André Leroi-Gourhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Portráid an réamhstaraí Fhraincís, André Leroi-Gourhan (le José-Manuel Benito Álvarez)

Eitneolaí, seandálaí agus staraí ab ea André Leroi-Gourhan (25 Lúnasa 1911 - 19 Feabhra 1986). saineolaí ba ea é sa réamhstair agus an baint leis an teicneolaíocht agus an cultúr. Bhí spéis aige sa dúlra freisin.

Óige[athraigh | athraigh vicithéacs]

D’fhreastail Leroi-Gourhan ar an École des langues orientales i bPáras. Sa bhliain 1933, thosaigh sé ag obair sa "Musée d'ethnographie du Trocadéro" agus sa bhliain 1937, an "Musée de l’Homme"[1]. Chaith sé seal sa roinn eitneagrafaíochta d’iarsmalann na Breataine i Londain[2].

Sa bhliain 1937 cuireadh chun na Seapáine é, áit ar bhailigh sé ábhar dá chéad dochtúireacht: L'Archéologie du Pacifique Nord.

Bhí baint aige leis an "Musée Guimet" i rith an Chogaidh agus bhí lámh aige sa Résistance, rud a ghnóthaigh dó an médaille de la résistance agus an croix de guerre.

Eitneolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1946 ceapadh Leroi-Gourhan mar fhostiúrthóir ar an Musée de l’Homme. Ceapadh é ina ollamh sa Sorbonne (1956) agus ansin sa "Collège de France"(1968).

Bhain sé brí fhíornua as an ealaín phailéiliteach, é ag anailísiú na n-íomhánna de réir a suímh choibhneasta agus na bainte a bhí acu leis na loig i mballa na huaimhe. Chuir sé síos ar na pictiúir ó thaobh na staitisticí, ag míniú na bhfíoracha mar shamhailchomharthaí firinscneacha nó baininscneacha.

Ag stiúradh na tochailte dó in uaimheanna Francacha (go háirithe i bPincevent) bheartaigh sé modhanna nua oibre agus é ag déanamh anailís spásúil ar na háitribh réamhstairiúla.

Thug sé aird ar antraipeolaíocht na dteicnící, ag soláthar prionsabail theoiriciúla (claonta agus fíricí teicniúla, an timpeallacht teicniúil, éascaíocht na ceapadóireachta agus n-iasachtaí), scéimeanna modheolaíocha (modhanna le mionchéimeanna an déantúis a anailísiú) agus rangú ginearálta na dteicnící.

Breith a Bhéil Féin[athraigh | athraigh vicithéacs]

"Dans la forme d’un outil trois valeurs interfèrent : la fonction mécanique idéale, les solutions matérielles à l’approximation fonctionnelle qui relèvent de l’état technique et le style qui relève de la figuration ethnique."
("Téann trí fheidhm i gcion ar fhoirm na huirlise: an sárfheidhmiú meicniúil, an gnáthfheidhmiú mar a bheartaítear é de réir na teicníce, agus an stíl a eascraíonn as an sainléiriú eitneach.")

Le geste et la parole v.2,1965

"Je parle souvent de cette ligne unique propre au Japon, ni droite ni courbe à force de vouloir être à la fois courbe et droite : le flanc du Fuji, la ligne du sabre, le rempart d'un château, la branche du pin, les îles dans la Mer intérieure, le flanc du toit, le bord d'un seau, le bol à thé, la coupe d'un vêtement, le geste d'un danseur, un trait de calligraphie."
("Is minic a bhím ag caint ar an líne shainiúil úd is dual don tSeapáin, líne nach cuarach í ná díreach ach arb áil léi a bheith cuarach agus díreach in éineacht: slios Shliabh Fuji, líne an mharc-chlaímh, rampar caisleáin, craobh na giúise, oileáin na farraige intíre, cliathán dín, imeall tobáin, an babhla tae, gearradh ball éadaigh, cor rinceora, stríoc challagrafaíochta.")

Le geste et la parole v.2,1965

Príomhshaothair[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • L'Homme et la matière, Paris, Albin Michel, 1943
  • Milieu et techniques, Paris, Albin Michel, 1945
  • Le geste et la parole, Paris, Albin Michel, 1964-65
  • Les religions de la Préhistoire, Paris, PUF, 1964
  • Préhistoire de l'art occidental, Paris, Mazenod, 1965
  • Dictionnaire de la Préhistoire, Paris, Presses Universitaires de France, 1988
  • Pages oubliées sur le Japon, Grenoble, éditions Jérôme Millon, 2004

Beathaisnéis[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Audouze, F. et Schlanger, N. (sous la direction de), 2004, Autour de l’homme : contexte et actualité d’André Leroi-Gourhan, A.P.D.C.A., Antibes.
  • Martinelli, B., 1988, « Après Leroi-Gourhan : les chemins de la technologie », in Les voies de l'homme, Hommage à A. Leroi-Gourhan, actes du colloque CNRS, Páras, eag. Albin Michel.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]