Cogadh na Cóiré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh fuilteach: 2.5 - 5 milliún marbh

Cogadh a mhair ó 1950 go dtí 1953 ab ea Cogadh na Cóiré. Ar an 25 Meitheamh 1950, rinne An Chóiré Thuaidh ionradh ar an gCoiré Theas, ag cur tús lé cogadh mór millteanach. Fuair na milliún bás, ré fhuilteach i stair an Domhain.

Ar thaobh an Thuaisceart, bhí fórsaí rialtas na Poblachta Daonlathaigh Chóiré ag troid le cuidiú ó Aontas na Sóivéide agus ón tSín. Ar an taobh eile, bhí na Náisiún Aontaithe, faoi stiúir na Stáit Aontaithe Mheiriceá le cuidiú ón Chóiré Theas, ón Astráil, srl, na tíortha an Domhain Thiar an chuid is mó.

Cuid den choinbhleacht an Cogadh Fuar ab ea an cogadh seo, an choimhlint idé-eolaíoch a bhí ar siúl san 20ú haois idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile.

Cúlra an Chogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Shroich an tArm Dearg Pyonyang ar 24 Lúnasa 1945. D'fhill an Cóiréach, Kim Il-sung, maorghinearál san Arm Dearg, go dtí an Chóiré ar an 19 Meán Fómhair 1945. Ceapadh Kim ina cheannaire, i stát nua a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na na Rúisigh.

Cheap Kim Il-sung idé-eolaíocht nua a tugadh Juche air, meascán de thírghrá agus féintuilleamaí.

Kim Il-sung agus Stalin: cruinniú, "Páirtí an Lucht Oibre", sa Chóiré Thuaidh, Lúnasa 1946.

Bhí nasc láidir idir Kim Il-sung agus an Aontas Sóivéadach faoi Joseph Stalin. Thacaigh an tSín chomh maith leis na pleananna a bhí ag Kim an t-ionradh a dhéanamh ar Súl[1].

De réir a chéile, sháraigh Juche an Marxachas-Leiníneachas agus an cumannachas.

Chreid na ceannairí polaitiúla in SAM gurb é Stalin a threoraigh Kim Il Sung ionradh a dhéanamh ar an Chóiré Theas. Ní raibh SAM sásta glacadh leis gurb é Kim féin a rinne an cinneadh.

M26 Pershing, Súl, 1950

Agus trúpaí na Cóiré Thuaidh ag dul thar an 38ú líne dhomhanleithid, ba léir go raibh an Rúis ag iarraidh an cummanachas a leathnú. Mura rachadh SAM i mbun gnímh sa Chóiré, bheadh na stáit máguaird faoi smacht an Chumannachais. Seo ráiteas ó rialtas SAM i 1950:

Anseo sa Chóiré tá iarracht déanta ag na Cumannaigh (Rúisigh) an domhan a ghabháil. Is siombail í an Chóiré don domhan mór. Má fhaigheann Cumannachas an ceann is fearr orainn san Áise, is cinnte go dtitfidh an Eoraip leis chomh maith. Má ligimid do na Rúisigh smacht a fháil ar an Chóiré, beidh an domhan den tuairim go bhfuil babhta eile inár gcoimhlint leo caillte againn. An clú atá orainn mar chosantóirí an domhain shaoir, beidh sé thíos leis[2].

Bileog a d'fhoilsigh na Náisiún Aontaithe i 1952, le Mao Tse Tung agus Josef Stalin, chun lagmhisneach a spreagadh i gCóiré Thuaidh.

Agus dúirt an t-uachtarán Truman:

“Má chlisimid ar an Chóiré, leanfaidh na Rúisigh leo agus stát i ndiaidh an stáit eile den Áise á ngabháil acu, agus an Eoraip féin ina dhiaidh sin…”

Tharraing SAM fórsaí na Náisiúin Aontaithe isteach chun an Chóiré Theas a chosaint. Scríobh Nikita Krushchev, iarcheannaire APSS, an méid seo faoi Chogadh na Cóiré sa bhliain 1971:

feachtas bolscaireachta i gCóiré Thuaidh, thart ar 1951

Ba é Kim Il Sung féin a cheap an cogadh sa Chóiré. Bhí sé ag iarraidh an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas a aontú faoina smacht féin. Chuir Stalin ina luí air gur chóir dó dianmhachnamh a dhéanamh sula ndéanfadh sé ionsaí ar an Chóiré Theas. D’inis Kim Il Sung do Stalin go raibh sé iomlán cinnte go n-éireodh leis. Is cuimhin liom go raibh amhras ar Stalin. Bhí sé buartha go gcuirfeadh SAM a ladar isteach sa scéal. Ghéill sé do Kim, áfach, agus bhí sé sásta soláthairtí agus comhairleoirí míleata a chur go dtí an Chóiré Thuaidh.[3]

2.5-5 milliún marbh: teaghlaigh bhochta ba mhó a bhí thíos leis

Cogadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'ordaigh Kim Il-sung ionradh na Cóiré Theas ar an 25 Meitheamh 1950.

Forbairt an chogaidh: bhí an bua beagnach ag an Tuaisceart ar dtús. Ach d'athraigh cúrsaí ar theacht chun cinn na na "Náisiún Aontaithe". Bhí an bua beagnach ag na Meiriceánaigh i mí Dheireadh Fómhair 1950. Ach d'athraigh cúrsaí arís nuair a tháinig na Sínigh isteach sa chogadh.

Mhair an chogaíocht go dtí an sos comhraic a cuireadh i bhfeidhm ar 27 Iúil 1953.

Líon iomlán na marbh: 2.5[4] - 5 milliún[5] (daonra 30 milliún, Theas agus Thuaidh, i 1950), Teaghlaigh bhochta ba dhaoire a d'íoc as

Leacht cuimhneacháin cogaidh i Súl
Forbairt an chogaidh. Bhí an bua beagnach ag an Tuaisceart ar dtús

Sos cogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

In Panmunjom a síníodh an conradh faoin sos cogaidh, a chuir deireadh le Cogadh na Cóiré - go sealadach, ar fad. Ní conradh síochána é, agus mar sin, ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, níl an cogadh sin críochnaithe i gceart go fóill.

D'fhan an Chóiré Thuaidh i maos i mbochtaineacht faoi Kim Il-sung. Ba mhinic a bhí gorta ann, d'ainneoin chuidiú na Sóivéadach.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Foinse: The USA and the Cold War: Oliver Edwards 1997
  2. Foinse: Rialtas SA. 1950 (oiriúnaithe)
  3. Foinse: Nikita Khrushchev: Khrushchev Remembers, An Autobiography 1971
  4. CNN facts
  5. History.com