Cogadh Rúis-Seapánach
Cogadh Rúis-Seapánach | |||
Dáta: | 8 Feabhra 1904 – 5 Meán Fómhair 1905 | ||
Áit: | An Mhanchúir, An Mhuir Bhuí | ||
Toradh: | Bua na Seapáine. Conradh Portsmouth | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
| |||
† Fuair bás sa choimhlint |
Fearadh an Cogadh Rúis-Seapánach idir 8 Feabhra 1904 – 5 Meán Fómhair 1905 in oirthear na hÁise. Bhain an tSeapáin bua mór amach, agus fuair Impireacht na Rúise greasáil cheart, Cás an leoin - nó an bhéir - agus na luiche a bhí ann. Tír bheag bhocht a bhí sa tSeapáin ag an am, nó sin a cheap lucht na hEorpa. Ach bhí an tSeapáin gach pioc chomh láidir le tíortha na hEorpa, agus fiú an tír is mó san Eoraip, Impireacht na Rúise, nó sin a dúirt lucht na Seapáine ag an am.
Bhris réabhlóid amach sa Rúis sa bhliain 1905 agus míleatú sa tSeapáin sna blianta ina dhiaidh.
An cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shealbhaigh saighdiúirí na Rúise Port Artúir, cuanchathair in aice leis an gCóiré, sa bhliain 1898. Ach bhí na Seapánaigh thar a bheith buartha, ar eagla go gcaillfeadh siad a gcuid tionchair ar an gCóiré.
Ní raibh aon mhoill orthu téisclim a dhéanamh chun cogaidh; agus i Mí Fheabhra den bhliain 1904, d'ionsaigh na Seapánaigh Port Artúir agus cuireadh an ruaig ar na Rúisigh. D'éirigh leo an chuid is mó de loingeas cogaidh na Rúise a scrios, agus bhí na Rúisigh sách mall ag tabhairt freagra.
Ní raibh an t-ádh orthu ina dhiaidh sin, ach an oiread. Thuirsigh maidhm i ndiaidh maidhme iad, agus nuair a tháinig cabhlach cogaidh na Bailte ó Chathair Pheadair thart ar an Afraic go dtí an Cian-Oirthear le fortacht a thabhairt do na díormaí Rúiseacha ansin, d'ullmhaigh an t-aimiréal Seapánach Heihachiro Togo luíochán roimh na Rúisigh.
Nuair a nocht na longa Seapánacha óna bhfolacháin, fágadh an cabhlach Rúiseach i ngaiste, agus chuaigh an chuid ba mhó acu go tóin poill i gCaolas Chisima, idir an Chóiré agus an tSeapáin i lár Mhí Bhealtaine den bhliain 1905.
Níor tháinig ach sé long chogaidh slán as an teagmháil, agus acu sin féin, b'éigean do thrí long sábháilteacht a lorg i gcuan cogaidh na Meiriceánach i Manila. Ó bhí na Meiriceánaigh neodrach sa chogadh seo, rinne siad na longa agus a gcuid crú a imtheorannú sa chuan - is é sin, choinnigh siad istigh ansin iad go dtí go raibh an cogadh thart.
Bua na Seapáine
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'iad na Seapánaigh a ghnóthaigh an cath agus an cogadh, mar sin. Bhí an tAimiréal Togo i mbun agus rinne a cheannaireacht dhiongbháilte difear an tsaoil. Ach b'é ba phríomhchúis leis an rath ná go raibh na Seapánaigh i bhfad chun tosaigh ar na Rúisigh i gcúrsaí teicneolaíochta, a fhad is a bhí na longa cogaidh i gceist. Bhí a gcuid long ní ba luaithe, agus a gcuid gunnaí ní b'fhearr, chomh maith.[2]
Éirí amach na bliana 1905
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bualadh náireach a bhí ann don Rúis agus chuir cosmhuintir na Rúise an locht ar na huaisle is na hoifigigh. Mar sin, bhris réabhlóid amach sa bhliain 1905.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Richard Connaughton: Rising Sun and Tumbling Bear: Russia's War With Japan'. Cassell, 2003, ISBN 0-304-36184-4
- Rotem Kowner: Historical Dictionary of the Russo-Japanese War. Scarecrow, 2006, ISBN 0-8108-4927-5
- Geoffrey Jukes: The Russo-Japanese War 1904-1905. Motorbooks International, 2002, ISBN 1-84176-446-9
- Ian Nish: The Origins of the Russo-Japanese War. Longman, 1985, ISBN 0-582-49114-2
- Alexej Silytsch Nowikow-Priboj: Tsushima. Volksverlag, 1955
- Ernst zu Reventlow: Der Russisch-Japanische Krieg. Berlin 1905
- Sven Saaler, Inaba Chiharu (Hrsg.): Der Russisch-Japanische Krieg 1904/05 im Spiegel deutscher Bilderbogen. Deutsches Institut für Japanstudien, Tokio 2005 (Abstract Curtha i gcartlann 2014-01-03 ar an Wayback Machine)
- M. H. Sprotte, W. Seifert, H.-D. Löwe: Der Russisch-Japanische Krieg 1904/05. Wiesbaden 2008, ISBN 978-3-447-05707-3
- J. Taburno: Die Wahrheit über den Krieg!. Cronbach, Berlin 1905 (Digitalisat)
- Denis Warner: The Tide at Sunrise: A History of the Russo-Japanese War, 1904-1905. David McKay Co., 1974, ISBN 0-88327-031-5
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 http://necrometrics.com/index.htm
- ↑ "Twentieth Century Atlas - Death Tolls". necrometrics.com. Dáta rochtana: 2021-02-08.