Staitistic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An dáileadh normalach

Brainse den mhatamaitic is é an staidreamh, nó an staitistic, a phléann le bailiú, próiseáil is anailísiú sonraí uimhriúla chun eolas achoirnrithe a sholáthar uathu[1].

Cé nár dhóigh leat gur féidir aon rud deimhneach a rá faoina leithéidí, is féidir a rá de réir theoiric na dóchúlachta cén seans atá ann go dtarlóidh imeacht fánach agus cur síos a dhéanamh ar an gcóras dá réir.

Baintear leas as an staidreamh i gcúrsaí airgeadais, sa stocmhargadh, i dtrialacha leighis, sa bhfisic chandamach, agus i dtrialacha ina mbíonn earráid ag baint leis na tomhais a dhéantar. Mar shampla, maidir le tacar sonraí, ríomhtar an meán, an t-airmheán is an mód, agus mar thomhais ar inathraitheacht na sonraí is a leathadh, an raon is an diall caighdeánach.

Staitistic mhatamaiticiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é atá i gceist le staitistic mhatamaiticiúil ná an mhatamaitic a chur i bhfeidhm ar staitisticí. I measc na dteicnící matamaitice a úsáidtear chuige seo tá an anailís mhatamaiticiúil, an t-ailgéabar líneach, an anailís stocastach, cothromóidí difreálacha, agus teoiric na dóchúlachta um tomhas-teoiriciúil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gerolamo Cardano, ceannródaí ar mhatamaitic na dóchúlachta.

Téann na scríbhinní luatha ar thátal staitistiúil siar go matamaiticeoirí Arabacha agus cripteagrafaithe, le linn an Ré Órga Ioslamaí idir an 8ú agus an 13ú haois. Scríobh Al-Khalil (717–786) "Leabhar Teachtaireachtaí Cripteagrafacha", ina bhfuil iomalartuithe agus teaglamaí in úsáid don chéad uair chun focal Araibis a liostáil le gutaí agus gan iad.[2] Ina leabhar "Lamhscríbhinn ar Theachtaireachtaí Cripteagrafacha a Scaoileadha", thug Al-Kindi cur síos mionsonraithe ar conas leas a bhaint as anailís minicíochta chun teachtaireachtaí criptithe a scaoileadh. Freisin, ba e Al-Kindi a chéad bhain leas Freisin, ba e Al-Kindi a chéad bhain leas as infeireas staitistiúil, nuair d’fhorbair seisean agus cripteagrafaithe Arabacha eile ina dhiaidh sin na modhanna staidrimh luatha chun teachtaireachtaí criptithe a scaoileadh. Rinne Ibn Adlan (1187–1268) cion tábhachtach ina dhiaidh sin, maidir le méid an tsampla a úsáid in anailís minicíochta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. Broemeling, Lyle D. (1 November 2011). "An Account of Early Statistical Inference in Arab Cryptology". The American Statistician 65 (4): 255–257. doi:10.1198/tas.2011.10191.