Antraipeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá san antraipeolaíocht staidéar a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbunús, ar a gcuid foras, ar a dtréithe fisiciúla, ar a nósanna reiligiúnda agus sóisialta agus mar sin de. Is fada nós ag antraipeolaithe ón Iarthar taighde a dhéanamh ar phobail iargúlta san Afraic, san Astráil, san Aigéan Ciúin agus in áiteanna nach iad, ach tuigtear anois gur féidir a leithéid de staidéar a dhéanamh ar an gcine daonna in áit ar bith. Ón nGréigis a thagann an bunfhocal anthropos, focal a chiallaíonn fear.