Luch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLuch
Mus Cuir in eagar ar Wikidata

luch thí Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Príomhfhoinse biasíol, Fréamh, duilleog, feithid agus bia Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdRodentia
FineMuridae
FofhineMurinae
GéineasMus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is mamach beag í luch agus baint aici le hord na gcreimirí. Is an luch thí (Mus musculus) an speiceas is mó iomrá, agus tá an luch mhóinéir (Apodemus) líonmhar in áiteanna éigin, cé go ndéanann iolair, seabhaic agus a leithéidí creach uirthi.

Tá roinnt creimirí ann atá dealraitheach le lucha agus atá le fáil i dtithe uaireanta. Orthu sin tá Peromyscus leucopus (an luch chosbhán) agus Peromyscus maniculatus.

Is iomaí ainmhí agus éan a itheann lucha - nathracha, madraí rua agus eile. Mar sin féin, tá an luch ar cheann de na géinis mhamacha is rathúla toisc gur féidir léi maireachtáil san oiread sin áiteanna.

Is féidir le lucha dochar a dhéanamh, go háirithe nuair a itheann siad barra.[1] Is féidir leo díobháil a dhéanamh do thithe agus galracha a spré trí chac agus trí sheadáin.[2]

Istoíche is mó a bhíonn lucha sa siúl. Níl radharc na súl go han-mhaith acu agus téann siad i muinín a gcluasa géara agus ina gcumas bolaíochta chun teacht ar bhia.[3]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Meerburg BG, Singleton GR, Leirs H. 'The Year of the Rat ends: time to fight hunger!' Pest Manag Sci, volume 65, issue 4, 2009: http://www3.interscience.wiley.com/journal/121686000/abstract Curtha i gcartlann 2012-12-17 at Archive.today lgh 351–2
  2. Meerburg BG, Singleton GR, Kijlstra A. 'Rodent-borne diseases and their risks for public health,' Crit Rev Microbiol, volume 35, issue 3, 2009: http://www.informahealthcare.com/doi/pdf/10.1080/10408410902989837 lgh 221–70
  3. "The Humane society of the United States". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-22. Dáta rochtana: 2011-01-12.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]