na Baistithe Neamhspleácha.

B'é a mháthair, Isabella Paisley ó Albain, a chuir i dtreo an tSoiscéalachais é nuair a bhí sé sé bliana d'aois.

Nuair a chríochnaigh sé a chuid scolaíochta i mBaile Meánach, chuaigh sé ag obair ar fheirm i gContae Thír Eoghain.

Preispitéireachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Paisley ar duine acu a bhunaigh Eaglais Shaor-Phreispitéireach Uladh agus ina Mhodhnóir ar an eaglais chéanna.

Nuair a bhí Paisley ina dhéagóir, agus an dara cogadh domhanda ar siúl, mhothaigh Paisley gur chóir dó dul le reiligiún mar shlí bheatha, agus rinne sé staidéar ar an diagacht i gcoláiste bunúsaíoch sa Bhreatain Bheag agus i mBéal Feirste, cé nár bhain sé amach céim i gceachtar den dá scoil.

Oirníodh Paisley mar mhinistir Protastúnach i mBéal Feirste sa bhliain 1946. Bhí ministrí ó cheithre eaglais éagsúla páirteach sa t-searmanas, ach bhí sé ina ábhar conspóide i gcónaí, an raibh údarás ceart eaglasta acu le páirt a ghlacadh nó le dintiúirí a bhronnadh ar Phaisley. Ina dhiaidh sin, bhí deacrachtaí ag Paisley cead seanmóireachta a fháil ón Eaglais Phreispitéireach, agus sa deireadh thiar thall, bhunaigh sé agus lucht a thacaíochta an Eaglais Shaor-Phreispitéireach ar an gCrois Ghearr ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1951.

Séipéal Saor-Phreispitéireach Bhaile na hInse, Samhain 2010

An dochtúireacht a bhí ag Paisley, ba dochtúireacht oinigh é a fuair sé ó Ollscoil Bob Jones. Coláiste bunúsaíoch Críostaí is ea an ollscoil seo agus í lonnaithe i nGreenville i gCarolina Theas sna Stáit Aontaithe. Bhí Paisley mór le mac an fhir a bhunaigh an ollscoil, Bob Jones Jr., ceannaire bunúsaíoch Críostaí sna Stáit a fuair bás sa bhliain 1997. Bhí dlúthchaidreamh ag Paisley le hOllscoil Bob Jones, agus é ag labhairt go poiblí ansin ó am go ham.

Bhunaigh Paisley nuachtán dá chuid féin, an Protestant Telegraph, lena theachtaireacht féin a reic. Níos déanaí, bhí suíomh gréasáin aige, Institiúid Eorpach an Léinn Phrotastúnaigh[2], a dhéanann an gnó céanna. Bhí an dúrud leabhar, bileog agus paimfléad scríofa aige ina bpléann sé cúrsaí an reiligiúin agus na polaitíochta, agus a chuid scríbhinní á ndíol go fairsing sna Stáit Aontaithe féin, rud a chinntíonn teacht isteach maith do Phaisley agus a mhuintir.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

1950idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fish and Chip Shop, For Cod and Ulster, East Belfast

Sa bhliain 1956, bhunaigh Paisley agus roinnt Phrotastúnach eile an eagraíocht úd UPA, nó Gníomhaíocht Phrotastúnach Uladh. Bhí cuid mhór de bhunaitheoirí na heagraíochta seo le ról tábhachtach a dhéanamh i saol na nAontachtóirí sna blianta a bhí le teacht. Go bunúsach, bhí an tUPA ceaptha le haghaidh téisclime roimh ionsaithe an IRA trí dhaoine saorthoilteanacha as measc an phobail a earcú le dul ar patról, trí bharacáidí a thógáil agus trí shúil a choinneáil ar dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ag comhoibriú leis an IRA. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh gá le gníomhaíocht shaorthoilteanach den chineál sin san am, ós rud é gurbh é Feachtas na Teorann an chloch ba mhó ar phaidrín an IRA san am. Mar sin féin, fágadh struchtúr an UPA gníomhach, agus bhain Paisley úsáid as lena theachtaireacht féin a reic ag cruinnithe. B'ansin a tharraing sé súil an tsaoil mhóir air féin an chéad uair, agus é ag tarraingt trioblóide agus corraíola lena chuid óráidí binbe.

1960idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

2008 - Signing of the Joint Agreement between Scotland and Northern Ireland (Ian Paisley agus Máirtín Mag Aonghusa).

Sna seascaidí, bhí Paisley ar thús cadhnaíochta ag cur in aghaidh an dóigh a raibh Terence O'Neill, príomh-aire an Tuaiscirt, ag iarraidh comhréiteach a shocrú agus spiorad dea-chomharsanachta a chothú le Poblacht na hÉireann.

B'ionann sin, dar le Paisley, agus tréas, go háirithe nuair a chuaigh an Niallach i dteagmháil phearsanta le Seán Lemass, Taoiseach na Poblachta. Cé gur pragmatach agus praiticiúil ab ea Lemass, cosúil leis an Niallach féin, bhí Paisley an-mhímhuiníneach as, ó ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca ina óige. Chuir Paisley in aghaidh iarrachtaí an Niallaigh cearta mionlaigh a bhronnadh ar na Caitlicigh agus stop a chur le cleachtais áirithe a bhí ag buanú drocháit na gCaitliceach sa tsochaí, ar nós chlaonroinnt na dtoghlach.

1964[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1964, d'éiligh Paisley ar Chonstáblacht Ríoga Uladh go mbainfí trídhathach na hÉireann d'oifigí Shinn Féin i mBéal Feirste agus comhlíonadh an t-éileamh seo.

B'é an mana a bhí ag Paisley ná "ní ghéillfear!"[1], is é sin, níor chóir cearta sibhialta ar bith a ghéilleadh do na Caitlicigh, ós rud é gur dual dóibh bheith mídhílis don Choróin. Bhí Paisley go minic anuas ar chomharbaí Uí Néill, mar atá, Brian Faulkner agus James Chichester-Clark, toisc nach raibh siad sách dian ar na Caitlicigh, dar le mo dhuine.

2011

1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí na Márta 1969, chaith Paisley seal sa phríosún in éineacht le Major Ronald Bunting. Bhí an bheirt sin i ndiaidh frithléirsiú neamhdhlíthiúil a chóiriú mar agóid in aghaidh an mhórshiúil a bhí ag Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann (NICRA) in Ard Mhacha. D'fhág Paisley an príosún nuair a fuair ciontóirí polaitiúla pardún ginearálta.

Íorónta go leor, cé gur Protastúnach a bhí ann, chuaigh mac Ronald Bunting, Ronald Óg nó Ronnie Bunting le Poblachtánachas ina dhiaidh sin, agus é ar duine de bhunaitheoirí an INLA.

Ian Paisley (ar chlé) le George W. Bush agus Máirtín Mag Aonghusa (2007)

1970idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 16 Aibreán 1970, bhuaigh Paisley suíochán i bParlaimint Thuaisceart Éireann. Ansin ar an 18 Meitheamh 1970, toghadh Paisley chun na parlaiminte i Westminster. Bhí air cúl a thabhairt lena shaol príobháideach nuair a thug sé aghaidh ar an bpolaitíocht. Bhí Paisley ansin ina cheannaire ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach ón bhliain 1971 go 2008[2]

De réir cáipéisí de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe a tháinig chun solais sa bhliain 2002, d'fhéach Paisley le comhréiteach a bhaint amach leis an SDLP sa bhliain 1971, agus an Rúnaí Caibinéid Sior Burke Trend ina idirghabhálaí eatarthu. Thug Paisley le fios go bhféadfadh sé "socrú a chur ar bun leis na ceannairí Caitliceacha agus córas nua rialtais a thógáil ar an dúshraith seo".

Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuair Paisley ach an dubheiteach, nuair a tuigeadh don SDLP go mbeadh an comhréiteach seo féin ag fabhrú do na hAontachtóirí i gcónaí. Seo an méid a bhí le rá ag Paisley féin i dtaobh an chomhréitigh:

Ní raibh an SDLP sásta téanachtaint linn an bealach ba mhian linn. Ní dhéarfainn go raibh comhchainteanna ann, ach d'éist muid le tuairimí is le dearcaíocha a chéile, ach níor tháinig aon fhorbairt air sin. Bhí muid ullamh triail a bhaint as dóigheanna nua le Tuaisceart Éireann a rialú, iontas go mbeadh lucht an dá chreideamh sásta leis an gcineál rialtais a bheadh ann, ach b'é an eochair é go gcaithfeadh an duine a raibh an chumhacht aige an chumhacht sin a fháil ó na daoine.
14 Bealtaine 2007

Bhí Paisley míshásta leis an dóigh ar chuir rialtas Edward Heath Parlaimint Thuaisceart Éireann ar fionraí sa bhliain 1972 leis an stáitín a rialú go díreach ó Londain.

Chuir Paisley in aghaidh Chomhaontú Sunningdale, arbh iarracht uaillmhianach é le baint Phoblacht na hÉireann, Thuaisceart Éireann agus na Ríochta Aontaithe le chéile a athshainiú ó bhonn. Bhí an comhaontú seo ag gealladh comhrialtas an dá phobal (nó Coiste Feidhmiúcháin Cumhachtroinnte), chomh maith le Comhairle na hÉireann a nascfadh an dá stát ar oileán na hÉireann ar leibhéal dlíthiúil (cé nach n-athródh sí stádas bunreachtúil an stáitín). Bhí an-pháirt ag lucht leanúna Paisley sa stailc a chuir comhaontú Sunningdale ar neamhní.

An Eoraip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Paisley ina Fheisire Eorpach do Thuaisceart Éireann sna blianta 1979-2004.

Ord Oráisteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Paisley ina baill de na Printisigh, eagraíocht na nDílseoirí i nDoire. Bhí sé ina bhall den Ord Oráisteach freisin, tráth. Sa bhliain 1962, áfach, chuaigh ball sinsearach dá lóiste ag éisteacht Aifrinn Chaitlicigh. D'éirigh Paisley as an eagraíocht mar agóid, nuair nach bhfuair an "fealltóir" an pionós ba chuí dó, dar le Paisley. Bhí baint aige leis an Ord Oráisteach Neamhspleách, agus é ag óráidíocht ar a bhfeis siúd gach bliain, ar an dóú lá déag de Mhí Iúil.

Ar Scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eileen Paisley

Tar éis do Paisley éirí as Teach na dTeachtaí, uaislíodh é ar an 18 Meitheamh 2010 nuair a rinneadh Barún Thaobh na Banna, as Aontroim Thuaidh i gContae Aontroma, de.

Ba bhall Paisley de Chomhairle na Banríona.

Fuair sé bás ar 12 Meán Fómhair 2014.[3]

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé pósta ar Eileen Paisley, agus bhí cúigear clainne acu. Chuaigh Rhonda agus Ian le polaitíocht, ar nós a n-athara.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó "bás nó bua!" nó "deamhan géilleadh" (no surrender)
  2. RTE.ie - 31 Bealtaine 2008 - Robinson replaces Paisley as DUP leader
  3. [1] Fógra mairbh ón BBC, arna rochtain ar 12 M.F. 2014

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]