Eilís II na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eilís II na Ríochta Aontaithe
Queen Elizabeth II official portrait for 1959 tour (retouched) (cropped) (3-to-4 aspect ratio).jpg
oidhre toimhdeach

Nollaig 11, 1936 - Feabhra 6, 1952
Ard-Cheannasaí ar Fhórsaí Cheanada

1952 -
Diúc Lancaster

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022 - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
Tiarna Mhanann

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022 - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
Monarc na hAstráile

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Cheanada

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc na Nua-Shéalainne

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc na Ríochta Aontaithe

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
Ceann an Chomhlathais

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022 - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Tiarnas na Siolóine

Feabhra 6, 1952 - 1972
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - luach ar iarraidh →
monarc Tiarnas na Pacastáine

Feabhra 6, 1952 - 1956
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - luach ar iarraidh →
monarc Aontas na hAfraice Theas

Feabhra 6, 1952 - 1961
Seoirse VI na Ríochta Aontaithe - luach ar iarraidh →
Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana

Feabhra 6, 1952 - Meán Fómhair 8, 2022
monarc Ghána

1957 - 1960
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarc de Chónaidhm na Nigéire

1960 - 1963
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of Tanganyika (en) Aistrigh

1961 - 1962
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of the commonwealth realm of Sierra Leone (en) Aistrigh

1961 - 1971
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
Queen of Trinidad and Tobago (en) Aistrigh

1962 - 1976
monarch of Trinidad and Tobago (en) Aistrigh

1962 - 1976
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of the commonwealth realm of Uganda (en) Aistrigh

1962 - 1963
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch Iamáice

Lúnasa 6, 1962 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarch of the commonwealth realm of Kenya (en) Aistrigh

1963 - 1964
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of Malawi (en) Aistrigh

1964 - 1966
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of the State of Malta (en) Aistrigh

1964 - 1974
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of the commonwealth realm of the Gambia (en) Aistrigh

1965 - 1970
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of the commonwealth realm of Guyana (en) Aistrigh

1966 - 1970
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of Barbados (en) Aistrigh

Samhain 30, 1966 - Samhain 29, 2021
← luach ar iarraidh
monarch of the commonwealth realm of Mauritius (en) Aistrigh

Márta 12, 1968 - Márta 12, 1992
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarch of the Dominion of Fiji (en) Aistrigh

1970 - Deireadh Fómhair 6, 1987
← luach ar iarraidh - luach ar iarraidh →
monarc na mBahámaí

Iúil 10, 1973 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Ghreanáda

Feabhra 7, 1974 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua

Meán Fómhair 16, 1975 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarch of the Solomon Islands (en) Aistrigh

Iúil 7, 1978 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Túvalú

Deireadh Fómhair 1, 1978 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarch of Saint Lucia (en) Aistrigh

Feabhra 22, 1979 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Shan Uinseann agus na Greanáidíní

Deireadh Fómhair 27, 1979 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
Monarch of Belize (en) Aistrigh

Meán Fómhair 21, 1981 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc d'Antigua agus Barbúda

Samhain 1, 1981 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
monarc Shan Críostóir-Nimheas

Meán Fómhair 19, 1983 - Meán Fómhair 8, 2022
← luach ar iarraidh - Séarlas, Prionsa na Breataine Bige
Saol
Ainm iomlánElizabeth Alexandra Mary Windsor
Eolas breitheMayfair, 21 Aibreán 1926
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Áit chónaithePálás Buckingham
Caisleán Windsor
Caisleán Balmoral
Sandringham House
Holyrood Palace (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Béarla
BásCaisleán Balmoral, 8 Meán Fómhair 2022
Áit adhlacthaKing George VI Memorial Chapel (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (senility (en) Aistrigh
luach anaithnid)
Muintir
AthairSeoirse VI na Ríochta Aontaithe
MáthairElizabeth Bowes-Lyon
Céile/CéilíPrionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann  (Samhain 20, 1947 -  Aibreán 9, 2021)
Páistí
Siblíní
TreibhTeach na Windsor
Oideachas
Teangachaan Béarla
an Fhraincis
MúinteoiríMarion Crawford (en) Aistrigh
Henry Marten (en) Aistrigh
William Henry Harris (en) Aistrigh
Gairm
Gairmmonarc, bailitheoir ealaíne agus uasal
Airde64 in
Duaiseanna
enllaç= Grand-croix de la Légion d'honneur‎  (1948)
enllaç= Knight Grand Cross with Collar of the Order of Merit of the Italian Republic  (Bealtaine 9, 1958)
enllaç= Grand Order of King Tomislav  (Nollaig 12, 2001)
enllaç= Order of the White Eagle  (1996)
Collar of the Order of the White Lion  (1996)
enllaç= Knight of the Order of the Golden Fleece  (1989)
enllaç= Order of the Crown of India
enllaç= Ord an Ghairtéir
enllaç= Knight Grand Cross with Collar of the Order of Saint Olav‎  (1955)
enllaç= Order of the Three Stars, 1st Class  (1996)
enllaç= Grand Cross Special Class of the Order of Merit of the Federal Republic of Germany  (Meán Fómhair 29, 1958)
Collar of the Order of the Star of Romania  (2000)
enllaç= Grand Cross of the Order of Merit of the Republic of Poland  (1991)
enllaç= Knight Grand Cross in the Order of the Netherlands Lion  (1950)
enllaç= Collar of the Order of the Cross of Terra Mariana  (Deireadh Fómhair 19, 2006)
enllaç= Grand Cross with Collar of the Order of the Falcon  (1963)
enllaç= Grand Cordon of the Order of Leopold  (1963)
enllaç= Grand Cross of the Order of the Southern Cross  (1968)
enllaç= Grand Cross with collar of the Order of Vytautas the Great  (Deireadh Fómhair 17, 2006)
Time Person of the Year  (1952)
enllaç= Order of Freedom of the Republic of Slovenia  (2001)
enllaç= Great Nile necklace  (1975)
enllaç= Order of the Yugoslavian Great Star  (1972)
enllaç= Order of the Supreme Sun  (1971)
enllaç= Defence Medal  (1945)
enllaç= War Medal 1939–1945  (1945)
enllaç= King George VI Coronation Medal  (1937)
enllaç= Royal Family Order of George VI  (1937)
enllaç= Grand Order of Mugunghwa  (1986)
enllaç= Decoration for Exceptional Merits  (2008)
enllaç= Order of the Star of Ghana  (2007)
enllaç= Xirka Ġieħ ir-Repubblika  (Samhain 23, 2005)
enllaç= Order of the Golden Heart of Kenya  (1972)
enllaç= Order of the Crown of the Realm  (1972)
enllaç= Order of the Republic of The Gambia  (1974)
enllaç= Royal Family Order of the Crown of Brunei  (1972, 1992)
enllaç= Order of Kuwait  (1995)
enllaç= Darjah Utama Temasek  (1972)
enllaç= Order of the Niger  (1969)
enllaç= Order of Valour  (1993)
enllaç= Grand Cordon of the National Order of the Leopard  (1973)
enllaç= Order of Independence  (1961)
enllaç= Order of the Republic (Tunisia)  (1980)
enllaç= Star of the Republic of Indonesia  (1974)
enllaç= National Order of the Ivory Coast  (1961)
enllaç= Order of the Star of Africa  (1962)
enllaç= Order of the Pioneers of Liberia  (1961, 1979)
enllaç= National Maltese Order of Merit  (Bealtaine 28, 1992, Deireadh Fómhair 23, 2000)
enllaç= Order of Independence  (1961)
enllaç= Grand Cross of the National Order of the Lion  (1961)
enllaç= Order of the Virtues  (1948)
enllaç= Order of Ojaswi Rajanya  (1949)
enllaç= Order of Oman  (1979)
enllaç= Order of the Star of Jordan
enllaç= Order of King Abdulaziz al Saud  (1979)
enllaç= Order of al-Hussein bin Ali  (1953, 1984)
enllaç= Grand Collar of the Order of Good Hope  (1995)
enllaç= Grand Cross of the Sash of the Three Orders
enllaç= Order of the Gold Lion of the House of Nassau  (1972)
enllaç= Grand Cross of the National Order of Mali  (1961)
enllaç= Order of Manuel Amador Guerrero  (1953)
enllaç= Order of Solomon  (1954)
enllaç= Order of the Equatorial Star  (1969)
enllaç= Order of Merit
enllaç= Order of Merit for Distinguished Services  (1998)
enllaç= Order of the Golden Fleece  (1989)
enllaç= Grand Cross of the Order of the White Double Cross‎ : Ivan Gašparovič  (Deireadh Fómhair 23, 2008)
enllaç= Order of the Royal House of Chakri  (1960)
enllaç= Grand Collar of the Military Order of the Tower and Sword  (Aibreán 27, 1993)
enllaç= Royal Order of the Seraphim  (1953, 1975)
enllaç= Grand Cross of the Order of Charles III  (1986)
enllaç= Order of Boyacá  (1993)
enllaç= Order of State of Republic of Turkey  (Bealtaine 14, 2008)
enllaç= Order of Mubarak the Great  (1979)
enllaç= Star of the Socialist Republic of Romania  (1978)
Albert Medal  (1958)
enllaç= Order of the Elephant  (1947)
enllaç= Collar of the Supreme Order of the Chrysanthemum
enllaç= Grand Star of the Decoration for Services to the Republic of Austria  (1966)
enllaç= Grand Collar of the Military Order of Saint James of the Sword
honorary doctor of the Royal College of Music  (1973)
enllaç= Order of the Redeemer
enllaç= Member of the Order of Canada
enllaç= Order of Idris I  (1954)
enllaç= Order of the Seal of Solomon  (1954)
enllaç= Order of Charles III  (1986)
enllaç= Hungarian Order of Merit  (1991)
enllaç= Order of Good Hope  (1995)
enllaç= Order of the Aztec Eagle  (1973)
Order of Sālote Tupou III  (Nollaig 19, 1953)
enllaç= Grand Cross of the Order of the White Rose of Finland  (1961)
BallraíochtAn Cumann Ríoga
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataAuxiliary Territorial Service (en) Aistrigh
Throid sé/sí agAn Dara Cogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Shasana
Eaglais na hAlban
IMDbnm0703070
Discogs ID1047256
Signature of Elizabeth II.svg

Ba í Eilís II, (Elizabeth Alexandra Mary; 21 Aibreán 1926 - 8 Meán Fómhair 2022) banríon cheannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus ar 15 tír eile i gComhlathas na Náisiún. Ba cheannaire an Chomhlathais agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í.

Tháinig Eilís II i gcoróin ar an 6 Feabhra 1952. Bhí sí i réim níos faide ná aon cheann stáit eile sa 20ú / 21ú haois. Bhí cion ag mórán de mhuintir na Breataine ar Eilís II, a monarc is faide réim riamh (d’éirigh sí ar an mbanríon is faide i réim i Sasana ar an 9 Meán Fómhair 2015).[1]


Tús a saoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

1953

Rugadh Eilís i Londain ar 21 Aibreán 1926, an iníon is sine ag an bPrionsa Albert, diúc York agus mac George V (anRí Seoirse VI níos déanaí), agus a bhean Elizabeth Bowes-Lyon.

Baisteadh sa Seomra Ceoil i bPálás Buckingham í. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.

Ba í Elizabeth an léiroidhre don choróin ón uair a thug a huncail Edward VIII suas an choróin. Nuair a d’éirigh Edward as i 1936, rinneadh rí dá hathair, George VI.

1963 agus an Kokoshnik Tiara á caitheamh aici
1976

Chaith sí tréimhse in Óglaigh na Breataine i rith an Chogaidh. Phós sí prionsa as an nGréig agus leifteanant sa chabhlach, Philip Mountbatten, i 1947. Ceathrar páistí a bhí acu, an Prionsa Charles, an Banphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward.

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús lena ré sa bhliain 1952.[2] Corónaíodh Eilís ar na 2 Meitheamh 1953 in Westminster Abbey. Ba é an chéad searmanas corónaithe a craoladh ar an teilifís.

Léargas ar fhad a réime é go raibh Josef Stalin, Mao Zedong, Harry Truman agus Winston Churchill ina gceannairí ar a dtíortha nuair a tháinig sí i gcoróin.[3]

Ba mhinic í ag taisteal mar Bhanríon. Chuaigh sí ar chamchuairt ar an Eoraip agus thug sí cuairt ar Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1957. I 1961, ba í an chéad mhonarc de chuid Shasana le  caoga bliain chun cuairt a thabhairt ar fho-ilchríoch na hIndia. I 1968, ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus i 1979 ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar thíortha Mhurascaill na Peirse.[3]

Saol an teaghlaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thuig Éilis go raibh gá le nuachóiriú a dhéanamh ar an monarcacht agus thug sí cead isteach go dtí an teaghlach do na ceamaraí teilifís le linn na 1970idí. I 1978 thug sí a beannacht do chur ar ceal phósadh a deirféar.

Sna 1990idí is mó a tugadh a dúshlán mar Bhanríon. Thug sí annus horribilis ar an mbliain 1992. An bhliain sin scar an Prionsa Charles agus a bhean Diana Spencer, Banphrionsa na Breataine Bige óna chéile agus scar an Prionsa Andrew óna bhean, Sarah, bandiúc York. Fuair an Banphrionsa Anne colscaradh agus dódh Caisleán Windsor an bhliain chéanna.[3]

Bhí géarchéim eacnamaíochta ann chomh maith a d’fhág go raibh saibhreas an teaghlaigh ríoga ina údar cainte mór i measc an phobail. D’fhógair an Bhanríon go n-íocfadh sí cáin feasta ar a teacht isteach príobháideach.

Chuaigh rudaí in olcas i 1997 nuair a fuair Banphrionsa na Breataine Bige Diana bás. Bhí an ghoimh ar dhaoine nuair a dhiúltaigh an Bhanríon an bhratach a chrochadh ar leathcheann os cionn Phálás Buckingham mar chomhartha ómóis do Diana.[3]

D’éirigh leis an mBanríon teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin ach bhí conspóidí eile ann, amhail cinneadh an Phrionsa Harry agus a bhean Meghan Markle éirí as a gcúraimí ríoga.[3]

in éineacht George W. Bush, 2007

Cuairt ar Éirinn sa bhliain 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Eilís II cuairt stairiúil ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2011. Cé go raibh sí go minic sa Tuaisceart ba í an chuairt an bhliain sin an chéad uair gur sheas monarc as Sasana sa deisceart ó bhí a seanathair, An Rí George V, ar thuras timpeall na hÉireann i 1911, tráth a raibh an tír go léir faoi smacht na Breataine.

Thosaigh sí amach i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sí cuairt ar Gháirdíní an Chuimhneacháin, Páirc an Chrócaigh, Áras an Uachtaráin chomh maith leis an gCuimhneachán Cogaidh i nDroichead na hInse.

Thug Eilís II óráid faoin gcaidreamh idir an dá thír a thuill ardmholadh. Tugadh suntas chomh maith don scéal gur i nGaeilge a chuir sí tús lena hóráid. “A Uachtaráin, agus a chairde…” a dúirt sí, ráiteas a thug ar Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese ‘Wow’ a rá trí bhabhta.[3]

Chuaigh sí, ina dhiaidh sin, go Caiseal i dTiobraid Árainn, go dtí Graí Náisiúnta na hÉireann agus go dtí an Margadh Sasanach i gCorcaigh.

Thacaigh formhór mhuintir na hÉireann leis an turas ach eagraíodh roinnt agóidí beaga ina coinne. Cáineadh, ach go háirithe, an tslándáil toisc go raibh an chuid is mó de Bhaile Átha Cliath dúnta i rith an turais.

Idirghabháil pholaitiúil sna 2010idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag dul anonn in aois, rug an díocas náisiúnachais greim ar an mBanríon. Mar shampla, rinne sí idirghabháil díreach sa bhliain 2014 nuair a reáchtáladh reifreann neamhspleáchais na hAlban. Dúirt Éilis gur 'ba cheart do dhaoine a bheith smaoineamh go cúramach faoi',[4] Tuairiscíodh go forleathan an achainí.[5] I ndiaidh an reifrinn, dúirt an Príomh-Aire, David Cameron, go raibh cluaisíní croí ar an mBanríon ('purred like a cat') faoin toradh.[6]

2016ː Níor eisigh an Pálás séanadh ar bith.

Sa bhliain 2016, roimh vóta na Bhreatimeachta, tuairiscíodh sna nuachtáin i bhfad amach ar an eite dheis go raibh an Bhanríon ar thaobh na nEoraisceipteach. Tháinig an Sun amach le "Queen backs Brexit" ar 8 Márta 2016.[7] De réir an Sun, níor ghlac an Independent Press Standards Organisation go raibh an scéal mí-chruinn ar 17 Bealtaine.[8]

Ansin, lá amháin roimh an reifrinn,[9] ar 21-22 Meitheamh, rith an Daily Express, “Queen issues EU challenge”,[10] agus an Daily Telegraph, “Tell me why we should Remain, Queen asks dinner guests”,[11] agus an Sun, arís,[12] agus an Times,[13] "Queenː Give me 3 good reasons we should stay in Europe".[14] Níor eisigh an Pálás séanadh ar bith. Glacadh leis an mBreatimeacht le tromlach beag (52%-48̬%).

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh a fear céile, Philip Mountbatten sa bhliain 2021, agus é 99 bliain.

Rinneadh ceiliúradh ar 70 bliain theacht i gcoróin Eilís II ar an 6 Feabhra 2022, ach ní raibh sí in ann freastal ar an gceiliúradh.

Cheap Eilís II, ar 6 Meán Fómhair 2022, Liz Truss ina príomh-aire i mBaile Morail na hAlban (an 15ú príomh-aire ar an mBreatain ó corónaíodh í).

Cailleadh Eilís II dhá lá níos déanaí, ar 8 Meán Fómhair 2022, in aois 96 bliain di. Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte..[2]

Ba í an Bhanríon Eilís an té ab fhaide i gcumhacht riamh mar cheannaire stáit sa Bhreatain, ó 1952 go dtí 2022. Bhí 14 uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa tréimhse chéanna. Sháraigh Eilís fad réim na Banríona Victoria, a sin-seanmháthair, (a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin).[3]

Tháinig a mac Séarlas, Prionsa na Breataine Bige, nó Séarlas III, i gcomharbacht uirthi.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht TG4 (8 MF 2022). "Banríon Shasana tar éis bháis" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 "Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  4. "The Queen hopes Scots will think very carefully before voting in the independence referendum" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  5. "What the Scottish papers say" (en-GB). BBC News (2014-09-15). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  6. "David Cameron: I'm extremely sorry for saying Queen 'purred' over Scottish Independence vote". www.telegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  7. "Revealed: Queen backs Brexit as alleged EU bust-up with ex-Deputy PM emerges" (en-gb). The Sun (2016-03-08). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  8. "Downing Street 'sent into overdrive' by Sun exclusive on Queen backing Brexit, book reveals" (en-gb). The Sun (2016-10-05). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  9. Katarina Botta (4 Iúil 2018). "[http://essay.utwente.nl/75774/1/Botta_BA_BMS.pdf How British Newspapers Frame The EU Referendum 2016 A framing analysis of the Brexit debate]". Dáta rochtana: 2022.
  10. Laura Mowat (2016-06-22). "Queen asks dinner guests: Give me three 'GOOD reasons' to stay in" (en). Express.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  11. Gordon Rayner (2016-06-21). "EU referendum: Queen asks guests to give her three reasons why Britain should remain in Europe" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  12. "Queen quizzes VIP dinner guests for their views on Europe ahead of Brexit vote" (en-gb). The Sun (2016-06-21). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  13. Valentine Low (2016-06-22). "Queen: Give me three reasons to stay in Europe" (en). The Times. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  14. "The Sun dares to use the Queen again in Brexit front page" (en). the Guardian (2016-06-22). Dáta rochtana: 2022-09-18.