Alexander Kerensky
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Александръ Ѳедоровичъ Керенскій |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 22 Aibreán 1881 (Iúlach) Ulyanovsk, An Rúis |
Bás | 11 Meitheamh 1970 89 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Áit adhlactha | Reilig Putney Vale |
Príomh-Aire na Rúise | |
21 Iúil 1917 – 7 Samhain 1917 ← Georgy Lvov (en) – Vlaidímír Leinín → | |
Ball den Duma Stáit de Impireacht na rúise | |
Ball de Chomhthionól na Rúise | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ceartchreidmheach an Oirthir |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Faculty of Law, Saint Petersburg State University (en) |
Teanga dhúchais | an Rúisis |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Cathair Pheadair |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir, réabhlóidí |
Fostóir | Ollscoil Stanford |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha Trudoviks (en) |
Teangacha | An Rúisis agus Béarla |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1964 | Radio Canada International (en) |
Teaghlach | |
Céile | Olga Kerensky (–1939) Lydia Tritton (1939–) |
Páiste | Oleg Kerensky ( ) |
Athair | Fedor Kerensky |
Polaiteoir Rúiseach ab ea Alexander Kerensky (Rúisis: Алекса́ндр Фёдорович Ке́ренский, Aleksandr Fëdorovič Kerenskij; 4 Bealtaine 1881 – 11 Meitheamh 1970 i Nua Eabharc), idir oifigeach agus réabhlóidí. Bhí sé i gceannas ar Shóivéid Petrograd ar dtús, agus ansin ar Rialtas Sealadach na Rúise i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra.
An rialtas sealadach, 1917
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é an fhadhb a bhain leis an rialtas seo ná nár éirigh siad as an gcogadh, cé go raibh tuirse ar mhuintir na Rúise ar fad i ndiaidh bhlianta fada an chogaidh. Ó bhí na Boilséivigh ag gealladh síochána, fuair siad cuid mhaith tacaíochta dá gcuid iarrachtaí an Rialtas Sealadach a chur ar ceal.
Bhí Kerensky ag déanamh a dhíchill leis na saighdiúirí a choinneáil i mbun troda, agus ní raibh caill ar bith air mar óráidí. Spreag sé an t-arm an uair dheireanach i rith an ionsaí i Mí Iúil. Ar dtús, bhí ag éirí leo, ach diaidh i ndiaidh, thráigh an soláthar orthu, agus bhí na Gearmánaigh ábalta an t-ionsaí a stopadh.
Nuair a bhí teipthe ar an ionsaí, thosaigh an t-arm ag titim as a chéile le linn na "laethanta i Mí Iúil", mar is gnách a thabhairt ar an tréimhse i ndiaidh na teipe. Chuathas ar stailc ina lán áiteanna, agus thosaigh na trioblóidí sna cathracha. D'fhéach Kerensky leis na Boilséivigh a chaitheamh i dtóin phríosúin, ach ní raibh na ginearáil róshásta comhoibriú leis a thuilleadh. Ansin, chinn an Ginearál Lavr Kornilov ar Chathair Pheadair a ghabháil "leis an tsíocháin a chur ar bun arís".
B'fhearr le Kerensky na Boilséivigh féin ná deachtóireacht Kornilov, agus mar sin, scaoil sé saor na Boilséivigh arís eile, le go gcabhróidís leis coup d'état an ghinearáil a chosc. Ansin, thréig na Cosacaigh Kornilov, agus ní raibh arm ag an nginearál a thuilleadh.
Réabhlóid Dheireadh Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúpla seachtain i ndiaidh na heachtra seo, shealbhaigh Lenin agus na Boilséivigh an chumhacht sa Rúise i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éalaigh Kerensky ón gcathair nuair a chonaic sé céard a bhí ag tarlú, agus d'fhág sé an chuid eile den Rialtas Sealadach sáinnithe sa Phálás Geimhridh.
Tearmann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Theith Kerensky as an tír nuair a shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht. Fuair sé tearmann ar dtús sa Fhrainc. Theith sé arís sa bhliain 1940 nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach.
Lonnaigh Kerensky sna Stáit Aontaithe agus d'fhan sé ansin a raibh fágtha dá shaol. Bhí sé ag léachtóireacht faoi stair na Rúise, agus scríobh sé cúpla leabhar faoin Rúis agus faoi imeachtaí na réabhlóide.
D'éag Kerensky i Nua-Eabhrac sa bhliain 1970 (artairiscléaróis).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |