Seandálaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fógra ar Séadchomhartha Náisiúnta in Éirinn

Staidéar ar iarsmaí an ama a chuaigh thart is ea an tseandálaíocht. Ba iad na Gréagaigh a bheartaigh ar dtús í agus thug siad “seanstaidéar” uirthi: "αρχαιολογία" (archéologie na Fraincise, archaeology an Bhéarla, agus msd).

Is éard atá sa tseandálaíocht eolaíocht a dhéanann staidéar ar an gcultúr daonna trí iarsmaí a athghabháil agus a anailísiú agus trí thuairisc a thabhairt orthu. Scrúdaítear uirlisí, cnámha, miasa, airgead, airm, fothraigh, lorg na tógála agus na húsáide, agus eile. Is mór an cúnamh na téacsanna chuige uaireanta agus is féidir dreach na tíre féin a léamh. Ós í an aidhm atá ag an seandálaí stair na ndaoine a nochtadh ó thús, deirtear gur disciplín daonna í an tseandálaíocht.

Is iomaí modh oibre atá aici. Na heolaíochtaí a bhaineann léi (na seandálaithe) is iomaí dóigh atá acu chun dátaí a dhearbhú go háirithe, mar atá an dátú carbónach, an deindreacroineolaíocht, an teirmealonrú, an pailineolaíocht agus eile.

Feidhmiú na seandálaíochta[athraigh | edit source]

Tríd an tseandálaíocht is minice is féidir linn eolas a fháil ar shaol agus ar nósanna an ama a chuaigh thart. Ar éigean atá fhianaise scríofa le fáil ar fhormhór na gcultúr a d'imigh, agus uaireanta tá na téacsanna bearnach nó an fhírinne á cur as a riocht iontu. An scothaicme a scríobh iad de ghnáth, agus na cúrsaí ba chás leis na huaisle is annamh ba chás leis an gcoitiantacht iad.

Homo sapiens ann le 200,000 bliain ar a laghad, ach níor ceapadh an scríbhneoireacht ach go dtí timpeall 5,000 bliain ó shin, agus ní raibh sí á húsáid ach ag roinnt sibhialtachtaí ardoilte. Ní raibh cultúir réamhstairiúla á scrúdú roimh an 19ú haois, agus ní féidir linn léargas a fháil ar bhunús na sibhialtacht - an fheirmeoireacht, na seanchultais, na chéad chathracha - ach tríd an tseandálaíocht.[1] Is fearr an léargas a thugann na hiarsmaí ábhartha ar an dream a bhí ann fadó, cé go mbaineann fadhbanna eile leo, mar atá seasamh míchothrom na mblúirí nó an caomhnú míchothrom féin.

Stair[athraigh | edit source]

Is léir ó stair na seandálaíochta go bhfuil an ghairmiúlacht ag treisiú i gcónaí agus go bhfuil méadú ag teacht ar a bhfuil ann de sheifteanna chun an oiread faisnéise agus is féidir a bhaint as na láithreáin.

Tá na seaniarsmaí á gcnuasach leis na mílte bliain ach is éard ba bhunsiocair leis sin na hiarsmaí a chur ar fáil de bharr a n-áilleachta nó lena ndíol. Níor tosaíodh ar staidéar éifeachtach a dhéanamh ach i deireadh an 18ú haois. Deirtear gurb é Johann Joachim Winckelmann (1717-1768) an duine a chuir tús leis an tseandálaíocht mar a thuigtear anois í. Rangaigh sé stíleanna clasaiceacha agus bhain feidhm astu i stair na healaíne agus na hailteoireachta.[2] Bhí tabhacht le bunú Fhoras an Chomhfhreagrais Sheandálaígh (Istituto di corrispondenza archeologica) sa Róimh sa bhliain 1829, rud a rinne Eduard Gerhard agus daoine eile. Chuir idir amaitéaraigh oilte agus oibrithe proifisiúnta, leithéidí Augustus Pitt Rivers agus William Flinders Petrie, feabhas ar na modhanna oibre. Bhí Heinrich Schliemann agus Arthur Evans chun tosaigh i seandálaíocht an réigiúin Aeigéigh. Rinne John Lloyd Stephens gaisce i Meiriceá Lárnach agus an tsibhialtacht Mháigeach á nochtadh.[3] Lean leithéidí Mortimer Wheeler den ghnó sa 20ú haois, agus b'fhearrde na cuntais sheandálaíocha an obair an-rianúil a rinne sé.

Deich litir Indasacha a fuarthas in aice le geata tuaisceartach Dholavira (timpeall 2500-1900 bliain d'aois)

Tá modhanna tuarascála agus tochailte ar leith ceaptha le haghaidh na seandálaíochta réamhstairiúla, go háirithe ag na seandálaithe Francacha Georges Laplace agus André Leroi-Gourhan.

Sa bhliain 1949 Chuir Gordon Willey tús le suirbhéanna an áitrithe réigiúnaigh i nGleann Viru ar chósta Peiriú[4][5], agus i gceann roinnt blianta bhí na tsuirbhéireacht sheandálaíoch coitianta go leor.[6]

Rudaí nua agus éifeacht leo ba ea an tseandálaíocht uirbeach agus an tseandálaíocht chosanta, gan trácht ar úsáid na haircéiméadrachta, rud a d'fhéadfadh lear fianaise úire a chur ar fáil.

Sna 1980í tháinig gluaiseacht iarnua-aoiseach i gcúrsaí seandálaíochta, agus an seandálaí Michael Shanks i dtús cadhnaíochta. Chuir sé amhras i bposaitibheachas eolaíoch agus i neamhchlaontacht na gnáthsheandálaíochta ("próiséasachas") agus chuir treise ar an bhféinbhreithniú.

Bunús an disciplín[athraigh | edit source]

D'eascair an disciplín as an ársaíocht agus as staidéar na Laidine agus na seanGhréigise, rud a nasc go nádúrtha leis an stair é.

I Meiriceá agus ina lán dtíortha eile, baineann an tseandálaíocht le scrúdú na sochaithe daonna agus áirítear í mar cheann de na ceithre bhrainse den antraipeolaíocht. Freagraíonn siad go maith dá chéile, agus tá an chuid eile mar a leanas:

  • An eitneolaíocht, a dhéanann staidéar ar chúrsaí iompair, siombalachais agus trealaimh
  • An teangeolaíocht, a dhéanann staidéar ar bhunús na dteangacha agus ar a ndáileadh
  • An antraipeolaíocht fhisiceach, a dhéanann staidéar ar éabhlóid an duine agus ar thréithe géineacha agus coirp an chine dhaonna

Freagraíonn disciplíní eile don tseandálaíocht freisin, mar atá an phailé-ointeolaíocht, an phailémhíoleolaíocht, an tíreolaíocht, an gheolaíocht, stair na healaíne agus an tsanasaíocht.

Mar sin féin, bíonn fonn ar sheandálaithe neamhspleáchas a gceirde a dhearbhú, agus a rá go bhfuil modhanna oibre dá cuid féin aici a chuireann ar a cumas eolas cultúrtha a bhailiú nó a "tháirgeadh".

Stonehenge in iarthar Shasana

Modhanna Oibre[athraigh | edit source]

Is féidir an seandálaí a shainmhíniú fós mar scriosadóir a bhíonn ar thóir éadálacha. I dtús na ceirde, san 18ú haois, ba mhinice slad á dhéanamh ag lucht seandálaíochta ná taighde, iad ar thóir dealbh nó seodra; de réir a chéile tháinig suim shaoithiúil ag daoine sna hiarsmaí. Anois féin, áfach, bíonn na seandálaithe i muinín na sluasaide, na piocóide agus fiú an scartaire, cé go mbíonn siad san airdeall agus an chéad tochailt déanta.

Ní foláir an láithreán agus a bhfuil ann a thomhas go cruinn, aird a thabhairt ar na strataim áitrithe, cibé rud atá aimsithe a láimhseáil go cáiréiseach agus criathar a úsáid más gá chun an chré a scagadh. Thar aon rud eile, ní mór miontuairisc a thabhairt ar a bhfuil faighte. Bíonn tábhacht ar leith leis seo agus tochailt á déanamh faoi dheifir, rud a thiteann amach go minic agus bóithre nó foirgnimh á dtógáil. Is é an cúram seo i mionphointí is mó a dhealaíonn an seandálaí nua-aoiseach amach ón dream a tháinig roimhe.

Baintear feidhm as grianghrafadóireacht aerga chun radharc a fháil ar áiteanna a bhféadfaí láithreáin a fháil, agus tá cianbhraiteacht ar fáil chun iarsmaí suntasacha a bhrath faoi thalamh nó faoi uisce. Faoi láthair, áfach, ní féidir rudaí a mheas gan tochailt, agus ní bhíonn le déanamh ag an seandálaí ach an láithreán a shuaitheadh chomh beag agus is féidir chun go mbeadh a leithéidí eile in ann tairbhe a bhaint as amach anseo.

Seandálaithe sa Róimh.

An tSuirbhéireacht[athraigh | edit source]

Seandálaithe Briotanacha ba thúisce a bheartaigh an suirbhé allamuigh ("field survey"), seift a ligeann duit láithreáin a aimsiú agus áitriú stairiúil an limistéir a scrúdú ar scála mór. Faightear comhordanáidí an limistéir le cúnamh an GPS, rud a chuireann ar do chumas léarscáil iarsmaí a chumadh de réir sráidbhaile nó ceantair. Ar pháirceanna saothraithe is mó is féidir suirbhé a dhéanamh san Eoraip, go mór mór tar éis báistí, nuair is furasta aon rudaí suimiúla a baineadh aníos (blúirí de mhiasa nó de mhósáic, clocha snoite agus eile) a fheiceáil agus iad nite go maith.

Is mór an tairbhe é suirbhé a dhéanamh roimh thochailt nó fiú in áit tochailte. Tríd is tríd, is féidir é a dhéanamh go gasta agus ar bheagán costais, ach má tá costas mór ag gabháil le suirbhéireacht fhorleathan is fearr le seandálaithe samplaí a thógáil.[7] Ní gá an láithreán a scrios, agus is gnách léarscáileanna a dhéanamh den eolas a bailíodh.

Is é an modh suirbhéireachta is simplí limistéar a scrúdú de shiúl cos nó i ngluaisteán, agus b'fhéidir go mbainfí feidhm as tarathar nó as sluasaid.

Chun suirbhé aerga a dhéanamh (rud a thosaigh sna caogaidí) ní foláir grianghrafanna a thógáil de limistéir áirithe beagán os cionn an talaimh agus níos airde arís, ag iarraidh lorg na n-iarsmaí a thabhairt leat. Is fearr é a dhéanamh ar maidin nó tráthnóna agus an solas ar fiar, i dtreo go dtabharfadh na scáileanna seandreach na tíre chun léire. Éiríonn go seoigh leis ar mhachairí Iarthar Eorpa agus ar fhásaigh an Mheán-Oirthir. Is maith an sás é chun na hathruithe a leanas a fheiceáil de bharr iarsmaí nó seanfhoirgnimh a bheith slogtha faoin talamh:

  • Talamh éagothrom, más beag an éagothroime féin í. Rud an-tábhachtach é an talamh úd agus é á scrúdú ón spéir, go háirithe sna fásaigh.
  • Dathanna éagsúla a bheith ar an ithir de bharr lorg an treafa, na dtithe nó na ndíog. Léiríonn dorchadas na taise seandíog lán de chré bhriosc, agus léirítear rian na bpoll cuaille ar an dóigh chéanna in ithir níos cailcí. Féadann oighear sealadach soiléiriú a dhéanamh de thoradh difríochtaí i dteas an talaimh.
  • Fás agus aibiú na mbarr, iad níos borrúla in ithir atá domhain agus lán d’úmas (seandíoga, mar shampla) agus níos tanaí os cionn iarsmaí na foirgníochta. Féadann buíochan na mbarr láithreáin a shoiléiriú agus triomach ann.

Anois is féidir breis tairbhe a bhaint as an ngrianghrafadóireacht aerga agus na coillte féin a chuardach de bharr ríomhchóireáil na n-íomhánna agus úsáid na radharc fodhearg. Dá bhrí sin is féidir leis na grianghraif rudaí a nochtadh nach bhfeicfeadh an tsúil fhornocht.

Seandálaíocht na hÉigipte[athraigh | edit source]

Croineolaíocht na Tochailte sa 19ú hAois[athraigh | edit source]

Iaraiglifí ar bhalla

Is féidir seandálaíocht Éigipteach an 19ú haois a roinnt ina trí thréimhse:

  • Idir na blianta 1850 agus 1880 thosaigh an tseandálaíocht eagraithe, a bhuíochas sin, mórán, ar Auguste-Édouard Mariette; agus bhí tochailt rianúil ar siúl ag an Airméanach Joseph Hekekyan;
  • Thosaigh an triú tréimhse timpeall na bliana 1880 leis na modhanna fíornua-aoiseacha a bhí in úsáid ag Flinders Petrie.

San Éigipt bhí sibhialtacht neamhchoitianta le fáil ar feadh trí mhíle bliain nó os a chionn, ó na treibheanna a chuir an chéad ríocht Fháróch ar bun go dtí an ríocht a chríochnaigh beagán roimh an ré Chríostaí.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Kevin Greene - Archaeology: an Introduction
  2. Daniel J. Boorstin, The Discoverers, p. 584, Random House (New York, 1983)
  3. History of Archaeology
  4. Willey, G. R. (1953) Prehistoric Settlement Patterns in the Virú Valley, Perú. Washington DC
  5. Willey, G. (1968). Settlement Archaeology. Palo Alto: National Press
  6. Billman, B. R. & Feinman, G. (1999). Settlement Pattern Studies in the Americas—Fifty Years Since Virú. Washington DC: Smithsonian Institution Press
  7. Redman (1974)

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Archaeology (magazine)
  • C. U. Larsen - Sites and Monuments (1992)
  • Colin Renfrew & Paul Bahn - Archaeology: theories, methods and practice (an dara heagrán -1996)
  • David Hurst Thomas - Archaeology (an 3ú heagrán - 1998)
  • Glyn Daniel - A Short History of Archaeology (1991)
  • International Journal of South American Archaeology - IJSA (magazine)
  • Internet Archaeology e-journal
  • Kevin Greene - Introduction to Archaeology (1983)
  • Lewis Binford - New Perspectives in Archaeology (1968) ISBN 0-202-33022-2
  • Robert J. Sharer & Wendy Ashmore - Archaeology: Discovering our Past (an dara heagrán - 1993)
  • Thomas Hester, Harry Shafer, and Kenneth L. Feder - Field Methods in Archaeology (an 7ú heagrán - 1997)
  • Alison Wylie - Thinking From Things: Essays in the Philosophy of Archaeology, University of California Press, Berkeley CA, 2002
  • Smekalova T. N., Voss O., Smekalov S. L. "Magnetic Surveying in Archaeology. More than 10 years of using the Overhauser GSM-19 gradiometer", Wormianum 2008.
  • Bruce Trigger - "A History of Archaeological Thought" (an dara heagrán - 2007)
  • Ian Hodder & Scott Hutson - "Reading the Past" (an 3ú heagrán - 2003)
  • Adrian Praetzellis - "Death by Theory", AltaMira Press (2000). ISBN 0-7425-0359-3 / 9780742503595

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]