An Chóiré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chóiré.

An Chóiré (Cóiréis: (조선 nó 한국) is ainm don réigiún tíreolaíochta agus iar-stát atá suite in oirthear na hÁise, ar Leithinis na Cóiré. Sibhialtacht ársa atá ann, ach tá sí roinnte ina dhá tír eile sa lá atá inniu ann - an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas. Tá teorainneacha aici le Daon-Phoblacht na Síne iarthuaidh agus Cónaidhm na Rúise oirthuaidh.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá fianaise sheandálaíocht go raibh daoine ina gcónaí ar an leithinis seo 700,000 bliain ó shin, agus thosaigh an ré Neoiliteach timpeall 6000 RC.

Gojoseon[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sean-ríocht ab ea Gojoseon, a bhunaíodh sa bhliain 2333 RC, de réir an finscéal Dangun. Thugtaí an t-ainm Joseon uirthi ag an am, ach úsáidtear Gojoseon inniu ("Sean-Joseon") chun idirdhealú a dhéanamh ón Ríshliocht Joseon (1392-1910). B'í Asadal, i ndeisceart Manchúr an céad príomhchathair, ach bogadh í níos déanaí go dtí an príomhchathair nua-aimseartha Pyongyang (san Chóiré Thuaidh inniu). Tá déantáin cultúrtha ón ré seo le fáil fós ar fud na Cóiré agus an Manchúr.

D´fhás Gojoseon idir an 7ú haois RC agus an 4ú haois RC, agus fógraíodh ina ríocht féin í tar éis tamaill. Thit sí sa bhliain 108 RC, tar éis ionsaí ag an Ríshliocht Han na Síne.

Na Trí Ríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh bun le trí ríocht nua tar éis Gojoseon - Goguryeo, Silla, agus Baekje, a bhí i gcomórtas le chéile i gcúrsaí airgeadais agus mhíleata. B'é an Búdachas an phríomh-reiligiún a bhí acu.

Bunaíodh Goguryeo sa bhliain 37 RC ag Jumong, nó Rí Dongmyeongseong. Bhí Buyeo, Okjeo, Dongye agus stáit eile aontaithe le chéile sa ríocht seo, agus cuireadh deireadh leis an réigiún Síneach deireanach i 313. Bhí an lámh in uachtar ag Goguryeo thar na ríochta eile, ach bhí sí ag troid i gcónaí in aghaidh na ríshliochta Síneach Sui agus Tang. Bhí Baekje bunaithe sa bhliain 18 RC ag Onjo, mac le Jumong, san aít ina bhfuil an chathair nua-aimseartha Seoul suite. Bhí an taobh deisceartach an leithinis faoi smacht an ríocht seo i rith an tréimhse seo. B'é Bak Hyeokgeose a bhunaigh an ríocht Silla i 57 RC.

Silla Aontaithe agus Balhae[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rinne Silla ionsaí ar Baekje i 660 agus Goguryeo i 668, le cabhair ón Ríshliocht Tang ón tSín. Cruthaíodh ríocht nua le hainm Silla Aontaithe, a chlúdaigh an cuid is mó den leithinis ag an am. Mar thoradh, thóg an iar-ghinireál Goguryeo Dae Joyeong slua daoine chuig an réigiún Jilin i Manchúr, agus bhunaigh siad Balhae ina chomharba ar Ghoguryeo. Scriosadh Balhae ag na Khitanaigh sa bhliain 926.

Ríshliocht Goryeo[athraigh | athraigh vicithéacs]

B'é Goryeo an ríshliocht ab láidir idir 918 agus 1392. Chuaigh a lán de na ceannairí ón mBalhae isteach ann, agus clúdaigh sé an leithinis go hiomlán agus roinnt talún atá suite sa tSín inniu. I rith an ré seo, tháinig seirbhís shibhialta isteach agus d'fhás an Búdachas go flúirseach.

Lean ionsaithe ó na treibheanna Jurchen agus Khitan ar aghaidh le linn an 10ú haois agus an 11ú haois, ar an teoreann tuaisceartach don chuid is mó. Bhí coimhlint idir na húdaráise shibhialta agus mhíleata ag méadú, agus tar éis tamall bhí éirí amach ag na húdaráis mhíleata.

Rinne Impireacht na Mongóile ionradh sa bhliain 1238. Mhair an cogadh ar feadh tríocha bliana, agus síníodh conradh ag an deireadh.

Thosaigh an impireacht ag laghdú i rith na 1340í, agus bhí an Chóiré saor chun athchóiriú a dhéanamh gan cur isteach ag na Mongólaigh.

Ríshliocht Joseon[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh tús leis an ríshliocht Joseon sa bhliain 1392, tar éis coup d’état a bhí eagraithe ag Yi Seong-gye. Bogadh an phríomh-chathair go dtí Hanseong (an chathair Súl (Seoul) inniu), agus tógadh an pálás le hainm Gyeongbokgung sa bhliain 1394. Chruthaigh Rí Sejong Mór (1418-1450) Hangul (an aibitír Chóiréach), agus rinneadh a lán dul chun cinn i gcúrsaí cultúrtha agus teicneolaíochta i rith an ré seo.

Rinne an tSeapáin ionradh faoi dhó idir 1552 agus 1598. Cé go raibh a lán dochar déanta acu, bhí siad ábalta an lámh in uachtar a fháil le cabhair ón Ríshliocht Ming. Lean na hionraí ar aghaidh áfach, sna 1620í agus na 1630í, an Manchúr a bhí i gceist an am seo. Tar éis an chailleadh seo, bhain an Chóiré taitneamh as dhá céad bliain síochánta. Tugadh an leasainm "an ríocht díthreabhach" uirthi sa tréimhse seo.

Faoi smacht na Seapánaigh[athraigh | athraigh vicithéacs]

As na 1870í amach, thosaigh an tSeapáin ag cur brú ar an gCóiré chun teacht isteach faoi a cuid smacht. Bhí Banimpire Empress Myeongseong na Cóiré feallmharaithe ag na Seapánaigh sa bhliain 1895. Troideadh an Cogadh Síneach-Seapánach agus an Cogadh Rúiseach-Seapánach, agus thit an Chóiré faoi riail na Seapánaigh. I 1910, chuir na Seapánaigh brú ar Chóiré an Conradh Nasc-Ghabháil Seapáin-Cóiré a shínigh.

Bhí gluaiseacht láidir sa Choíré i gcoinne riail crua na Seapánaigh, a bhí le feiceáil san Gluaiseacht 1 Márta 1919. Cuireadh é faoi chois, agus maraíodh 7,000 duine ag na póilíní. Bhris amach coimhlint eile anois is arís i Manchúr i gcoinne na Seapánaigh. Tháinig na míle daoine isteach san Arm Náisiúnta Réabhlóideach agus an Arm Saoirse chun troid i gcoinne na Seapáine, agus bunaíodh rialtas deoraíocht Chóiréach i Shang-hai.

Rinne a lán dochar do chultúr na Cóiré. Cuireadh cosc ar an dteanga Cóiréis, agus bhí orthu ainmneacha Seapánacha a úsáid. Thóg na Seapánaigh a lán de na déantáin go dtí an tSeapáin, agus tá siad le fáil fós i músaem Seapánach. I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí ar an Chóiré tacaíocht a thabhairt do na Seapánaigh.

M26 Pershing, Seoul, 1950

An Cogadh Fuar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 25 Meitheamh 1950, rinne An Chóiré Thuaidh ionradh ar an gCoiré Theas, ag cur tús lé cogadh cathartha.