Central Intelligence Agency
Jump to navigation
Jump to search
Is é an Central Intelligence Agency (CIA) (Gaeilge: Lárghníomhaireacht Fhaisnéise) an eagraíocht fhaisnéise is tábhachtaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an ghníomhaireacht seo i 1947 chun eolas faoi rialtais, daoine agus eagraíochtaí eachtracha a fháil agus a scrúdú. Is eolas luachmhar é seo do rialtas na SAM.
Tá ceanncheathrú an CIA suite i Langley, Virginia, in aice le Washington, D.C. Tá an CIA cosúil leis an MI6 sa Bhreatain agus an Mossad in Iosrael.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |