Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022
Reáchtáladh Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann ar 5 Bealtaine 2022. Bhí 90 suíochán ar fad sa chomhthionól; toghadh 5 feisire tionóil as gach ceann de 18 toghlach ar fud Thuaisceart Éireann.[1]
An feachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Sinn Féin chun tosaigh ar gach páirtí eile sna pobalbhreitheanna réamhthoghcháin.[2] An costas maireachtála an téama is mó a bhí ag Sinn Féin. Ach cnámh spairne mhór a bhí sa Phrótacal Thuaisceart Éireann agus an mhíshástacht a bhí cothaithe aige, i measc an DUP ach go háirithe.[3] Bhí sé ráite ag an DUP nach nglacfaidh siadsan páirt i bhfeidhmeannas nua mura dtéitear i ngleic le Prótacal an Tuaiscirt, an cheist is mó atá ag déanamh tinnis dóibh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.
Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an bpríomh-pháirtí aontachtach,an DUP. Don chéad uair riamh, ní raibh ag páirtí aontachtach an móramh sa Tuaisceart
Seo an toradh iomlán agus comparáid leis an toghchán deiridh i 2017 idir na lúibíní.[4]
- Sinn Féin 27 (Níl aon athrú i líon na suíochán)
- DUP 25 (-3)
- Alliance 17 (+9)
- UUP 9 (-1)
- SDLP 8 (-4)
- Eile 4
Bhí Alliance sásta le toradh an toghcháin go háirithe, a líon suíochán dúbailte aige go 17. Maidir le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus an páirtí náisiúnach SDLP, chonaic siadsan laethanta i bhfad ní ab fhearr sa Tuaisceart, an 2 pháirtí ba láidre ag bunú an chomhthionóil i 1998. Ní raibh aon suíochán ag Comhaontas Glas i gComhthionól Stormont sa bhliain 2022 i ndiaidh dhó an péire a bhí aige ón toghchán 2017 a chailleadh.
De réir na bhforálacha, ba le Sinn Féin post na céad-aireachta, cé go raibh an stádas céanna aige go hoifigiúil le post na leaschéad-aireachta a gcaithfear é a bhronnadh sa gcás seo ar an DUP.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-08). "6 mhí atá ag páirtithe ó thuaidh le rialtas a bhunú" (in ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Vótaí á gcomhaireamh i dtoghchán Chomhthionól Stormont" (in ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-08). "'Caithfear ceist an phrótacáil a réiteach'-Coveney" (in ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Toghchán Chomhthionól Stormont: Sinn Féin chun cinn" (in ga).