Kim Jong-un
Ardcheannaire Dhaon-phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó an Chóiré Thuaidh, agus cathaoirleach Pháirtí Oibrithe na Cóiré is ea Kim Jong-un a rugadh ar 8 Eanáir 1983.
Mac le Kim Jong-il (1941–2011) agus garmhac de chuid Kim Il-sung (1912–1994) atá ann. Ardcheannairí agus deachtóirí ar an tír ab ea an bheirt acusan freisin, an t-aon sampla de dheachtóireacht chumannach oidhreachtúil i stair an domhain.
Tháinig Kim Jong-un i gcumhacht ar bhás a athar i mí na Nollag sa bhliain 2011. Léiroidhre a bhí in Jong-un roimhe sin agus "an Comharba Mór" a thug seirbhís theilifíse an stáit air ina dhiaidh.
![]() |
Is síol a bhaineann leis an Chóiré Thuaidh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |