An Chóiré Thuaidh
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
조선민주주의인민공화국 (ko-kp) ![]() | |||||
|
|||||
Kim Il-sung Square (en) ![]() ![]() | |||||
Aintiún | Aegukka (1948) ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Pyongyang ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 26,418,204 (2023) ![]() | ||||
• Dlús | 219.17 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | North Korean standard language (en) ![]() an Chóiréis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Áise Thoir ![]() | ||||
Achar dromchla | 120,540 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Yellow Sea (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is airde | Baekdu Mountain (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | Muir na Seapáine (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | People's Committee of North Korea (en) ![]() ![]() | ||||
Cruthú | 9 Meán Fómhair 1948 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | stát aonpháirtí (polaitíocht), family dictatorship (en) ![]() ![]() ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Cóiré Thuaidh ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Supreme People's Assembly (en) ![]() ![]() | ||||
• Supreme Leader of North Korea (en) ![]() ![]() | Kim Il-sung (1948–1994) ![]() | ||||
• Príomh-Aire na Cóiré Thuaidh ![]() | Kim Jae-ryong (2019–) ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | won na Cóiré Thuaidh ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .kp ![]() | ||||
Glaochód | +850 ![]() | ||||
Cód tíre | KP ![]() | ||||
![]() |
Tír chummanach atá suite in oirthear na hÁise ar an dtaobh tuaisceartach de Leithinis na Cóiré í an Chóire Thuaidh, nó Daonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré.[1]
Tá teorainneacha ann leis na gCóiré Theas sa deisceart, le Daon-Phoblacht na Síne sa tuaisceart, agus leis an Rúis san oirthuaisceart.



Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Chóiré Thuaidh ar cheann de na tíortha agus is míleata agus is rúnda ar domhain. Ó bhí 1948 ann, bhí trí ghlúin de theaghlach Kim i gceannas ar an tír chumannach seo, le cumhacht na tíre tugtha don chéad glúin eile den chlann i gcónaí.
Tá rialacha ar leith i bhfeidhm sa tír, agus bhí leis na blianta, a chuireann srian ar na meáin idirnáisiúnta tuairisciú mar is ceart ar cad é atá ag tarlú sa tír. Tá smacht daingean ag ceannaire Kim Jong-Un ar ghnáthshaol mhuintir na tíre agus tá fíor-bheagán eolas acu siúd ar cad é atá ag tarlú taobh amuigh dá dtír féin.[2]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé deacair a thuiscint an ceangal a bhí ag an córas cumannach rúnda seo, faoi riail theaghlach ‘ríoga’ Kim, le grúpaí in Éirinn. Ach chuaigh an tIRA Oifigiúil sa 20ú haois go dtí an Chóiré Thuaidh chun teaicticí míleata a fhoghlaim is cosúil. Bhí líomhaintí á scaipeadh go rábach sna 1980idí agus 1990idí go raibh an ghluaiseacht poblachtánach Oifigiúil ag tiomsú arm agus airgid ón gCóiré Thuaidh.[3][4]
Ag an am céanna, bhí ceall rúnda ag Páirtí na nOibrithe, a bhí bainteach leis an ngluaiseacht seo, ag obair in RTÉ. Cé go raibh cosc iomlán ar iriseoirí an chraoltóra a bheith páirteach in aon eagraíocht pholaitíochta, bhí go leor ainmneacha clúiteacha ina bhall de Chumann Ned Stapleton de chuid an IRA Oifigiúil, mar a tugadh air.

Sa bhliain 1990, nuair bhí an tAontas Sóivéadach ag titim as a chéile, agus thug an caidreamh aisteach seo deis do Cynthia Ní Mhurchú, láithreoir de chuid RTÉ ag an am, dul go dtí an Chóiré Thuaidh.
Níl sé ró-shoiléir cén chaoi ar cuireadh tús leis an gclár, ach bhí ról lárnach ag ceannaire an IRA Oifigiúil, Seán Garland, le malartú cultúrtha a eagrú idir Éire agus an Chóiré Thuaidh. Tugadh cead d’fhoireann an chláir Cúrsaí dul go dtí an stát cumannach in éindí le toscaireacht ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le clár teilifíse a dhéanamh.
Tugadh cead don fhoireann faoi cheannaireacht an stiúrthóra Michael Davitt dhá chlár a dhéanamh; ceann faoin malartú idir ceoltóirí na hÉireann agus an Chóiré Thuaidh, agus ceann ag déanamh cur síos ar státchóras na tíre. Ach ní raibh siad in ann díriú ar cheisteanna conspóideacha polaitiúla agus treoraí as an gCóiré ag déanamh feitheoireacht orthu an t-am ar fad a bhí siad sa tír.[3]
“Chuile dhuine a bhí amuigh ar na sráideanna, bhí siad ag caitheamh an ‘boilersuit’. Ghlac mé ó na héadaí go raibh daoine ag dul isteach sa mhonarchan. B’fhéidir go raibh cuid acu ach bhí chuile dhuine ag caitheamh na n-éadaí céanna dúghorma.
“Ní raibh siopaí le feiscint, ní raibh aon phríomhshráid cosúil le Sráid Ghrafton. Is cuimhin liom ar na sráideanna an rud ab fheiceálaí ná na póstaeir agus na deilbh den cheannaire aoibhin Kim Il Sung agus an mac Kim Jong Il.”
Bhí brú eacnamaíochta uafásach ar an gCóiré Thuaidh nuair a bhí Ní Mhurchú ar cuairt ann de bharr an éagobhsaíocht pholaitíochta a bhí ag scaipeadh tríd an domhan cumannach ag an am. Ach bhí an dream ó RTÉ scartha ón mbochtanas is measa a bhí ann. “Bhí fear fáilte na Cóiré Thuaidh ag iarraidh nach bhfeicfeadh muid a leithéid agus go bhfeicfeadh muid an tír iontach a bhí acu agus na foirgnimh iontacha groí móra,” a deir Ní Mhurchú. Thug sí cuairt ar na goirt ríse taobh amuigh de Pyongyang [an phríomhchathair] agus bhí siad beo bocht.
D’fhulaing an tír gorta tubaisteach ceithre bliana níos déanaí in 1994.[3]
21ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chruthaigh an caidreamh idir an IRA Oifigiúil agus an Chóiré Thuaidh neart conspóide ó shin. In 2005, chur rialtas Mheiriceá i leith Sheáin Garland go raibh baint aige le nótaí dollar bréagacha a rinneadh sa Chóiré Thuaidh a thabhairt chun na hEorpa, cé gur shéan sé na líomhaintí sin. In 2012, dhiúltaigh Ard-Chúirt na hÉireann iarratas Mheiriceá Garland a eiseachadadh.[5]
Ceaptar fós, sa lá atá inniu ann, go bhfuil na mílte gunnaí as an gCóiré Thuaidh curtha i bhfolach ag an IRA Oifigiúil i dtaiscí rúnda ar fud na hÉireann. Tá an baol ann nach dtiocfar orthu go brách mar go bhfuil formhór na ndaoine a raibh láithreacha na dtaiscí sin ar eolas acu marbh anois.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ (1990). "Cúrsaí In North Korea" (ga-IE). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ Bill Breathnach (2025-02-06). "An caidreamh aisteach idir Éireann agus an tír is rúnda ar domhain" (ga-IE). www.independent.ie. Seachtain. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Bill Breathnach (2024-12-18). "Cynthia Ní Mhurchú ag amharc siar ar an turas oibre go dtí an tír is rúnda ar domhan" (ga-IE). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ JJ O'Donoghue (2020-11-28). "When Comhaltas and Cynthia Ní Mhurchú went to North Korea" (en). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2011-12-21). "Cinnlínte Nuachta" (as ga-IE).