Jump to content

Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
(en) Social Democratic and Labour Party Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnThe Red Flag Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrSDLP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas sóisialach
Éire Aontaithe
Náisiúnachas in Éirinn
Eorpachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh24 Lúnasa 1970
Bunaitheoir(í)Gerry Fitt Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePáirtí na Sóisialaithe Eorpach
Idirnáisiúntas Sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtJoe Byrne Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtSDLP Youth (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsdlp.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: SDLPlive Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí Náisiúnaíoch i dTuaisceart Éireann is ea Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO)[1] (as Béarla, Social Democratic and Labour Party, SDLP). Páirtí daonlathach sóisialach is ea é atá ina chomhalta den Idirnáisiúntán Sóisialach. Tá Claire Hanna ina ceannaire ar an pháirtí ó 2024.

Is é Ógra PSDLO an eagraíocht don aos óg.

Ag tús na bliana 1970, ní raibh Na Trioblóidí ach ina dtús ach ba léir do John Hume go raibh géarghá le páirtí polaitíochta a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an phobal Náisiúnach ó thuaidh.

Bhí seisear feisirí náisiúnacha i Stormont ag an am. Toghadh Hume mar fheisire neamhspleách agus bhí aithne mhaith aige ar bheirt fheisirí neamhspleácha eile – Ivan Cooper agus Paddy O’Hanlon – ón am a chaith siad i ngluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt.  Bhí an triúr acu ar aon intinn gur cheart páirtí nua a bhunú agus chuaigh siad i mbun cainteanna leis an triúr feisirí eile: Gerry Fitt (Páirtí Phoblachtach an Lucht Oibre), Austin Currie (An Páirtí Náisiúnach) agus Paddy Devlin (Páirtí an Lucht Oibre, Tuaisceart Éireann, (páirtí a bhí ceangailte le Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann).[2]

Chonacthas do Devlin agus Fitt gur bhain siad leis an traidisiún sóisialach agus bhí tuairimí láidre acu beirt faoin lucht oibre. Dar le Hume ba dhaonlathach sóisialta agus ní sóisialach é. Ní ó scoil ghramadaí a tháinig Fitt agus murab ionann agus Hume, féinoilte a bhí sé. Ba mhór ag Fitt a neamhspleáchas agus bhí drogall air a bheith ina bhall de pháirtí…

Ar an 21 Lúnasa 1970, seoladh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) in Óstán an Grand Central i mBéal Feirste. Roghnaíodh Gerry Fitt mar cheannaire an pháirtí agus John Hume mar Thánaiste.

Tháinig an-chuid den bhallraíocht ó na Daonlathaigh Náisiúnaíocha[3] (an National Democratic Party), páirtí beag náisiúnaíoch a díscaoileadh é féin i ndiaidh an PSDLO a bheith bunaithe.

Ar dtús, dhiúltaigh an PSDLO polasaí an Pháirtí Náisiúnaigh (sé sin 'neamhfhreastalachas') agus rinne sé iarracht troid ar son chearta sibhialta laistigh den chóras reatha i Stormont. Mar sin féin, tháinig an PSDLO go tapa ar an tuairim go raibh Stormont do leasuithe, agus tharraing sé siar as a bheith rannpháirtíocht sa pharlaimint.

I ndiaidh Pharlaimint Thuaisceart Éireann a bheith cealaithe, tháinig an PSDLO chun cinn mar an dara pháirtí is mó, agus an páirtí is mó sa phobail náisiúnaigh, sna toghcháin don Tionól nua san Tuaisceart a bunaíodh sa bhliain 1973: Bhuaigh an páirtí 19 as 75 suíochán. Ba é an PSDLO ceann de na páirtithe ghlac páirt sna caibidlíocht sin a bhí mar thoradh ar shíniú Chomhaontú Sunningdale, agus ina dhiaidh sin bunaíodh an fheidhmeannas comhroinnte cumhachta i mí Eanáir 1974. Ghlac Gerry Fitt, ceannaire pháirtí an PSDLO, oifige mar Leas Phríomhfheidhmeannach, sa rialtas taobh le Pháirtí Aontachtach Uladh (faoi stiúir Brian Faulkner) agus Páirtí na Comhghuaillíochta. Bhí an Tionól agus an Feidhmeannas gearrshaolach, áfach, agus thit sé tar éis cheithre mhí, mar gheall ar an fhreasúra leanúnach laistigh den phobal aontachtach a chuir ina aghaidh an chomhaontaith. Níor shuí an páirtí sa rialtas arís go ceann 25 bliain ina dhiaidh sin.

Cé gur chas John Hume agus Gerry Adams (Sinn Féin) lena chéile den chéad uair i 1986, cuireadh tús foirmeálta le cainteanna Hume-Adams ag tús na bliana 1988. Glactar leis go forleathan gur lúb thar a bheith tábhachtach ab ea na cainteanna sin i slabhra phróiseas na síochána agus i gComhaontú Aoine an Chéasta a d’eascair as.[2] Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnaíoch ba mhó i dTuaisceart Éireann roimh na 2000idí.

Nichola Mallon, 2014
Claire Hanna, 2015

Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnach is mó i dTuaisceart Éireann ó aimsir a bhunaithe go dtí tús an 21ú haois. Sa bhliain 1998, d'éirigh sé ina pháirtí is mó ar an iomlán ó thaobh vótaí faighte, an chéad uair (go dtí seo) a bhain páirtí náisiúnach é seo amach. Bhuaigh Sinn Féin níos mó suíocháin agus vótaí ná an PSDLO don chéad uair sa bhliain 2001 san Olltoghchán do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus sa bhliain 2003 sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann

Thosaigh an páirtí ag dul ar gcúl sna toghcháin nuair a scor John Hume. Níor sheas Hume sa bhliain 2004 sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa agus theip ar an PSDLO an suíochán a choinneáil a bhí ag Hume ón bhliain 1979.

Fuair Sinn Féin an ceann is fearr ar PSDLO, sna blianta tosaigh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus lean an patrún sin ó shin. Nuair a toghadh Colum Eastwood ina cheannaire i mí na Samhna 2015 bhí 3 fheisire Parlaiminte agus 14 Teachta Tionóil ag an bpáirtí, é féin ar dhuine acu.

I dtoghchán Stormont 2016 fuair an PSDLO 12 suíochán agus thit an vóta 2%. An bhliain dár gcionn, i dtoghchán eile nuair a laghdaíodh líon na dTeachtaí Tionóil ó 108 go 90 choinnigh siad an 12, ceann de bhuaicphointí a ré.

I gcúrsaí Westminster chaill siad na trí shuíochán Parlaiminte in olltoghchán Westminster 2017 le 11.7% den vóta ach in 2019 bhí buaicphointe eile ag Eastwood agus é féin agus Claire Hanna ag buachan dhá shuíochán ar ais sa bhFeabhal agus i ndeisceart Bhéal Feirste le móraimh ollmhóra; choinnigh siad an dá shuíochán sin i mbliana le vóta laghdaithe.[4]

Colum Eastwood FP, Ceannaire an Pháirtí (ó 2015 go 2024)

Sa thoghchán an Tionóil sa bhliain 2022, níor choinnigh an páirtí ach ocht as 12 suíochán, cor a d’fhág nach raibh dóthain teachtaí acu le bheith páirteach sa bhFeidhmeannas in Stormont. Chaill siad 4 shuíochán agus ní raibh siad i dteideal aireachta sa bhFeidhmeannas le 8 dTeachta ar 9% den vóta.[4]

Agus sa bhliain 2023, buaileadh buille trom ar an PSDLO sa Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023. Chaill an páirtí 20 suíochán sa toghchán, le 39 Comhairleoir as an 462 atá ar 11 údarás áitiúil; níos lú ná ionadaí amháin as gach naonúr.[5]

In 2024, ba é an SDLP a dhiúltaigh don chuireadh chuig an Teach Bán Lá ‘le Padraig 2024 mar gheall ar ról Mheiriceá agus Joe Biden sa chogadh in Gaza ach níor léir gur thug na vótálaithe luach saothair dóibh ar a shon san olltoghchán cé go raibh na mílte ag agóidíocht faoin gceist. Bhí Colum Eastwood I bhfad níb fhearr ná éinne eile sna díospóireachtaí raidió agus teilifíse réamhthoghcháin ach níor shaothraigh an páirtí díbhinn.[4]

San Olltoghchán na R-A 2024 i dTuaisceart Éireann, choinnigh an PSDLO an dá shuíochán a bhí acusan in 2019. B'iad Colum Eastwood (An Feabhal) agus Claire Hanna (Béal Feirste Theas agus an Dún Láir) beirt fheisirí an PSDLO.

Ar an 5 Deireadh Fómhair 2024, bhí Claire Hanna ceaptha ina Ceannaire ar an Pháirtí.[6]

Bhí sé mar aidhm ag bunaitheoirí an pháirtí gluaiseacht pholaitiúil a bhunú i gcomhair náisiúnaithe bunreachtúla a bhí i gcoinne fheachtas paraimíleata na nÓglach Sealadach (nó an tIRA). Ba mhian leo feachtas chun cearta sibhialta do Chaitlicigh agus Éire Aontaithe a bhaint amach, tré mhodhanna síochánta bhunreachtúla.

Mar sin féin, áitíonn daoine eile, mar a thugann an t-ainm le fios, go raibh an bhéim ar dtús ar pháirtí sóisialta-daonlathach, seachas ar pháirtí náisiúnach a chur ar bun.

Lean an díospóireacht seo idir daonlathas sóisialta agus náisiúnachas ar feadh an chéad deich mbliana de shaol an pháirtí. Níos déanaí ar aghaidh, mhaífeadh bunaitheoir agus céad cheannaire an pháirtí Gerry Fitt - a bhí roimhe sin ina iarcheannaire ar 'Pháirtí Poblachtach an Lucht Oibre', páirtí a bhí go follasach sóisialach - gurb é cinneadh an pháirtí 'Comhairle na hÉireann' a éileamh mar chuid de Chomhaontú Sunningdale, a léirigh cathain go díreach ar ghlac an páirtí clár oibre soiléir náisiúnach. D'fhág ​​sé an páirtí ina dhiaidh sin, sa bhliain 1979, ag rá nach raibh sé a thuilleadh mar an pháirtí a bhí i gceist aige ón tús.

Bíonn roinnt den tuairim go bhfuil an PSDLO i dtús báire ina pháirtí ar son leasa na gCaitliceach meánaicme, le vótálaithe comhchruinnithe i gceantair thuaithe agus sna haicmí gairmiúla, seachas ina fheithicil ar son náisiúnachais na hÉireann. Diúltaíonn baill eile an argóint seo, ag cur in iúl go bhfuil gur fhoilsigh siad sa bhliain 2005 cáipéis ina leagadh amach a bpleananna d'Éire aontaithe.[4]

Leas-Cheannairí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Anois: ---

Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Comhalta den Tionól Reachtach Toghlach Nótaí
Pat Catney Gleann an Lagáin Urlabhraí ar Choireacht
Sinead Bradley An Dún Theas Urlabhraí ar Gheilleagar
Mark H. Durkan An Feabhal Urlabhraí ar Shláinte
Colum Eastwood An Feabhal Ceannaire páirtí (2015–2024)
Claire Hanna Béal Feirste Theas Urlabhraí ar Airgeadas
Nichola Mallon Béal Feirste Thuaidh Leas-Cheannair (ó 2017), Urlabhraí ar Phobail
Daniel McCrossan Tír Eoghain Thiar Urlabhraí ar Bhonneagar
Patsy McGlone Ulaidh Láir Urlabhraí ar an nGeilleagar, Leas-Cheannaire (2010-2011)
Colin McGrath An Dún Theas Urlabhraí ar Oideachas
Justin McNulty Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha
Dolores Kelly An Bhanna Uachtarach Urlabhraí ar Oifig na Feidhmeannaigh
John Dallat Doire Thoir)

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ""Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.
  2. 2.0 2.1 "Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-15). Dáta rochtana: 2023-11-20.
  3. "National Democratic Party (Northern Ireland)" (as en) (2023-02-16). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Póilín Ní Chiaráin (2024-09-01). "Ní léir an sábhálfaidh athrú ceannaireachta an SDLP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-16.
  5. Póilín Ní Chiaráin (4 Meitheamh 2023). "Feartlaoi an SDLP á scríobh róluath…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-04.
  6. RnaG / Adhmhaidin (7 Deireadh Fómhair 2024). "Claire Hanna" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-16.