Jump to content

David Trimble

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDavid Trimble

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Deireadh Fómhair 1944
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Iúil 2022
77 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
Ról an ábhair: tiarna saoil
2 Meitheamh 2006 – 25 Iúil 2022
Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)


Céad Aire Thuaisceart Éireann
6 Samhain 2001 – 14 Deireadh Fómhair 2002
← Reg EmpeyIan Paisley →
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Bhanna Uachtarach

Céad Aire Thuaisceart Éireann
1 Iúil 1998 – 1 Iúil 2001
← luach ar iarraidh – Reg Empey →
Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Bhanna Uachtarach

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
1997 –
12 Ceannaire Pháirtí Aontachtaithe Uladh
8 Meán Fómhair 1995 – 24 Meitheamh 2005
← James Molyneaux, Baron Molyneaux of Killead (en) AistrighReg Empey →
Ball den 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Aibreán 1992 – 8 Aibreán 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Bhanna Uachtarach

Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
17 Bealtaine 1990 – 16 Márta 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Bhanna Uachtarach

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste - Baitsiléir Dlíthe
Coláiste Elizabethtown
Bangor Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus próiseas síochána
Suíomh oibre Londain
Tuaisceart Éireann
Cúige Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, múinteoir ollscoile, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach
Páirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalBarún Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDaphne Orr (1978–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNicholas Trimble Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Trimble  agus Ivy Trimble
Gradam a fuarthas

Veu de David Trimble Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáindavidtrimble.org Cuir in eagar ar Wikidata

Iar-pholaiteoir i dTuaisceart Éireann ab ea David Trimble, an Barún Trimble, PC[1] (15 Deireadh Fómhair 194425 Iúil 2022, 77 bliain d'aois), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus ina Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Stormont ó 1998 go 2002.

Tugadh Duais Nobel na Síochána do David Trimble agus John Hume an SDLP mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána sa Tuaisceart agus an bhaint mhór a bhí acu le Comhaontú Aoine an Chéasta.[2]

Rugadh David Trimble i mBeannchar i gcontae an Dúin. Scoláire i rannóg dlí Ollscoil na Banríona i mBéal Feiste ab ea é. Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste.

2001

Chuaigh sé leis an bpolaitíocht sna 1970idí. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA).

2009

Bhí sé ina bhall den eagraíocht aontachtach Vanguard. I 1975, Bhí a cháil amuigh ar feadh i bhfad mar bhunúsaí aontachtach.

Bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP, a raibh ceangal aige leis an bparamíleatachas), in éineacht le Glenn Barr ón UDA.

2007

Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.

Chuaigh Trimble isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978.

Bhí sé ansin gur toghadh é ina Fheisire Parlaiminte i Westminster don Bhanna Uachtarach i 1990.[3]

Sa bhliain 1995, bhí tuairimí an-docht ag Trimble i dtaobh an Aontachais.

Ar 11 Iúil 1995, bhí sé le feiceáil ar cheann na paráide de chuid an Oird Oráistigh (uillinn ar uillinn le Ian Paisley) ar Bhóthar an Gharbhachaidh le linn aighnis Dhrom Chrí i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha.[4]

Ar 8 Meán Fómhair 1995, agus a cháil amuigh níos mó ná riamh mar bhunúsaí Aontachtach, chuaigh Trimble i mbun cheannasaíocht an pháirtí. Toradh gan choinne a bhí ann; cheap na meáin go go mbeadh an bua ag John Taylor, de chuid eite mheasartha an pháirtí.

Bhí Trimble ina cheannaire ar an UUP idir 1995-2005,

Sa bhliain 1996, chuaigh Trimble i mbun idirbheartaíochta le Billy Wright, sceimhlitheoir agus síceapatach. Cúis náire ba ea an beart seo níos déanaí.[5]

Tháinig athrú ollmhór ar a mheon le linn 1997-1998 nuair a chonaic sé go raibh an tIRA i ndáiríre dul ar aghaidh leis an bpróiseas síochána. Léirigh an Trimbleach “crógacht thar na bearta” le linn na gcainteanna síochána, agus easaontas agus aighneas ina pháirtí féin, an UUP.[2]

Níos déanaí sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aitheantas ar an obair a rinne siad ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta thabhairt ar an saol.

Toghadh an Trimbleach ina Chéad Aire ar Chomhthionól Stormont i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Ba é an chéad pholaiteoir sa ról sin ar ndóigh, é féin agus Seamus Mallon ón SDLP ag obair as lámha a chéile faoin chóras d'Hondt [6]

Bhí Trimble ina Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Stormont go dtí 2002. . Bhí tréimhse an-challánach i ndán don Chomththionól sna luath-bhlianta, é ar fionraí go mion-minic de bharr easaontas, go háirithe ar cheist an díchoimisúnaithe de chuid an IRA. Ach d'oibrigh sé go dian sna blianta a tháinig i ndiaidh an Chomhaontaithe lena chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm ina iomlán é.

Choinnigh David Trimble a phost i ndiaidh dó féin ar dtús agus don pháirtí “aontú” ar pholasaithe na n-easaontóirí.[7] Ach sa bhliain 2002, bhí muinín sa phróiseas síochána ag titim as a chéile agus bhí an Trimbleach ag déanamh na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile.[8]

D'éirigh Trimble as ceannasaíocht an UUP i 2005 nuair a theip air suíochán a bhaint amach in Olltoghchán na Breataine.

Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. Ar an 17 Aibreán 2007 d'fhág sé páirtí an UUP agus ghlac sé ballraíocht i bPáirtí Caomhach na Breataine.

Fuair sé bás ar 25 Iúil 2022 " tar éis tinneas gearr", agus 77 bliain in aois dó.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Rí-Chomhairle na Ríochta Aontaithe
  2. 2.0 2.1 "David Trimble, buaiteoir Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-26.
  3. Nuacht RTÉ (2022-07-26). "Teagascóir le dlí a chuaigh le callán na polaitíochta" (as ga). 
  4. "Drumcree conflict" (as en) (2022-07-06). Wikipedia. 
  5. Jilly Beattie (2022-07-25). "David Trimble’s journey from Drumcree hardliner to peace prize winner" (en). BelfastLive. Dáta rochtana: 2022-07-26.
  6. Nuacht RTÉ (2022-07-26). "Ómós á léiriú d'iarcheannaire an UUP David Trimble" (as ga). 
  7. Robert McMillen (D.F 2002). "An cath caillte ag Trimble" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-26.
  8. Robert McMillen (EAGRÁN 15 · IÚIL 2002). "Ábhar dóchais i dtuaisceart Aontroma" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-26.