An Bhreatain
An Bhreatain | |||||
---|---|---|---|---|---|
Leasainm | Blighty, Albion agus Britannia | ||||
Ainmnithe in ómós | Britannia, Brútas na Traí agus Briotanaigh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 65,121,000 (2021) | ||||
• Dlús | 284.45 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na hOileáin Cheilteacha | ||||
Achar dromchla | 228,938 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mhuir Thuaidh, Muir Éireann, An Mhuir Cheilteach agus Muir Inse Ghall | ||||
Pointe is airde | Beinn Nibheis (1,344 m) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Is oileán í An Bhreatain Mhór atá suite ar chósta thoir na hÉireann, soir ó thuaidh ón Aigéan Atlantach Thuaidh. Is í an Bhreatain Mhór an naoú hoileán is mó ar domhan, agus an t-oileán is mó san Eoraip. Le daonra de thart ar 59.6 milliún duine (ó lár na bliana 2008), is í an tríú hoileán is mó de réir daonra ar domhan. Tá os cionn 1,000 oileán agus insín thart timpeall na Breataine Móire.
Bíonn ciall faoi leith ar an bhfocal Breatain (Breatain, ainmfhocal bain.). Tagann sí ón bhfocal "Prydain" sa Bhreatnais, a chiallaíonn an t-oileán ar a bhfuil Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain. Labhraítí foirm den Bhreatnais ar an gcuid is mó d'oileán na Breataine roimh theacht na Rómhánach, agus ina ndiaidh na hAngail agus Sacsain.
Inniu, úsáidtear an téarma an Bhreatain Mhór le tagairt don oileán ar fad, agus "an Bhreatain Bheag" le tagairt don chuid sin den oileán san iarthar inar fhan cuid mhaith de theanga agus de chultúr na mBreatnach, ar de bhunús Ceilteach iad. De ghnáth, ní bhaineann an focal "Breatnach" ach leis an Bhreatain Bheag. Ach ba in aimsir na banríona Victeoiria a tháinig úsáid an téarma "Great Britain" i mBéarla, nó "an Bhreatain Mhór", ar ais in úsáid.
Aithris a bhí ann ar nós na bhFrancach 'Grande Bretagne' a thabhairt ar an ríocht lena hidirdhealú ón mBriotáin ('Bretagne'). Uaidh sin, cuireadh an téarma in úsáid, freisin, le tagairt d'Impireacht na Breataine agus do Chomhlathas na Náisiún. Tugann saoránaigh na Ríochta Aontaithe "British" orthu féin, fiú cuid acu i dTuaisceart Éireann, ach ó theideal iomlán na ríochta, "Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann", ní chlúdaíonn an t-ainm "Briotanach" muintir Thuaisceart Éireann.
Daonra Éireannach i mBreatain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá líon mór daoine as Éire agus a sliocht lonnaithe ar fud na Breataine. De réir an daonáireamh 2011 [1]. tá 409,065 daoine le pas Éireannach acu ina gcónaí i mBreatain nó 10% an daonra sa Phoblacht na hÉireann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-28. Dáta rochtana: 2016-03-31.