Pobal Éireannach na Breataine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Daoine de phór na hÉireann:
Aidan of LindisfarneColumbaCharlotte BrontëArthur Wellesley, 1st Duke of WellingtonKate Bush
Lewis CarrollPeter O'TooleAlfred HitchcockSean ConneryWayne Rooney
John LennonAnthony HopkinsNoel Gallagher.

Is éard atá i bpobal Éireannach na Bhreataine inimircigh ó Éirinn agus a sliocht. Is iad na hinimircigh úd an tríú phobal dá saghas is mó ar domhan, tar éis inimirceach Meicsiceach sna Stáit Aontaithe agus na dTurcach sa Ghearmáin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na hÉireannaigh an mionlach ba mhó sa Bhreatain leis na céadta bliain. Tá siad ag teacht thar Mhuir Éireann ó dheireadh na ré réamhstairiúla go dtí an lá atá inniu ann, rud ab fhurasta a dhéanamh agus an dá thír chomh gar sin dá chéile. Tá an imirce seo ag neartú nó ag lagú de réir cúrsaí polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta ar an dá thaobh.

Tháinig Éireanaigh bhochta ina rabharta anall le linn an Drochshaoil sna 1840í. Ina dhiaidh sin tháinig laghdú éigin ar líon na n-inimirceach, agus méadú eile idir tríochaidí agus seascaidí an fichiú haois. Ba é seo an toradh a bhí ar ghanntanas oibre sa bhaile agus ar éileamh ar sclábhaithe sa Bhreatain, go háirithe sa tionscal tógála.

Ba iad contaethe an iarthair agus an deiscirt a sholáthair formhór na n-inimirceach sa 19ú haois. Imirceacht shéasúrach agus shealadach a bhí ann go minic, agus meithleacha oibrithe ag filleadh abhaile sa gheimhreadh agus san Earrach. Faoi na 1930í ba í an Bhreatain ba rogha le himircigh Éireannacha thar aon tír eile. Tháinig neart eile, idir fhir agus mhná, i rith an Dara Cogadh Domhanda (1939-45) agus sna caogaidí, agus iad ag cur fúthu i Londain, i Learpholl, Manchain, in Birmingham agus in Luton.

Sa bhliain 1997 mhaígh an Rialtas Éireannach sa Pháipéar Bán ar Pholasaí Eachtrannach (White Paper on Foreign Policy) go raibh timpeall dhá mhilliún Éireannach ina gcónaí sa Bhreatain.

Na hÉireannaigh sa Bhreatain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hÉireannaigh i Sasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2001 bhí 674,786 Éireannach ina gcónaí i Sasana (daoine a rugadh in Éirinn). B'ionann sin agus 12.1% de dhaonra na hÉirinn (5.6 milliún) ag an am. I Londain a bhí formhór na ndaoine de shliocht Éireannach ina gcónaí, agus cuid mhaith acu le fáil in Kilburn in iarthuaisceart na cathrach. Tá an pobal ag scaipeadh le tamall anuas agus mórán acu bogtha anonn go dtí Cricklewood de dheasca uaisliú Kilburn agus méadú ar chostas maireachtála. Tá Camden Town agus Shepherds Bush aitheanta fós mar cheantair Éireannacha.

Tá iomrá le Learpholl de bharr a hoidhreachta bríomhaire Éireannaí, agus de shliocht Éireannach formhór mhuintir na cathrach.

Is mór an pobal Éireannach atá in Birmingham agus paráid an-mhór Lá Fhéile Pádraig dá chomhartha sin. Is é Digbeth an ceantar is Gaelaí. Bhaineadh na hÉireannaigh amach Birmingham ar lorg oibre ar na canálacha, na bóithre agus na iarnróid, nó sna monarchana. De shliocht Éireannach cuid mhór den phobal fós, agus d'fhág siad a rian ar an áit. Tá Ardeaglais Naomh Chad ar an gcéad teampall Caitliceach a tógadh sa Bhreatain i ndiaidh an Reifirméisin.[1]

Meastar gur de shliocht Éireannach timpeall 35% de phobal Mhanchain, agus bíonn féile shuntasach Éireannach ar siúl ann.

Na hÉireannaigh in Albain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fada agus is läidir an ceangal atá idir Albain agus Cúige Uladh. Is gearr ó chósta iarthearach na hAlban iad Contae Dhún na nGall, Contae Aontroma agus Contae an Dúin. Sa bhliain 2001 ba de shliocht Éireannach 20% den phobal, agus in Éirinn a rugadh 55,000 den phobal (1.1% de dhaonra na hAlban). De shliocht Éireannach leath phobal Dhrochaid an Chòta i Siorrachd Lannraig, cé go bhfuil an céatadán íseal go leor sa chuid eile den siorramacht.

Na hÉireannaigh sa Bhreatain Bheag[cuir in eagar | athraigh foinse]

De dheasca an Drochshaoil a tháinig mórán Éireannach chun na Breataine Bige (1845-52). Tháinig méadú ar líon a sleachta agus fuair siad obair sna mianaigh. Ba mhinic le fáil timpeall Abertawe agus Casnewydd iad. Sa bhliain 2001 bhí 20,569 duine sa Bhreatain Bheag a rugadh in Éirinn.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraítear Béarla agus Gaeilge i measc an pobal Éireannach. Tá a lán ranganna Gaeilge ar fáil ar fud Breatain.

Áiteanna a bhfuil neart daoine de shliocht Éireannach iontu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-18. Dáta rochtana: 2009-12-26.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]