An Ghearmáin
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Bundesrepublik Deutschland (de) Deutschland (de) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta na Gearmáine ![]() | ||||
Mana | «Einigkeit und Recht und Freiheit» ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Germania ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Beirlín ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 83,149,300 (2019) ![]() | ||||
• Dlús | 232.53 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | An Ghearmáinis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ![]() | ||||
Achar dromchla | 357,587.77 km² ![]() | ||||
• Uisce | 2.3 % ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Bhailt agus An Mhuir Thuaidh ![]() | ||||
Pointe is airde | Zugspitze (2,962 m) ![]() | ||||
Pointe is ísle | Neuendorf-Sachsenbande (−4 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An Ghearmáin Thiar, An Ghearmáin Thoir, An Reich Gearmánach, Trizone (en) ![]() ![]() | ||||
Cruthú | 1 Iúil 1867: (North German Confederation (en) ![]() 1 Eanáir 1871: (Impireacht na Gearmáine) 1918: (Poblacht Weimar) 1933: (Gearmáin na Naitsithe) 23 Bealtaine 1949: (An Ghearmáin Thiar) | ||||
Eachtra barrthábhachtach | Basic Law for the Federal Republic of Germany (en) ![]() Occupation statute (en) ![]() An tSárlainn Treaties of Rome (en) ![]() Conradh Élysée (1963) Balla Bheirlín Basic Treaty (en) ![]() Economic, Monetary and Social Union (en) ![]() Treaty on the Final Settlement with Respect to Germany (en) ![]() Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1972 German reunification (en) ![]() Yugoslav Wars (en) ![]() Cogadh san Afganastáin ![]() | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Éarlamh | Naomh Mícheál ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht, stát cónaidhme agus federal parliamentary republic (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | federal level of Germany (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Bundesrat ![]() | ||||
• Uachtarán na Gearmáine ![]() | Theodor Heuss (1949–1959) ![]() | ||||
• Seansailéir Feidearálach na Gearmáine ![]() | Olaf Scholz (2021–) ![]() | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Federal Constitutional Court (en) ![]() ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Euro ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .de ![]() | ||||
Glaochód | +49 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 110 ![]() | ||||
Cód tíre | DE ![]() | ||||
Cód NUTS | DE ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | verwaltung.bund.de ![]() |
Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin[1] (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an tSeic, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Féach freisin: Stair na Gearmáine
Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.
Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). De ghnáth, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dhlísheomra chun an Grundgesetz a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an Grundgesetz, mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná scaradh na gcumhachtaí, an struchtúr cónaidhmeach, agus riail an dlí a bheith bailí go suthain.
Tá dhá dhlísheomra ag an leibhéal feidearálach: an Bundestag, an teach íochtarach, agus an Bundesrat, an teach uachtarach. Is í an Bundestag an seomra is cumhachtaí díobh. Ó tharla an toghchán feidearálach is déanaí i 2021, tá ocht bpáirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu ann. Is iad na Daonlathaithe Sóisialta (daonlathach-sóisialach, lár-chlé), Comhghuaillíocht 90/Na Glasaigh (glas, lár-chlé), agus na Daonlathaithe Saora (liobrálach, lár-dheis) na trí pháirtí atá i mbun rialtais i láthair na huaire. Sa fhreasúra, tá an tAontas Daonlathach Críostach agus a bpairtnéirí an tAontas Sóisialta Críostach (Daonlathach-Críostach, lár-dheis), Rogha Eile don Ghearmáin (fad-dheis), An Eite Chlé (sóisialach, fad-chlé), agus Cumann Vótóirí Schleswig Theas, páirtí a dhéanann ionadaíocht ar son na mionlach eitneach Danmhairgeach agus Freaslannach. Is ball de na Daonlathaithe Sóisialta é Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz.
Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Staitisticí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI PCC. Is í an tríú hearnáil an earnáil eacnamaíochta is mó: í ag cruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón dara hearnáil agus 1% ón chéad earnáil. Is í an Ghearmáin an tríú honnmhairteoir earraí is mó ar domhan,[2] agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithe ar domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016.[3] I Mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ar 3.0%, an tríú leibhéal ba lú san Aontas Eorpach.[4]
De réir Innéacs an Fhorbartha Dhaonna, Socraithe don Éagothroime, 2021 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an Ghearmáin an 8ú tír is forbartha ar domhan, as 156 tír a tomhaiseadh.[5] Cuireann sé sin ar an gceathrú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh í.
I dTuarascáil Sonas Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, measadh gurbh í an Ghearmáin an 15ú tír ba shona, as 156 thír.
Onnmhairithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomparáid le tíortha móra eile san Aontas Eorpach, is onnmhairteoir mór í an Ghearmáin. Rinne an Ghearmáin onnmhairithe arbh fhiú 47% dá hOTI iad sa bhliain 2017, dar le World Factbook an CIA[6], i gcomparáid le 31% sa Fhrainc[7] agus san Iodáil[8] araon agus 30% sa Ríocht Aontaithe[9]. Ba iad innealra agus feithiclí na cineáil onnmhairithe is mó de réir luach airgid sa bhliain 2017.[10]
Airgeadra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.
Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh Corn an Domhain sna blianta 1954, 1974, 1990 agus 2014 agus Craobh na hEorpa sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga.
Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.
- Baden-Württemberg
- An Bhaváir (Bayern)
- Beirlín (cathairstát)
- Brandenburg
- Bremen (cathairstát le dhá chathair)
- Hamburg (cathairstát)
- Hessen
- Mecklenburg-Vorpommern
- An tSacsain (Sachsen)
- An tSacsain-Anhalt (Sachsen-Anhalt)
- An tSacsain Íochtarach (Niedersachsen)
- An tSárlainn (Saarland)
- Schleswig-Holstein
- Thüringen
- Tuaisceart na Réine agus an Viostfáil (Nordrhein-Westfalen)
- Tír na Réine agus an Phalaitíneacht (Rheinland-Pfalz)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Caomhánach, Seán Óg Mac Murchadha (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe" (as Gaeilge). “túrnach”
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-27. Dáta rochtana: 2022-09-15.
- ↑ https://www.transparency.org/news/feature/corruption_perceptions_index_2016
- ↑ http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics
- ↑ Náisiún Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
- ↑ "Europe :: Germany — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-11. Dáta rochtana: 2019-05-10.
- ↑ "Europe :: France — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-24. Dáta rochtana: 2019-05-10.
- ↑ "Europe :: United Kingdom — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-07. Dáta rochtana: 2019-05-10.
- ↑ "Europe :: Italy — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-09. Dáta rochtana: 2019-05-10.
- ↑ Daniel Workman (2019-02-24). "Germany’s Top 10 Exports" (en-US). World's Top Exports. Dáta rochtana: 2019-05-10.