Muir na Seapáine
(ja) 日本海 (ko) 동해 | |||||
Cineál | Muir imeallach | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | an tAigéan Ciúin | ||||
Suíomh | |||||
Tír abhantraí | an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh agus an Rúis | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
Codanna | |||||
Tréithe | |||||
Imeallbhord | 7,600 | ||||
Doimhneacht ingearach | 3,742 m | ||||
Toisí | 1,072 () × 2,254 () km | ||||
Achar | 978,000 km² 1,048,950 km² | ||||
Bearta agus táscairí | |||||
Toirt | 1,630,000 km³ | ||||
Is muir imeallach idir Oileánra na Seapáine, Oileán Sakhalin, agus mór-roinn na hÁise í Muir na Seapáine, ar a dtugtar an Mhuir Thoir sa Chóiré Theas agus Muir Thoir na Cóiré sa Chóiré Thuaidh. Luíonn oileáin na Seapáine idir í agus an tAigéan Ciúin. Is iad an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh, an Rúis agus an tSeapáin na tíortha ar an muir.
De bharr an méid ocsaigin atá tuaslagtha in uiscí Mhuir na Seapáine, tá dúlra fairsing ann. Dála na Meánmhara, tá talamh ina timpeall beagnach ar fad (ba mhuir thalamhiata í ní b'fhaide siar i stair an domhain). Is éigin a mbíonn taoidí inti mar sin.
Tá achar 978,000 km2 (378,000 míle cearnacha) i Muir na Seapáine. Is é 1,732 méadar (5,748 troigh) an mheándoimhneacht inti.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá conspóid ann ó thaobh ainm na mara. Tá rialtas na Cóiré Theas ag iarraidh go dtabharfaí "An Mhuir Thoir" uirthi, cé go mb'fhearr leis na Seapánaigh an t-ainm "Muir na Seapáine" a choinneáil.[1]
Gan aontú faighte eadar an dá náisiún, shocraigh an International Hydrographic Organization (IHO) uimhir a chur ar an fharraige in áit ainm, mar chomhréiteach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ehlers Peter (2019-03). "International Hydrographic Organization (IHO)". Max Planck Encyclopedia of Public International Law. Oxford University Press.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |