Francach (ainmhí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFrancach
Rattus Cuir in eagar ar Wikidata

francach donn Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdRodentia
FineMuridae
FofhineMurinae
GéineasRattus Cuir in eagar ar Wikidata
Fischer von Waldheim, 1803

Is é is francach[1]luch Fhrancachluchóg mhór ann ná creimire den ghéineas Rattus. Is iad na cineálacha is tábhachtaí sa ghéineas seo ná an francach donn (Rattus norvegicus) agus an francach dubh (Rattus rattus). Uaireanta, áfach, tugtar "francach" ar chreimirí de chineálacha eile freisin a bhfuil an mhéid chéanna iontu, cé nach bhfuil ach lúb bheag ghaoil acu leis na fíor-fhrancaigh.

Tabhair faoi deara go bhfuil ciall eile leis an bhfocal "francach" i nGaeilge Mhaigh Eo, is é sin, an chearc Fhrancach nó an turcaí.

Bíonn na francaigh níos mó ná na gnáthluchóga (an géineas úd Mus). Go ginearálta, bíonn siad níos faide ná dhá cheintiméadar déag (timpeall ar chúig orlaí).

Na francaigh is mó a bhíonn ar fáil sna tíortha Iartharacha inniu, baineann siad leis an gcineál Rattus norvegicus, is é sin, an francach donn (cé gur minicí a bhíonn siad liath ná donn). Is féidir leis an bhfrancach donn bheith 25 cm ar fad, agus an t-eireaball ar aon fhad leis an gcabhail (is é sin, 25 cm eile). De ghnáth, bíonn na fireannaigh timpeall ar 350 g ar mheáchan, agus na baineannaigh 100 g níos éadroime, ach is féidir le haonáin mhóra meáchan leath cileagraim a shroicheadh. Bíonn na francaigh ábalta fuaimeanna a aithint go híogair, agus iad ábalta ultrafhuaimeanna a chloisteáil - is é sin, fuaimeanna atá ró-ard ó thaobh na tuine de le go gcloisfeadh an duine iad. Thairis sin, tá bolú maith acu. Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuil radharc a súl thar moladh beirte, nó tá siad dathchaoch - is é sin, ní aithníonn siad ach cúpla dath, cosúil leis an duine a bhfuil dathdhaille dhearg-uaine air.

Francach fiáin

Is uiliteoir - ainmhí uiliteach - é an francach, is é sin, is féidir leis beagnach gach sórt a ithe, idir fheoil agus phlandaí. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gurb é an t-arbhar an cineál bia is tábhachtaí don fhrancach. Taithníonn uibheacha scrofa, macarón agus cáis go mór mór leis na francaigh. Istoíche is mó a bhíonn siad i mbun a gcuid mioscaise, agus níl aon chaill orthu ag snámh, ach is é an difríocht idir an francach donn agus an francach dubh, amach ón dath, nach bhfuil an cineál donn leath chomh maith ag dreapadh agus an cineál dubh. Bíonn na francaigh dhonna an-mhaith ag tochailt, agus iad ábalta cathracha gríobháin de phoill a dhéanamh sa talamh, an dóigh a mbíonn siad ag tochailt rompu. Ainmhí cliste é an francach donn, leis. Sa bhliain 2007, haithníodh go bhfuil meiteachognaíocht ag an bhfrancach donn - is é sin, go bhfuil sé in ann é féin a aithint mar aonán agus a thuiscint go bhfuil sé ag smaoineamh.

Is féidir leis an bhfrancach donn fiu cúig ál a bhreith in aghaidh na bliana, má fhabhraíonn na himthosca dó. Ní bhíonn na baineannaigh ach 21 lá ag iompar, agus bíonn timpeall ar seacht gcinn bheaga san ál de ghnáth, cé gur féidir fiú ceithre cinn déag a bheith ann uaireanta. Is féidir don fhrancach aois trí bliana a bhaint amach, ach faigheann an chuid is mó acu bás roimh dheireadh an chéad bhliain acu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Rattus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.