Réabhlóid Dheireadh Fómhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sórt réabhlóide nó, mar is dóigh leis an gcuid is mó de na saineolaithe inniu, coup d'état sa Rúis i mí na Samhna sa bhliain 1917 ab ea í Réabhlóid Dheireadh Fómhair, nó an Réabhlóid Bhoilséiveach. Tugtar Réabhlóid Dheireadh Fómhair uirthi, toisc go raibh Féilire Iúil i bhfeidhm sa Rúis go fóill le linn na réabhlóide. Ina dhiaidh sin, tháinig an Féilire Gréagórach in úsáid go hoifigiúil, agus de réir an fhéilire sin, thosaigh an réabhlóid seo ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna (an tríú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair, de réir Fhéilire Iúil).

Réabhlóid Dheireadh Fómhair - póstaer. Tá téacs an phóstaeir ag gealladh réabhlóid dhomhanda an Bhoilséiveachais. Feictear lucht an rachmais ag éalú roimh bhratach mhór dhearg a bhfuil na focail Rúisise Мировой Октябрь/Mirovoy Oktyabr - "Deireadh Fómhair ar fud an domhain" - le léamh uirthi.

B'iad an páirtí Boilséiveach, an páirtí Meinséiveach, eite chlé an pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, agus na hAinrialaigh a bhí páirteach i Réabhlóid Dheireadh Fómhair, ach b'iad na Boilséivigh a bhain an leas ba mhó as an réabhlóid, nó tháinig siad i seilbh na Rúise go hiomlán, agus chaith siad a gcuid comhghuaillithe i leataobh i ndiaidh na réabhlóide. An Rialtas Sealadach faoi Alexander Kerensky a bhí ag rialú na Rúise roimhe sin, chaill sé an chumhacht, ach d'éirigh lucht a leanúna amach in aghaidh na mBoilséiveach, agus phléasc cogadh cathartha amach idir na Bána is na Dearga.

Ba pháirt de Réabhlóid na Rúise 1917 í Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Thosaigh an réabhlóid sin le Réabhlóid na Feabhra, agus ba de thoradh na réabhlóide sin a tháinig an Rialtas Sealadach ar an bhfód ar an chéad ásc.

Cúlra[athraigh | edit source]

I Mí Feabhra 1917, tháinig deireadh le réimeas an tSáir Nioclás a Dó. An Rialtas Sealadach a tháinig i gcumhacht ina dhiaidh sin, ní raibh sé sásta scor den chogadh. Is amhlaidh go raibh an Chéad Chogadh Domhanda in aghaidh na Gearmáine á chur ag an Rúis i gcónaí, agus an Rialtas Sealadach buartha faoin tacaíocht a bhí ag teacht ón bhFrainc agus ó Shasana. Ní raibh an cogadh ag éirí leis an Rúis, áfach, agus bhí tuirse chogaidh le haithint san arm agus i measc na cosmhuintire. I Mí an Mheithimh, 1917, bhain Alexander Kerensky, a bhí ina Aire Cogaidh ar an Rialtas Sealadach san am sin, triail as mórionsaí le briseadh tríd an gcathéadan. Ní raibh aon mhaith sa mhórionsaí, nó d'fhan an cathéadan thoir in abar agus i bhfostú ina sheanáit ina dhiaidh sin féin, agus is é an t-aon toradh a bhí ar an iarracht ná gur cailleah cuid mhaith saighdiúirí. Chothaigh an díomua seo míshástacht mhór i measc na saighdiúirí, rud a tháinig chun solais go soiléir, nuair a bhris scliúchais amach i gCathair Pheadair (nó Petrograd, mar a thugtaí ar an gcathair san am) i dtús Mhí Iúil. Tháinig díorma millteanach de mhairnéalaigh faoi airm ó Kronstadt, bunáit chabhlaigh in Oileán Kotlin in aice le Cathair Pheadair, tháinig siad go dtí an chathair agus iad ag éileamh go n-éireodh an Rialtas Sealadach as, agus go rachadh comhairlí neamhspleácha na saighdiúirí agus an lucht oibre - na sóivéidí - i gcumhacht.

Nuair a bhí na círéibí seo curtha faoi chois, mhilleánaigh an Rialtas Sealadach na Boilséivigh fúthu, agus b'éigean do Vlaidimír Léinín agus Grigory Zinovyev, a gceannairí siúd, dul ar a seachnadh. Cé gurbh éigean do na Boilséivigh próifíl íseal a choinneáil go dtí Mí Mheán Fómhair, bhí stádas an pháirtí i measc radacaigh na heite clé chomh láidir is nach raibh sé in aon dainséar. Chuaigh dornán de Dhaonlathaigh Shóisialta ón eite chlé, agus iad in aghaidh an chogaidh, sna Boilséivigh i Mí Lúnasa. Bhí ról tábhachtach ag cuid acu siúd, go háirithe Leon Trotscaí agus Adolf Joffe, in imeachtaí Réabhlóid Dheireadh Fómhair.

Eachtra eile a chuir luas leis an réabhlóid ab ea é scéal Kornilov. Is é an rud a tharla, go bunúsach, gur fhéach Lavr Kornilov, an ginearál a bhí díreach ceaptha mar ardcheannasaí míleata ag Kerensky, - gur fhéach sé leis an gcumhacht a shealbhú dó féin le lámh láidir. Bhain an bhagairt seo a leithéid de scanradh as Kerensky is go ndeachaigh sé i dtuilleamaí na mBoilséiveach le haghaidh cabhrach, agus thug sé, fiú, airm thine do na Gardaí Dearga Boilséiveacha, ionas go bhféadfaidís an phríomhchathair a chosaint ar shaighdiúirí Kornilov. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hairm sin de dhíobháil ar aon nós, nó i ndiaidh an iomláin, d'áitigh saighdiúirí na cathrach ar shaighdiúirí Kornilov gan an chathair a ionsaí. Mar sin féin, glacadh leis ina dhiaidh sin gurbh iad na Boilséivigh "cosantóirí na príomhchathrach", agus bhain siad an-stádas polaitiúil as an gcáil seo. Tháinig na hairm féin isteach áisiúil, ar ndóigh, agus ní rithfeadh leis na Gardaí Dearga ar aon nós iad a thabhairt ar ais do Kerensky. San am sin, bhí an tacaíocht ag trá ar an Rialtas Sealadach agus ar Kerensky go pearsanta. Shealbhaigh na Boilséivigh Sóivéid Petrograd, agus ceapadh Trotscaí ina chathaoirleach ar an tSóivéid.

Eachtraí[athraigh | edit source]

Ar an 23ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair 1917 de réir Fhéilire Iúil, nó ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna de réir an Fhéilire Ghréagóraigh, d'éirigh na Boilséivigh áitiúla faoi cheannas Jaan Anvelt amach i dTaillinn, príomhchathair na hEastóine, a bhí ina cúige de chuid na Rúise san am seo. Ar an 25ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair (an 7ú lá de Mhí na Samhna), tháinig Léinín amach i gceannas ar a chuid díormaí. Roimhe sin féin, shealbhaigh siad foirgnimh agus áiseanna an rialtais gan oiread is urchar a scaoileadh, agus an chuid ba mhó den am, seachnaíodh an doirteadh fola. Istoíche, idir an cúigiú agus an seachtú lá de Mhí na Samhna, a rinne na Boilséivigh ar an bPálás Geimhridh i gCathair Pheadair. Thosaigh an t-ionsaí seo nuair a scaoileadh urchar gunna mhóir ar bhord an chúrsóra Avrora, cúig nóiméad déag roimh a deich a chlog iarnóna. Bhí an Pálás Geimhridh á ghardáil ag Cosacaigh, cathlán bansaighdiúirí, agus cór na n-ábhar oifigeach. D'fhorghabh na Boilséivigh an pálás ag a dó a chlog réamhnóna, agus gaireadh lá oifigiúil na réabhlóide den seachtú lá de Mhí na Samhna, de réir an fhéilire Ghréagóraigh. An cur síos oifigiúil a tugadh ar na himeachtaí ina dhiaidh sin i mbolscaireacht oifigiúil an Aontais Shóivéadaigh, rinne sé an dúrud d'fhorghabháil an Phálás Geimhridh, agus troid fhuilteach á cur os comhair an pháláis, ach le fírinne, níor cuireadh mórán in aghaidh na mBoilséiveach sa Phálás Geimhridh, ach oiread leis na foirgnimh oifigiúla eile. Roghnaíodh an lá sin thar aon lá eile, toisc go raibh toscairí agus ionadaithe na Sóivéidí - is é sin, na gComhairlí neamhspleácha a bhí curtha ar bun ag na saighdiúirí agus an lucht oibre go spontáineach - ag teacht le chéile ar an seachtú lá de Mhí na Samhna sa chathair, nó bhí an Dara Comhdháil Uile-Rúiseach s'acu le tosú ansin. Bhí na Boilséivigh ag tabhairt le fios nár shealbhaigh siad an chumhacht ach le hí a bhronnadh ar an gComhdháil sin.

Torthaí[athraigh | edit source]

Bhí sé chéad naonúr toscairí agus dhá scór (649) ar Dhara Comhdháil na Sóivéidí. Trí chéad deichniúr is ceithre scór acu (390), ba Bhoilséivigh iad,[1] agus thairis sin, bhí beagnach céad duine ann ag tacú le heite chlé na Réabhlóidithe Sóisialacha, comhghuaillithe na mBoilséiveach. Nuair a chualathas go raibh an Pálás Geimhridh forghafa, reachtaigh an Chomhdháil acht faoi aistriú na cumhachta ón Rialtas Sealadach go Toscairí na Saighdiúirí, na Scológ is an Lucht Oibre. Mar sin, thug siad faomhadh oifigiúil don réabhlóid. Ina dhiaidh sin féin, bhí freasúra ann nár ghlac leis an aistriú cumhachta seo. Bhí lár agus eite dheas na Réabhlóidithe Sóisialacha suite siúráilte go raibh na Boilséivigh i ndiaidh an chumhacht a shealbhú go mídhlíthiúil, agus thréig siad an chomhdháil sular glacadh leis an acht. Nuair a bhí siad ag dul amach, scairt Trotscaí ina ndiaidh: "Níl ionaibh ach aonaráin thruamhéileacha. Tá bhur mbanc briste agus bhur bport seinnte. Téigí go dtí an áit is dual daoibh anois - carn aoiligh na staire!"

Ar an lá arna mhárach, cheap an Chomhdháil Sovnarkom, nó Comhairle na gCoimiseár Pobail. B'é sin dúshraith an rialtais nua Shóivéadaigh. Thairis sin, reachtaíodh an tAcht Talún. Thug an t-acht seo faomhadh don dóigh ar shealbhaigh scológa tailte príobháideacha ar fud na Rúise le hiad a athroinnt eatarthu féin, le linn na réabhlóide. Bhí na Boilséivigh ag iarraidh an chuma a chur orthu féin go raibh siad ag seasamh do chomhghuaillíocht an lucht oibre agus na scológ, rud is bunús le siombaileachas an tsuaitheantais a roghnaíodh don Aontas Shóivéadach, mar atá, an t-ord agus an corrán.

Ina dhiaidh sin, rinne Boilséivigh áitiúla iarrachtaí chun an chumhacht a shealbhú i gcuideanna eile na Rúise. An áit a raibh na Rúisigh ina dtromlach, bhí ag éirí go maith leo. Maidir leis na náisiúntachtaí eile, áfach, bhí siad ag santú neamhspleáchais le fada an lá, agus ní raibh siad rófháiltiúil roimh aon chineál rialtas Rúiseach, an ceann Boilséiveach san áireamh. Mar shampla, bhí Rada na hÚcráine tar éis féinrialtas a fhógairt ar an 23ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1917. Ar an bhfichiú lá de Mhí na Samhna, d'fhógair an Rada Poblacht Náisiúnta na hÚcráine, agus tacaíocht ag teacht ó Chomhdháil na Sóivéidí Úcráineacha. B'é ba toradh dó seo gur phléasc cogaíocht amach idir an rialtas Boilséiveach agus an Úcráin. Ar an 25ú lá de Mhí Eanáir, 1918, d'eisigh na hÚcráinigh forógra ag maíomh go raibh an Úcráin neamhspleách ar fad ar an Rúis. San Eastóin, arís, tháinig dhá rialtas ar an bhfód in iomaíocht le chéile. D'fhógair Dáil na hEastóine neamhspleáchas ar an 28ú lá de Mhí na Samhna, 1917. San am céanna, thug rialtas Léinín aitheantas do rialtas Boilséiveachas Jaan Anvelt. Ní raibh fórsaí Anvelt ach i seilbh na príomhchathrach, áfach.

Tagairtí[athraigh | edit source]