KGB

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siombail an KGB: claíomh agus sciath. Tabhair faoi deara go bhfuil na litreacha VChK - KGB le léamh ar an suaitheantas seo. Seasann na litreacha ВЧК/VChK don chéad réamhtheachtaire stairiúil a bhí ag an KGB - ChekaVecheka, is é sin, Всероссийская чрезвычайная комиссия по борьбе с контрреволюцией и саботажем - Vserossiyskaya chrezvychaynaya komissiya po bor'be s kontrrevolyutsiey i sabotazhem - Coimisiún Neamhghnách na hUile Rúise um Chath in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta

Seasann na litreacha cinniúnacha úd KGB (Rúisis: КГБ) do Комитет государственной безопасности/Komitet gosudarstvennoy bezopasnosti, is é sin, Coiste Slándála an Stáit. B'é an coiste seo an scátheagras a chuimsigh rúnseirbhís, póilíní rúnda agus seirbhísí faisnéise an Aontais Shóivéadaigh sna blianta 1954-1991. Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, tugadh ainm nua ar sheirbhísí rúnda na Rúise, is é sin, Федеральная служба безопасности/Federal'naya sluzhba bezopasnosti nó FSB (ФСБ), is é sin, an tSeirbhís Fheidearálach Slándála. Sa Bhealarúis, choinnigh na seirbhísí rúnda an seanainm Rúisise, ach is é KDB an leagan Bealarúisise (Камітэт дзяржаўнай бяспекі/Kamitet dziaržaǔnaj biaspieki).

Bunús agus Forbairt an KGB[athraigh | edit source]

B'é Cheka, nó Coimisiún Neamhghnách na hUile Rúise um Chath in aghaidh na Frithréabhlóide is na Sabaitéireachta, an chéad rúnseirbhís a bhí ag obair sa Rúis Shóivéadach i ndiaidh do Léinín an chumhacht a shealbhú. Bunaíodh ar an 20 Nollaig 1917 é. I rith na mblianta, is iomaí ainm nua a baisteadh ar Cheka, cosúil le OGPU (Объединённое государственное политическое управление/Ob'yedinyonnoye gosudarstvennoye politicheskoye upravleniye - Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit) sa bhliain 1923, NKGB (Народный комиссариат государственной безопасности/Narodnyi komissariat gosudarstvennoy bezopasnosti - Coimeasáracht Phobail Slándála an Stáit) sa bhliain 1941, MGB (Министерство государственной безопасности/Ministerstvo gosudarstvennoy bezopasnosti - Roinn Slándála an Stáit) sa bhliain 1946, agus araile. Cúrsaí polaitíochta ba chúis leis na hathruithe éagsúla seo. I Márta 1953, chumaisc Lavrentiy Beriya Roinn Slándála an Stáit agus Roinn na nGnóthaí Inmheánacha in aon Roinn amháin (MVD, Министерство внутренних дел/Ministerstvo vnutrennykh del - Roinn na nGnóthaí Inmheánacha), ach roimh dheireadh na bliana céanna, cuireadh Beriya chun báis, agus scaradh an dá Roinn ó chéile arís. B'ansin a tháinig an KGB ar an bhfód. Bhí an coiste seo ceangailte go dlúth de Chomhairle na nAirí - rialtas an Aontais Shóivéadaigh - agus é ag tabhairt aire do shlándáil inmheánach agus eachtrach an stáit Shóivéadaigh agus ag bailiú faisnéise faoi shicréidí na stát eile. Ar an 5 Iúil 1978, d'athraigh ainm oifigiúil an KGB ó "Choiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh" go "Coiste Slándála Stáit an Aontais Shóivéadaigh", agus rinneadh Aire Rialtais de chathaoirleach an Choiste.

Tháinig deireadh le stair an KGB, nuair a bhain an Coirnéal-Ghinearál Vladimir Kryuchkov, Ceannasaí an KGB, leas as acmhainní na seirbhíse slándála san iarracht a rinne seisean agus coimeádaigh eile an Bhiúró Pholaitiúil leis an gcumhacht a sciobadh ó Mikhail Gorbachev i Mí Lúnasa 1991. Thit an tóin as an gcoup d'état seo, agus caitheadh Kryuchkov i dtóin an phríosúin. Chuaigh an Ginearál Vadim Bakatin i gceannas ar an KGB, agus bronnadh na cumhachtaí air an t-eagras a scor. Ar an 6 Samhain 1991, tháinig dhá sheirbhís slándála nua in áit an KGB, mar atá, an SVR (Служба Внешней Разведки/Sluzhba Vneshney Razvedki) nó Seirbhís na Faisnéise Eachtraí, agus an FSB a luadh thuas. Tá an FSB an-chosúil leis an sean-KGB ó thaobh na heagraíochta de.

Ó lá a bhunaithe, bhí fórsa slándála stáit an Aontais Shóivéadaigh ceaptha "mar chlaíomh is mar sciath chosanta" do Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh agus don réabhlóid Bhoilséavach. I dtús a staire, is iomaí éacht a d'éirigh leis an bhfórsa, nó san am sin, ní raibh córas státslándála na dtíortha eile, cosúil leis an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, leath chomh dian is a shílfeá, agus mar sin, bhí sé an-fhurasta ag gníomhairí rúnda an Aontais Shóivéadaigh sleamhnú isteach i státseirbhís na dtíortha seo. Is iomaí duine san Iarthar a fuair an idé-eolaíocht Chumannach tarraingteach go leor, agus mar sin, bhí na Sóivéadaigh in ann gníomhairí a earcú as measc mhuintir na dtíortha féin. Sampla maith de seo ab ea iad Cúigear Cambridge, is é sin, cúigear Sasanach a bhí ag staidéar in Ollscoil Cambridge nuair a d'earcaigh slándáil stáit an Aontais Shóivéadaigh iad: Kim Philby, Donald Duart Maclean, Guy Burgess, Anthony Blunt agus an cúigiú fear nár haithníodh riamh go foirmeálta.

B'é an t-éacht spiaireachta ba mhó a d'éirigh leis na Sóivéadaigh ná gur insíothlaigh siad Tionscadal Manhattan, an tionscadal a bhí ar obair ag na Meiriceánaigh leis an mbuama adamhach a fhorbairt. Bhí beirt fhisiceoirí de chuid an tionscadail, mar atá, Klaus Fuchs agus Theodore Alvin Hall, ag obair do na Sóivéadaigh.

Ní hamháin go raibh an KGB agus a réamhtheachtairí ag bailiú faisnéise - bhí siad ag géarleanúint naimhde polaitiúla Stailín fiú i dtíortha inar chreid siad iad féin slán sábháilte. Ina measc siúd, bhí iarsmaí na nGardaí Bána ó laethanta Chogadh Cathartha na Rúise, a fuair tearmann sna tíortha Iartharacha, nó Leon Trotscaí, a bhí ina bhall den Rialtas Bhoilséavach ar dtús, agus a chuaigh ar deoraíocht go Meicsiceo nuair a d'éirigh idir é agus Stailín. D'éirigh leis na Sóivéadaigh spiaire dá gcuid féin, Cumannach óg ón gCatalóin darbh ainm Ramón Mercader, a sheangú isteach i gciorcal aitheantais Throtscaí, agus mharaigh sé an sean-Bhoilséavach le buille piocóide sa chloigeann.

I mblianta an Chogaidh Fhuair, bhí an KGB ag déanamh páirt thábhachtach ag cosaint córas aonpháirtí an stáit Chumannaigh tríd na heasaontóirí polaitiúla a smachtú is a ghéarleanúint. Chuir an KGB brú mór ar dhaoine ar nós Aleksandr Solzhenitsyn agus Andrey Sakharov. D'éirigh leis an KGB freisin cuid mhaith faisnéise a bhailiú faoi eolaíocht is faoi theicneolaíocht an Iarthair. Mar shampla, bhí an t-eitleán forshonach Sóivéadach, Tupolev Tu-144, múnlaithe ar an Concorde, an t-eitleán forshonach a bhí á forbairt ag na Francaigh agus na Sasanaigh in éineacht.

In imeacht na mblianta, thosaigh an tobar ag trá ar an KGB, áfach. I ndiaidh don Aontas Shóivéadach éirí amach na hUngáire a chloí sa bhliain 1956 agus deireadh a chur le hEarrach Phrág sa bhliain 1968, tháinig an tuiscint ag cuid mhór d'aos óg idéalach an Iarthair nach raibh san Aontas Shóivéadach ach tíorántacht bhrúidiúil. Mar sin, ní raibh an oiread sin de mhuintir an Iarthair sásta cuidiú leis an Aontas Sóivéadach a thuilleadh. Sna blianta deireanacha, b'éigean do na Sóivéadaigh airgead a íoc lena gcuid cúlaistíní Iartharacha.

Modh Oibre an KGB[athraigh | edit source]

Mar is gnách do na seirbhísí faisnéise ar fud an domhain, bhí idir fhoireann dhlíthiúil agus fhoireann neamhdhlíthiúil de chuid an KGB ag oibriú i ngach tír choimhthíoch. Bhí na gníomhairí dlíthiúla ag cur gothaí an taidhleora orthu féin, agus díolúine thaidhleoireachta acu ó dhlíthe na tíre sin. Dá bhfaighfeadh údaráis na tíre amach go raibh gníomhaire dlíthiúil ag déanamh spiaireachta, b'é an rud ba mheasa a d'fhéadfadh tarlú dó ná go ruaigfí as an tír sin é agus go gcaithfeadh sé dul abhaile. Maidir leis na gníomhairí neamhdhlíthiúla, ba léir nach raibh díolúine den chineál sin acu, agus dá mbéarfaí orthu, chaithfidís a shéanadh go raibh baint ar bith acu le rialtas an Aontais Shóivéadaigh.

Bhí na Sóivéadaigh ábalta cuid mhaith gníomhairí ardleibhéil a earcú sna tíortha Iartharacha, ó bhí an idé-eolaíocht Chumannach sách tarraingteach i súile a lán daoine ansin. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, arís, bhí cuid mhaith daoine nach raibh ina gCumannaigh, bhí siad buíoch beannachtach de na Sóivéadaigh as an éacht a rinne a gcuid trúpaí ag treascairt thíorántacht Hitler. Ina dhiaidh sin féin, áfach, tháinig maolú ar an gcairdiúlacht idé-eolaíoch i rith na mblianta, nuair a thosaigh radacaigh óga an Iarthair ag lochtú an Aontais Shóivéadaigh faoin gconradh a shínigh Molotov agus Ribbentrop sa bhliain 1939 faoi chríochdheighilt Oirthear na hEorpa agus faoin dóigh ar chloígh na Sóivéadaigh éirí amach na hUngáire sa bhliain 1956 agus gluaiseacht dhaonlathach na Seicshlóvaice sa bhliain 1968. Ní raibh anlathas na seanfhear faoi Leonid Brezhnev ag taithneamh leis an dream seo ach an oiread. Mar sin, b'éigean don KGB dul i muinín dúmháil agus breabaireachta le gníomhairí nua a earcú san Iarthar.

I mbunáiteanna dlíthiúla an KGB, bhí na hoibríochtaí rangaithe go dian:

  • an fhrithspiaireacht agus an tslándáil ("Líne KR")
  • an fhaisnéis eolaíochta agus teicneolaíochta ("Líne X"), a bhí ag dul chun tábhachta de réir mar a bhí an Cogadh Fuar ag dul i bhfad
  • an fhaisnéis comharthaí trí dhiansúil a choinneáil ar na craolacháin raidió, cuir i gcás ("Líne RP")
  • an tacaíocht leis na hoibríochtaí neamhdhlíthiúla ("Líne N")
  • cúrsaí na bpobal diaspóra ("Líne EM").
Kim Philby ar stampa poist ón APSS (1990)

Ní raibh struchtúr chomh dian ag an KGB neamhdhlíthiúil, de ghnáth.

Cosúil leis na seirbhísí spiaireachta eile, d'aithin an KGB na "gníomhairí" thar na "rialtóirí". B'iad na gníomhairí a bhailíodh agus a sholáthraíodh an fhaisnéis, agus b'iad na rialtóirí a sheachaideadh chuig an gCreimil í agus a d'íocadh leis an ngníomhaire. Ba mhinic a bhí sraith fhada de rialtóirí éagsúla ag aon ghníomhaire amháin i rith na mblianta a chaith sé i mbun oibre. Íorónta go leor, nuair a tháinig Kim Philby go Moscó, ní raibh cead isteach aige i gCeanncheathrú an KGB, ó nach raibh ann ach gníomhaire coimhthíoch de chuid an KGB, seachas rialtóir.

Is iomaí gníomhaire neamhdhlíthiúil a rugadh sa Rúis féin, agus chaithfeadh an KGB cúlra na ngníomhairí seo a chumadh is a cheapadh go cairéiseach ó thús deiridh agus féiniúlacht duine eile a bhronnadh orthu. Bhí dhá fhéidearthacht ann: d'fhéadfaí féiniúlacht duine bheo a thabhairt dó, agus an duine seo ag cuidiú leis an gcúlra bréige a sholáthar; nó d'fhéadfaí féiniúlacht duine mhairbh a bhronnadh air agus an chuma a chur ar na cúrsaí nach bhfuair an duine seo bás ar aon nós.

Bhí gníomhairí an KGB sách minic ag plé leis an gcineál oibre is minicí a shamhlaítear leis na spiairí: ag goid nó ag grianghrafadh caipéisí rúnda agus ag seachadadh faisnéise trí bhoscaí rúnda litreach. Thairis sin, bhain an KGB úsáid fhorleathan as na hagents provocateurs, is é sin, gníomhairí a sheangaigh isteach i measc lucht leanúna an duine a bhí le fuadach, le marú nó le clúmilleadh. Bhí siad ag insíothlú na ndreamanna éagsúla polaitiúla freisin: má bhí brúghrúpa éigin an-naimhdeach i dtaobh an Aontais Shóivéadaigh, chothaigh na gníomhairí seo easaontas idir baill an ghrúpa.

Stair an KGB[athraigh | edit source]

Bunaíodh Cheka, nó an Coimisiún Neamhghnách (is é sin, Coimisiún a raibh cumhachtaí neamhghnácha bronnta air) sé seachtaine i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Bhí sé leis an stát úr Boilséavach a chosaint in aghaidh a chuid naimhde "buirgéiseacha", go háirithe in aghaidh na nGardaí Dearga. Ó thús báire, bhí sé de nós ag an gCoimisiún easaontas polaitiúil a chealú tríd na "frithréabhlóidithe" a cheistiú agus a chéasadh go brúidiúil. Ba "frithréabhlóidí" gach duine a rabhthas in amhras faoi, ar ndóigh. Ní ba déanaí, dúirt Léinín féin nach dtiocfadh an stát Boilséiveach slán as tréimhse na héiginnteachta i ndiaidh na réabhlóide, ach go bé go raibh an Coimisiún ann. Ar an 20 Nollaig 1920, cuireadh bun le Rannóg na Faisnéise Coimhthíche, nó INO (Иностранный отдел/Inostrannyi otdel) le faisnéis a bhailiú ón gcoigríoch. Baisteadh ainm nua ar an gCoimisiún féin, is é sin, OGPU, nó Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit, agus sin é an t-ainm a choinnigh sé ar feadh na bhfichidí agus na dtríochaidí.

Bhí oibríochtaí an OGPU ag dul i bhfairsinge sa bhaile agus i gcéin, ach de réir mar a bhí an pharanóia ag dul chun donais ar Stailín, bhí a misneach ag teip ar lucht na rúnseirbhíse. Nuair a bhí Stailín ag rialú na tíre, b'éigean do lucht slándála an stáit "comhchealga" a "nochtadh" nach raibh ann ar aon nós, ach amháin in intinn an deachtóra féin. B'é Stailín féin a dhéanfadh anailis ar an bhfaisnéis a bhí bailithe ag na gníomhairí, agus ní raibh aon duine de lucht na rúnseirbhíse féin sách dána le conclúidí a bhaint as an eolas beag beann ar Stailín féin. Na tuairiscí a fuair Stailín le feiceáil, ba mhinic a bhí lucht na rúnseirbhíse tar éis iad a chóiriú agus a dhathú leis an rud ba mhian leis a insint don deachtóir. Sa deireadh thiar, cuireadh cuid mhaith oifigigh de chuid na seirbhíse faisnéise chun báis le linn na bPurguithe Móra faoi dheireadh na dtríochaidí, agus thosaigh an tOGPU go léir ag titim as a chéile. Sa bhliain 1938, cuireadh Genrikh Yagoda chun báis - an t-oifigeach a bhí i gceannas ar an OGPU sna blianta 1934-36 agus a chóirigh na chéad trialacha móra taispeántais. An t-oifigeach a tháinig i gcomharbas ar Yagoda, Nikolay Yezhov, fuair sé an bás céanna sa bhliain 1940. Ar dtús, chuir sé na Purguithe Móra i gcrích, de réir orduithe an deachtóra, agus ina dhiaidh sin, cúisiodh é féin faoi choir éigin nach ndearna sé ar aon nós - díreach mar a rinneadh leis na mílte daoine a maraíodh ar orduithe Yezhov féin.

I ndiaidh na bpurguithe, tosaíodh ag atógáil na heagraíochta - NKGB, nó Coimeasáracht Phobail Slándála an Stáit, a bhí uirthi anois. Níor athraigh an ceannasaí nua, Lavrentiy Beriya, a dhath faoin dóigh a raibh an tseirbhís rúnda ag iarraidh Stailín a ghiúmaráil trí chreidiúint a thabhairt dá chuid teoiricí comhcheilge. San am céanna, áfach, bhí ag éirí go maith leis an tseirbhís a cuid gníomhairí a shuí in áiteanna tábhachtacha i saol na dtíortha Iartharacha. Tháinig cuma nua ar an eagraíocht arís sa bhliain 1947, nuair a rith leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Vyacheslav Molotov "Coiste Eolais" nua (Комитет информации/Komitet informatsii as Rúisis) a bhunú. Bhí an Coiste seo ceaptha leis an rúnseirbhís - an MGB (Roinn Slándála an Stáit), a bhí uirthi anois - a chumasc le seirbhís faisnéise an Airm (GRU, nó Главное Разведывательное Управление/Glavnoye Razvedyvatel'noye Upravleniye - "Príomh-Riarachán na Faisnéise"). Nuair a chaill Molotov an meas mór a bhí ag Stailín air, ligeadh an Coiste Eolais i ndearmad.

Idir an dá linn, bhí Beriya, a bhí i gceannas ar an Roinn Gnóthaí Inmheánacha, bhí sé ag comhchruinniú cumhachta ina lámha féin. Bhí sé ag dréim le teacht i gcomharbas ar Stailín. Sa bhliain 1953, fuair Stailín bás, agus ansin, chumaisc Beriya an MGB agus an MVD le chéile. Bhí baill eile an Phraesaidiam (sin é an t-ainm a bhí ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh san am seo) barúlach go mbeidís féin i gcontúirt dá sealbhódh Beriya an chumhacht, agus bhain siad tosach de. Cúisíodh faoi "ghníomhaíocht choiriúil in aghaidh an Stáit agus an Pháirtí" é, agus cuireadh chun báis é faoi dheifir. Scoilteadh an MVD arís, agus fuair an sean-MGB ainm nua: an KGB, nó Coiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh.

An chéad chathaoirleach ar an KGB a raibh uaillmhianta thar a cheart féin aige, b'é Aleksandr Shelepin é. Bhí sé i gceannas ar an gCoiste sna blianta 1958-61, agus nuair a chaill Khrushchev a oifig mar Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh, bhí Shelepin orthu siúd a ghlac páirt sa choup seo. Mar sin féin, tugadh bata is bóthar do Shelepin agus dá choimircí, Vladimir Semichastnyi. Ba chuimhin le Brezhnev an dóigh a raibh Beriya ag iarraidh dul i gceannas ar an Aontas Sóivéadach i ndiaidh bhás Stailín, agus níor theastaigh uaidh an iomarca cumhachta a fhágáil ag ceannairí an KGB i dtréimhse na héiginnteachta i ndiaidh imeacht Khrushchev,

B'é Yuri Andropov a tháinig i gcomharbas ar Shelepin agus ar Semichastnyi. Bhí seisean ar an duine ab fhaide a d'fhan i gceannas ar an KGB, agus ar an duine ba mhó cumhachta, leis. D'éirigh leis suíochán an Ard-Rúnaí a bhaint amach dó féin nuair a cailleadh Brezhnev sa deireadh, ach níor mhair sé féin i bhfad ina dhiaidh sin. Fad is a d'fhan sé i gceannas, bhí an KGB an-dian ag iarraidh muintir an Aontais Shóivéadaigh a choinneáil faoi smacht agus pionós a ghearradh dóibh siúd nach dtabharfadh an urraim cheart don idé-eolaíocht.

B'é Vladimir Kryuchkov ceannasaí deireanach an KGB. Bhí sé míshásta leis an ngleasnast a bhí á chur chun cinn ag Mikhail Gorbachev, agus bhí sé orthu siúd a d'fhéach le Gorbachev a chur as oifig le lámh láidir sa bhliain 1991. Faoin am seo, áfach, ní raibh eagla ar na daoine roimh an KGB a thuilleadh, agus nuair a thit an tóin as an gcoup d'état seo, bhí port an KGB seinnte. Cuireadh an KGB ar ceal ar an 6 Samhain 1991, agus tháinig dhá eagraíocht nua ina áit: an tseirbhís státslándála, nó an FSB, agus an tseibhís spiaireachta, SVR.

Bhí Vladimir Putin, Príomh-Aire agus iar-Uachtarán na Rúise, ina ghníomhaire don KGB. Ar dtús, bhí sé ag coinneáil súile ar na mic léinn in Ollscoil Leningrad, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair don KGB sa Ghearmáin Thoir.