Réabhlóid na Feabhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'í Réabhlóid na Feabhra an chéad chéim de Réabhlóid na Rúise sa bhliain 1917. Chuir an réabhlóid seo deireadh le hImpireacht na Rúise agus tús le poblacht liobrálach a mhair ar feadh leathbhliana.

An Réabhlóid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Réabhlóid ab ea í seo a chuir an Sár Nioclás II as cumhacht. B'eisean Impire deireanach na Rúise. I Mí Feabhra 1917, tháinig deireadh le réimeas an tSáir Nioclás a Dó. Tugadh bata agus bóthar dó ar an 21 Márta.

Toradh[athraigh | athraigh vicithéacs]

De thoradh na réabhlóide seo, chuaigh rialtas sealadach nua i gceannas ar an tír. Comhrialtas ab ea é a raibh polaiteoirí liobrálacha agus sóisialacha air, agus iad meáite ar stát agus sochaí na Rúise a athrú go hiomlán. Leis an stát a chur ar bhealach a leasa, chruthaigh siad cumhacht fheidhmitheach dhaonlathach agus comhthionól bunreachtúil.

Ba ea Alexander Kerensky ar an bpolaiteoir ba thábhachtaí ar feadh leathbhliana. Bhí sé i gceannas ar Shóivéid Petrograd ar dtús, agus ansin ar Rialtas Sealadach na Rúise i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra.

B'é an fhadhb a bhain leis an rialtas seo ná nár éirigh siad as an gcogadh, cé go raibh tuirse ar mhuintir na Rúise ar fad i ndiaidh bhlianta fada an chogaidh. Ó bhí na Boilséivigh ag gealladh síochána, fuair siad cuid mhaith tacaíochta dá gcuid iarrachtaí an Rialtas Sealadach a chur ar ceal.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]