Jeffrey Donaldson
Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Jeffrey Mark Donaldson (a rugadh ar an 7 Nollaig 1962). Is é ceannaire an Páirtí Aontachtach Daonlathach é. Luaitear Donaldson le heite mheasartha an pháirtí (an eite lenar bhain Arlene Foster chomh maith).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
As Cill Chaoil i gcontae an Dúin é Donaldson.
Ba chol ceathrar leis, Samuel Donaldson, an chéad phóilín a maraíodh i bpléasc de chuid an IRA le linn na dTrioblóidí.[1] Labhair sé féin cheana faoin tubaiste sin agus dúirt gurbh é an marú sin a spreag é le dul leis an bpolaitíocht.
Sé bliana déag a bhí sé nuair a lean nós a mhuintire agus ghlac ballraíocht san Ord Oráisteach agus ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i Reisimint Chosanta Uladh (UDR), mar a rinne a athair roimhe.
Bhí Donaldson ina ghníomhaire toghlaigh ag an bhfeisire Enoch Powell ó 1983 go 1985.
Polaiteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuaigh Donaldson isteach le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus é ina fhear óg. Ní raibh sé ach 22 bliain d’aois nuair a toghadh é i bhfothoghchán chun an Tionóil in Stormont i 1985, an duine ab óige riamh a fuair suíochán ansin.[1]
Dúirt Donaldson go bhfuil seisean beo inniu, a bhuíochas do ghníomhaire (Donald Donaldson b'fhéidir) a thug foláireamh dó faoi ionsaí a bhí beartaithe air.[2]
I mí Bealtaine 1997, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte (Westminister) do Gleann an Lagáin.
Bhí aighneas idir é féin agus ceannaire a pháirtí, David Trimble faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus shiúil sé amach ó chainteanna na síochána mar nár aontaigh sé gur cheart príosúnaigh phoblachtacha agus aontachtacha a shaoradh sula raibh a dtéarma príosúin déanta acu.
In 2003, d’fhág Donaldson, Arlene Foster agus Norah Beare an UUP agus ghlac sé ballraíocht san DUP in Eanáir 2004.
Rinne Banríon Eilís Shasana ridire de Donaldson in 2016 mar aitheantas ar a chuid oibre i saol na polaitíochta. Bhí sé ina phríomhaoire agus ina urlabhraí ar an gcosaint agus ar chúrsaí gnó ag an DUP in Westminster.[1]
I mí an Mheithimh 2021, bhí Donaldson ceaptha ina cheannaire ar an DUP. Ceapadh é gan toghchán mar nach raibh aon iarrthóir eile ann. Tháinig Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots a d'éirigh as mar cheannaire an DUP.[3] Bhí rún ag Donaldson éirí as a shuíochán in Westminster le bheith ina cheannaire ar an DUP in Stormont.[1]
Polasaithe agus tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
In 2019 dúirt Donaldson nach bhfuil rud ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP. Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis. Ach mhaígh Donaldson sa bhliain 2019 go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.[1]
Breatimeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dúirt Donaldson i mí an Mheithimh 2021 gurb é an prótacal faoi Mhuir Éireann an bhagairt is mó ag an am do Thuaisceart Éireann.[4]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-24.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (25 Meán Fómhair 2016). "An bhfuil aon bhunús le maíomh na ‘spiairí’ gurbh iadsan a thug ar an IRA éirí as an bhforéigean?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-06-22). "Jeffrey Donaldson ceaptha ina cheannaire ar an DUP" (in ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-06-21). "Donaldson ag cur a ainm chun cinn do cheannaireacht an DUP" (in ga).