Gavin Robinson
Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Gavin James Robinson a rugadh ar an 22 Samhain, 1984. I mí Bealtaine 2015, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte do Bhéal Feirste Thoir. Bhuaigh sé arís san Olltoghchán 2024.[1]
Is é an té sa DUP is mó a bhfuil cáil na measarthachta air.[2]
Toghadh Robinson mar leascheannaire an DUP in 2023[3] agus ceapadh é mar cheannaire in 2024.[4]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Robinson cáilithe mar abhcóide agus bhain sé céim mháistreachta amach i bpolaitíocht na hÉireann.
Ard-mhéara Bhéal Feirste ba ea Robinson le linn 2012–2013.
In 2015 thóg Robinson suíochán an pháirtí i mBéal Feirste Thoir ‘ar ais’ ó Naomi Long, Alliance.[5]
In 2018, den chéad uair thacaigh an DUP le ceansú na dtinte cnámh, agus Robinson meáite de nár mhór an pobal a chosaint.[6]
In 2019 choinnigh Gavin Robinson a shuíochán in oirthear Bhéal Feirste le móramh laghdaithe agus in ainneoin dianiomaíochta ó Naomi Long aon uair amháin eile.[7]
Níl aon ghaol aige lena réamhtheachtaí in oirthear Bhéal Feirste Peter Robinson, ach dúirt sé in 2021 go n-aontaíonn sé leis gur cheart don DUP a bheith ag ullmhú do phobalbhreith faoin teorainn.
D'éirigh Jeffrey Donaldson as an cheannaireacht ar 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis agus ceapadh Robinson, leascheannaire an pháirtí ag an am, mar cheannaire eatramhach.[4][8]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2014, nuair a bhí Robinson ina chomhairleoir cathrach, dúirt sé go raibh roinnt nathanna cainte Gaeilge aige. Bhain sé úsáid an uair sin as an téarma Leas-Ardmhéara. Ní bhíonn nathanna cainte Gaeilge “ag déanamh scime” dó. Dúirt sé ag an gcruinniú céanna áfach nach raibh sa Ghaeilge ach “caitheamh aimsire” agus nár cheart airgead a chur amú uirthi.[2]
In 2021, dúirt Robinson nach raibh locht ar bith ar an nGaeilge dóibh sin a raibh dúil acu inti fhad is nach mbeifí á sacadh síos in ár scornacha ar an gcuid eile againn.[9]
In 2022, dúirt Robinson go raibh “dochar mór” déanta ag rith na reachtaíochta don obair a rinneadh roimh an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua[10] chun na páirtithe i dTuaisceart Éireann a thabhairt le chéile.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Robinson pósta le Lindsay agus páiste amháin acu, Reuben.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
- ↑ 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (30 Aibreán 2021). "‘Tá roinnt nathanna Gaeilge agam’ – na polaiteoirí atá á lua le ceannaireacht an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (14 Meitheamh 2023). "Seans ann go mbainfidh cogadh cathartha na gCaomhach tuisle eile as an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-03-29). "Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson cúisithe i gcionta gnéis" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (31 Bealtaine 2017). "TOGHCHÁN WESTMINSTER: Treánionsaí á dhéanamh ar dhá shuíochán de chuid an DUP i mBéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (15 Iúil 2018). "Loscadh agus réabadh – seachtain ó thuaidh 20 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ "Aontachtaigh ag dul go Westminster ina mionlach den chéad uair le 100 bliain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-12-15). Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ "Jeffrey Donaldson éirithe as an DUP agus é cúisithe as líomhaintí gnéis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-29). Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (1 Lúnasa 2021). "Seans go bhfuil siad bródúil as a bhfeachtas in aghaidh aisling na naíscoile Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ "Ré nua, an seanchur chuige céanna" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-01-12). Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ SARAH SCOTT (2016-01-17). "Courageous mum struck by postnatal depression shares her experiences" (en). The Mirror. Dáta rochtana: 2024-03-29.