Lavr Kornilov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLavr Kornilov

(1916) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Лвов Георгиевич Корнилов
Beathaisnéis
Breith18 Lúnasa 1870 (Iúlach)
Ust-Kamenogorsk Uyezd (Impireacht na Rúise)
Bás31 Márta 1918 (Iúlach)
47 bliana d'aois
Krasnodar (an Rúis)
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheachas
Scoil a d'fhreastail sé/síCorps des cadets d'Omsk (fr) Aistrigh
Mikhailovsky Artillery School (en) Aistrigh
General Staff Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, taidhleoir, oifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
Brainse míleataImperial Russian Army (en) Aistrigh agus cos-slua
Céim mhíleataGeneral of the Infantry (en) Aistrigh
captaen
shtabs-kapitan (en) Aistrigh
poruchik (en) Aistrigh
podporuchik (en) Aistrigh
podpolkovnik (en) Aistrigh
maorghinearál
coirnéal
leifteanant-ghinearál
General of the Infantry (Imperial Russia) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arSouthwestern Front (en) Aistrigh agus Volunteer Army (en) Aistrigh
CoinbhleachtCogadh na Rúise agus na Seapáine, An Chéad Chogadh Domhanda, Cogadh Cathartha na Rúise, Battle of Galicia (en) Aistrigh, Battle of Mukden (en) Aistrigh, Brusilov Offensive (en) Aistrigh, Battle of Sandepu (en) Aistrigh, Ice March (en) Aistrigh agus Q4527023 Aistrigh
Gradam a fuarthas
Síniú
Lavr Kornilov

Ginearál Rúiseach ab ea Lavr Georgiyevich Kornilov (Rúisis: Лавр Георгиевич Корнилов, Lavr Georgievič Kornilov) (18 Lúnasa, 1870 - 13 Aibreán 1918) a throid sa Chéad Chogadh Domhanda agus i gCogadh Cathartha na Rúise. Coinníonn na staraithe cuimhne air, toisc go ndearna sé iarracht i rith Mhí Lúnasa agus Mhí Mheán Fómhair 1917 rialtas na Rúise a chosaint ar na Boilséivigh. Ach b'é ba toradh dá iarracht ná gur scaoil Aleksandr Kerensky (a bhí i gceannas ar Shóivéid Petrograd) saor leo siúd.

Roimh an Réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Kornilov mar dhéagóir

Cosacach ab ea Kornilov a saolaíodh sa Chasacstáin (nó sa Turcastáin Rúiseach, mar a thugtaí ar an gceantar san am sin). Cosacach agus fear míleata ab ea athair Kornilov, agus ba bhean áitiúil í a mháthair.

Chaith Kornilov na blianta fada ina oifigeach proifisiúnta in Arm Impiriúil na Rúise. Sna blianta 1890-1904, bhí sé i gceannas ar mhisean taiscéalaíochta in Oirthear na Turcastáine, san Afganastáin agus sa Pheirs. D'fhoghlaim sé sraith teangacha Lár-Áiseacha, agus bhreac sé síos tuairiscí mionchruinne faoina raibh feicthe aige. Le linn Chogadh na Rúise agus na Seapáine, 1904-1905, bronnadh Cros Naomh Seoirse air, chomh maith le céimíocht an choirnéil.

Sna blianta 1907-11, bhí Kornilov ina attaché míleata sa tSín. Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí sé ina Mhaor-Ghinearál, agus rannán cos-slua faoina cheannas. I Mí Aibreáin 1915, nuair a bhí troid fhíochmhar á cur ar an gcathéadan, chaill sé an teagmháil a bhí aige leis na trúpaí Rúiseacha eile, agus rug na hOstaraigh air. Nuair a bhí sé ina chime cogaidh, tháinig an Marascal Machaire Franz Conrad von Hötzendorf ar cuairt chuige go pearsanta, ó chuala sé go raibh cime chomh tábhachtach sin aige. I Mí Iúil 1916, áfach, d'éirigh le Kornilov éalú agus filleadh go dtí an Rúis.

Bhí dearcadh criticiúil ag Kornilov ar an monarcacht Rúiseach. Nuair a bhí an chumhacht bainte den tSár Nioclás a Dó, cuireadh i gceannas Cheantar Míleata Chathair Pheadair é, i Márta 1917. I Mí an Mheithimh 1917, rinne Arm na Rúise iarracht ionsaí a theip orthu, ach b'é Kornilov an t-aon ghinearál amháin ar éirigh an t-ionsaí leis. Mar sin, cuireadh i gceannas ar an arm go léir é.

1 Iúil 1917

An Coup d'État nár éirigh leis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh Kornilov míshásta leis an Sár Nioclás, bhí sé den tuairim nár chóir don Rúis a cuid comhghuaillithe a ligean síos sa chogadh. Ar nós a lán Rúiseach, bhí sé barúlach fosta go raibh anord agus ainriail ag dul i bhfairsinge sa tír i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra, agus dá gcaillfí an cogadh, go gcaillfí an Rúis. Dúirt sé nach raibh i Léinín agus sna Boilséivigh ach spiairí Gearmánacha agus gur chóir iad a chur chun báis. D'éiligh sé freisin go gcuirfí an disciplín mhíleata i bhfeidhm ar an arm arís, go gcuirfí deireadh le comhairlí an lucht oibre agus na saighdiúirí (na sóivéidí), agus go n-"athstruchtúrófaí" an Rialtas Sealadach féin.

Chreid sé go raibh údarás ó Kerensky aige an tsíocháin a chur ar bun arís sa phríomhchathair agus an rialtas a athstruchtúrú. Mar sin, d'ordaigh sé do Thríú Cór an Airm máirseáil go Cathair Pheadair agus an dlí míleata a chur i bhfeidhm ar an áit. Maidir le Kerensky, áfach, scoir sé Kornilov de phost an Ard-Cheannasaí ar an 9 Meán Fómhair, agus é á chur ina leith go raibh sé ag iarraidh deachtóireacht mhíleata a chur ar bun.

Chreid Kornilov go raibh Kerensky cimithe ag na Boilséivigh, agus gur chuir siadsan d'fhiachaibh air a leithéid d'ordú a thabhairt don Ghinearál. Is é an freagra a thug Kornilov ná gur eisigh sé gairm shlógtha do na Rúisigh go léir, agus é ag áitiú orthu "teacht chun tarrthála don tír seo againne atá ag saothrú an bháis cheana féin".

lucht a leanúna, 1917
ionchomhartha Kornilov

I nDiaidh an Choup d'État[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a theip ar an gcoup d'état, cuireadh Kornilov agus lucht a leanúna faoi choimhéad i bpríosún Bikhov. Go gairid ina dhiaidh sin, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht. D'éirigh le Kornilov an príosún a thréigean, ós rud é go raibh lucht tacaíochta dá chuid féin i measc na séiléirí.

Rinne Kornilov a bhealach go dtí réigiún Abhainn Don, agus chabhraigh sé leis an nGinearál Mikhail Alekseyev arm frith-Bhoilséiveach a shlógadh i Novocherkassk. Cé go raibh na Boilséivigh i bhfad ní ba líonmhaire, d'éirigh le Kornilov agus lena dhíorma beag an-chath a chur orthu.

Fuair Kornilov bás i Mí Aibreáin 1918, le linn an chatha faoi Ekaterinodar. Nuair a bhí a chuid saighdiúirí ag cur léigir ar an gcathair, mharaigh sliogán de chuid na nDearg é.

Cuireadh é i gceann de na sráidbhailte máguaird. Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig na Boilséivigh go dtí an sráidbhaile. Dhí-adhlaic siad corpán an Ghinearál agus náirigh siad go poiblí é. Ina dhiaidh sin, d'ainmnigh ginearáil an Airm Bháin ceann de rannáin an Airm as Kornilov.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]