Jump to content

Lá an Bhua san Eoraip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá an Bhua san Eoraip
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaoire phoiblí
non-working day (en) Aistrigh
Victory Day (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann sédeireadh an Dara Chogadh Domhanda san Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
Lá8 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Winston Churchill na Ríochta Aontaithe ós comhair na sluaite Dé Máirt, 8 Bealtaine 1945

Is éard atá i gceist le Lá an Bhua san Eoraip (Béarla: V-E Day - Stáit Aontaithe Mheiriceá, VE Day - an Ríocht Aontaithe) ná lá ceiliúrtha ar an 8 Bealtaine 1945 tar éis glacadh oifigiúil na gComhghuaillithe le géilleadh gan chomha Ghearmáin na Naitsithe, rud a chuir deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip.

Tá an lá á chomóradh ar an lá céanna i dtíortha in iarthar na hEorpa. Sa taobh eile den ilchríoch, áfach, déanann an Rúis, an Bhealarúis, an Serbia agus tíortha iar-Shóivéadacha eile an lá ceiliúrtha ar an 9 Bealtaine. Is amhlaidh atá sé in Iosrael.