Kim Il-sung

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kim Il-sung
Kim Il Sung Portrait-3.jpg
member of the Supreme People's Assembly (en) Aistrigh


Premier of North Korea (en) Aistrigh

Meán Fómhair 1948 - 1972
1. Supreme Leader of North Korea (en) Aistrigh

Meán Fómhair 9, 1948 - Iúil 8, 1994
← luach ar iarraidh - Kim Jong-il
General Secretary of the Workers' Party of Korea (en) Aistrigh

Meitheamh 30, 1949 - Iúil 8, 1994 - Kim Jong-il
1. President of North Korea (en) Aistrigh

Nollaig 28, 1972 - Iúil 8, 1994 - luach ar iarraidh →
Eternal President of the Republic (en) Aistrigh

Meán Fómhair 5, 1998 -
Saol
Ainm iomlán김성주
Eolas breitheMangyongdae District (en) Aistrigh, 15 Aibreán 1912
NáisiúntachtAn Chóiré Thuaidh
Korea under Japanese rule (en) Aistrigh
An tAontas Sóivéadach
Áit chónaitheKumsusan Palace of the Sun (en) Aistrigh
Grúpa eitneachCóiréigh
BásPyongyang, 8 Iúil 1994
Áit adhlacthaKumsusan Palace of the Sun (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
AthairKim Hyŏng-jik
MáthairKang Pan-sŏk
Céile/CéilíKim Song-ae (en) Aistrigh
Kim Jong-suk (en) Aistrigh  (1941 -  1949)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
TreibhKim family (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materJilin Yuwen High School (en) Aistrigh
Mangyongdae Revolutionary School (en) Aistrigh
TeangachaAn Chóiréis
An tSínis
An Rúisis
MúinteoiríShang Yue
Gairm
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, páirtíneach agus dírbheathaisnéisí
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiIósaf Stailín, Kim Hyŏng-jik (en) Aistrigh, Shin Chaeho (en) Aistrigh agus Shang Yue
GluaiseachtKorean independence movement (en) Aistrigh
Uirlis cheoilorgán
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataKorean People’s Army (en) Aistrigh
an tArm Dearg
Northeast Anti-Japanese United Army (en) Aistrigh
CéimTaewŏnsu (en) Aistrigh
captaen
Throid sé/sí agSecond Sino-Japanese War (en) Aistrigh
Soviet–Japanese War (en) Aistrigh
Cogadh na Cóiré
Cogadh Fuar
Cleamhnú
Reiligiúindíreiligiún
An tAindiachas
Páirtithe polaitíochtaWorkers' Party of Korea (en) Aistrigh
Páirtí Cumannach na Síne
IMDbnm0453487
Discogs ID4126547
Kim Il Sung Signature.svg

Ardcheannaire Dhaonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó An Chóiré Thuaidh, ab ea Kim Il-sung a rugadh faoin ainm Kim Sŏng-ju (15 Aibreán 19128 Iúil 1994). Ceannaire ar an tír úd a bhí ann ar feadh 46 bliana, ó bhunú an stáit go dtí lá a bháis.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theith clann Kim i 1920 agus shroich siad an Mhanchúir,

Bhunaigh Kim cumann beag réabhlóideach i 1926, "An Cumann in aghaidh Impiriúlachais". Cheap sé idé-eolaíocht nua a tugadh Juche air, meascán de thírghrá agus féintuilleamaí.

D'éirigh Kim ina bhall den Pháirtí Cumannach Sínise i 1931. Throid sé in aghaidh na Seapánaigh ó 1937 go dtí 1940, é ina cheannasaí airm.

Kim Il-sung i Jilin, 1927

Theith Kim agus a chuid saighdiúirí lena n-anam i 1940. Shroich siad Vyatskoye in aice le Khabarovsk san APSS. Bhí Kim ina chaptaen, agus maorghinearál níos déanaí, le reisimint de chuid an Airm Dheirg.

Shroich an tArm Dearg Pyonyang ar 24 Lúnasa 1945. D'fhill Kim go dtí an Chóiré ar an 19 Meán Fómhair 1945. Bhí sé ar deoraíocht ar feadh 26 bliain. Ceapadh Kim ina cheannaire, i stát a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na na Rúisigh.

Bhí nasc láidir mar sin idir Kim agus an Aontas Sóivéadach faoi Joseph Stalin. De réir a chéile áfach sháraigh Juche an Marxachas-Leiníneachas agus an cumannachas.

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ordaigh Kim ionradh na Cóiré Theas sa bhliain 1950, rud a tharraing fórsaí na Náisiúin Aontaithe isteach chun an Chóiré Theas a chosaint.

Scríobh Nikita Krushchev, iarcheannaire APSS, an méid seo faoi Chogadh na Cóiré sa bhliain 1971:

Kim Il-sung, 1946

"Ba é Kim Il Sung féin a cheap an cogadh sa Chóiré. Bhí sé ag iarraidh an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas a aontú faoina smacht féin. Chuir Stalin ina luí air gur chóir dó dianmhachnamh a dhéanamh sula ndéanfadh sé ionsaí ar an Chóiré Theas. D’inis Kim Il Sung do Stalin go raibh sé iomlán cinnte go n-éireodh leis. Is cuimhin liom go raibh amhras ar Stalin. Bhí sé buartha go gcuirfeadh SAM a ladar isteach sa scéal. Ghéill sé do Kim, áfach, agus bhí sé sásta soláthairtí agus comhairleoirí míleata a chur go dtí an Chóiré Thuaidh"[1].

Mhair an chogaíocht go dtí an sos comhraic a cuireadh i bhfeidhm ar 27 Iúil 1953.

Líon iomlán na marbh: 2.5[2] - 5 milliún[3] (daonra 30 milliún, Theas agus Thuaidh, i 1950),

Cultas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh Kim Il-sung cultas pearsantachta a mhair go dtí an lá inniu, ní hamháin dó féin ach dona mhac, Kim Jong-il, agus a dá gharmhac, Kim Jong-un.

D'fhan an tír i maos i mbochtaineacht faoi Kim agus ba mhinic a bhí gorta ann, d'ainneoin chuidiú na Sóivéadach.

1953-07-27: Kim Il-sung ag síniú an sos cogaidh

Nuair a tháinig deireadh leis an gcóras cumannach san Aontas Sóivéadach agus bhris an stát sin suas, tháinig deireadh leis an gcuidiú Sóivéadach. Dá bharr sin, d'éirigh staid na Cóiré Thuaidh níos measa sna blianta deireanacha de réimeas Kim.

Tháinig Kim Jong-il i gcomharbacht ar a athair i 1994. Bhí Kim Jong-il ag an am ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Oibrithe na Cóiré, Cathaoirleach ar Choimisiún Cosanta Náisiúnta na Cóiré Thuaidh, agus Ardcheannasaí ar Arm an Phobail.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Foinse: Nikita Khrushchev: Khrushchev Remembers, An Autobiography 1971
  2. CNN facts
  3. History.com
Síniú