John Lennon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
John Lennon
John Lennon portrait.jpg
Saol
Ainm iomlán John Winston Lennon
Eolas breithe Liverpool Maternity Hospital (en) Aistrigh agus Learpholl, Deireadh Fómhair 9, 1940
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Áit chónaithe Learpholl
Nua-Eabhrac
251 Menlove Avenue (en) Aistrigh
Bás Nua-Eabhrac, Nollaig 8, 1980
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás dúnmharú (tráma balaistíoch)
Killed by (P157) Mark David Chapman
Muintir
Athair Alfred Lennon
Máthair Julia Lennon
Céile/Céilí Cynthia Powell  (Lúnasa 23, 1962 -  Samhain 8, 1968)
Yoko Ono  (Márta 20, 1969 -  Nollaig 8, 1980)
Páirtí/Páirtithe May Pang
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Liverpool College of Art (en) Aistrigh
Dovedale Primary School (en) Aistrigh
Calderstones School (en) Aistrigh
(1952 - 1957)
Teangacha An Béarla
Múinteoirí Donovan (en) Aistrigh
Gairm
Gairm iéiritheoir ceirníní, scríbhneoir, aisteoir, amhránaí is scríbhneoir, giotáraí, léiritheoir scannáin, file, cumadóir, aisteoir scannáin, pianódóir, amhránaí, péintéir, stiúrthóir scannán, ceoltóir, pearsa phoiblí, scríbhneoir próis, gníomhaí síochána agus gníomhaí polaitiúil
Saothar iomráiteach Imagine (en) Aistrigh
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Ballraíocht The Beatles
Plastic Ono Band (en) Aistrigh
The Dirty Mac (en) Aistrigh
The Quarrymen (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne rac-cheol
gormrac
ceol turgnamhach
popcheol
popcheol rac
rac-ealaine
rac sícideileach
rac is roll
beat music (en) Aistrigh
rac-cheol crua
rac thurgnamhach
Cineál gutha baratón
Uirlis cheoil giotár
pianó
Armónach
dordghiotár
uirlis mhéarchláir
ceol gutha
Lipéad ceoil Apple
Atco Records (en) Aistrigh
Capitol Records (en) Aistrigh
Parlophone
Vee-Jay Records (en) Aistrigh
EMI
Geffen Records (en) Aistrigh
Polydor Récords, Decca Récords. (en) Aistrigh
IMDb nm0006168
johnlennon.com
Firma de John Lennon.svg

Ceoltóir, cumadóir, file, scríbhneoir agus aisteoir Sasanach ab ea John Winston Ono Lennon (9 Deireadh Fómhair, 19408 Nollaig, 1980). Bhí cáil ar Lennon mar ghiotáraí agus amhránaí leis an racghrúpa Sasanach The Beatles i rith na 1960idí, agus mar cheoltóir ina aonar ó 1970 go dtí lá a bháis i 1980.

Le Paul McCartney, chruthaigh Lennon cuid de na hamhráin is clúití riamh. Feictear ar Lennon mar laoch i gcúrsaí ceoil, agus i gcultúr nua-aimseartha.[1]

251 Menlove Avenue, Learpholl (nó "Mendips"). Iarsmalann inniu
1963 agus 23 bliain d'aois

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós a thuismitheoirí, Freddie (nó Alfred) Lennon agus Julia Stanley, i 1938 ach níor réitigh siad go maith le chéile.[2] D

D'oscail an Cavern Club in 1957

Saolaíodh agus tógadh Lennon i Learpholl, Sasana. Rugadh John Lennon ar an 9 Deireadh Fómhair, 1940.

Mairnéalach ab ea a athair. Scar Freddie Lennon agus Julia óna chéile nuair a bhí John ocht mí dhéag d’aois, sa bhliain 1942. D’fhan John tamall ag teach uncail eile, Sidney Lennon agus a bhean Madge. Bhí fear eile ag Julia, John Dykins, agus faoi dheireadh phós siad agus bhí beirt iníonacha acu, Julia agus Jacqui.

1964
Lennon sa bhliain 1964.

Agus sin rud a chuir fearg ar Charlie agus Sidney Lennon: go bunúsach, nach raibh spás ag Julia do John óg ina saol agus, mar sin, go raibh sí ag iarraidh fáil réidh leis. Níor thuig John óg é sin, ar ndóigh, agus nuair a fuair sé deis dul chun cónaithe lena athair, ní raibh sé sásta a mháthair a fhágáil.

Chuaigh John a chónaí le haintín agus uncail eile, George agus Mimi Smith (deirfiúr Julia), áit ar thosaigh sé ag bualadh ar an ghiotár ar dtús. D'fhás John anuas le Mimi agus George ag 251 Menlove Avenue, Learpholl (nó "Mendips").

1967


Bhí a mháthair agus a teaghlach úr ina gcónaí cúpla míle suas an bóthar agus ó 1955 ar aghaidh léirigh sí níos mó suime ina mac, a bhí anois ina dhéagóir. Thug Lennon cuairt uirthi go minic, agus d'fhoghlaim sé an bainseó uaithi. Ba dhéagóir é Lennon nuair a bhí an tóir ar cheol scifil.

John Lennon, Imagine, 1971

Tháinig tubaiste i saol an fhir óg ar an 15 Iúil 1958 nuair a maraíodh Julia i dtimpiste. Bhí póilín ar meisce ag tiomáint, agus buaileadh Julia leis an gcarr. B’éigean do Lennon dul chun iarsmaí Julia a shainaithint i marbhlann an ospidéil.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buachaill cliste ab ea Lennon, ach ní raibh a lán suim aige sa scoil. Ar aon chaoi, fuair sé áit i Liverpool College of Art agus bhuail sé leis a bhean chéile Cynthia Powell anseo. Phós sé le Powell i 1962 agus bhí mac acu Julian sa bhliain céanna.

D´fhág Lennon an coláiste, agus chaith sé an t-am ar fad ag seinm ceoil. Bhí tionchar mór ag ceoltóirí cosúil le Buddy Holly agus Elvis Presley ar Lennon, agus thosaigh sé a bhanna rac-cheoil féin The Quarrymen.

Bhí trialacha ar siúl i Learpholl ag John Lennon sa bhliain 1957 le giotaraí a fháil dá ghrúpa Quarrymen, agus nuair a fuair Paul McCartney an áit sa bhanna, cuireadh tús leis an ghrúpa is fearr dá mhair riamh, dar le roinnt daoine.[3]

D'athraigh siad an t-ainm ar dtús go Johnny and the Moondogs agus ansin Long John and The Silver Beetles. Níos déanaí, thóg siad an t-ainm níos giorra The Beatles (ba iad The Crickets banna a laoch Buddy Holly).

1975

The Beatles[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le McCartney, scríobh Lennon cuid de na hamhráin is cáiliúla riamh. Bhí Lennon ábalta scríobh ina aonar freisin, agus chruthaigh sé a amhráin féin níos minicí i rith na mblianta níos déanaí.

Sa bhliain 1965 bronnadh MBE air de bharr seirbhísí do thionscal na Breataine.

An duine deisbhéalach ab ea é sa bhanna, agus bhíodh sé ag magadh i gcónaí in agallaimh agus thuas ar an stáitse. Bhí scannal i 1966 i SAM nuair a dúirt Lennon go raibh The Beatles "níos faiseanta ná hÍosa". Fuair sé íde béal ó ghrúpaí éagsúla, agus bhí air dul ar teilifís chun a fhocail a mhíniú.[4]

Thosaigh Lennon ag cailleadh a shuim sa bhanna níos déanaí. Nuair a fuair a mbainisteoir Brian Epstein bás i 1967, thosaigh Paul McCartney ag stiúradh an bhanna. Thosaigh an banna ag tabhairt aire ar a gcúrsaí gnó féin don chéad am, agus bhí a lán argóint ann.

Bhí an uimhir 1 deireanach ag na Beatles i 1969 le “Ballad of John and Yoko” amhrán nach raibh ach McCartney agus Lennon ag canadh/seinm air.

John agus Yoko[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 9 Samhain 1966, chuaigh Lennon go dtí an Indica Art Gallery in Londain chun ealaíon Yoko Ono a fheiceáil. Nuair a tháinig Lennon abhaile ón India i 1968, d´fhág sé a bhean chéile Cynthia.

Pósadh Lennon agus Yoko Ono le chéile ar an 20 Márta 1969, agus rugadh mac (Sean) i 1975.

John  Lennon agus Yoko Ono 1980

Na 1970idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Los Angeles (California, USA), Hollywood Boulevard, John Lennon -- 2012 -- 4990.jpg

Nuair a scoir na Beatles i 1970, thóg Lennon faoi ghairm aonair agus thairg sé albaim ar nós John Lennon/Plastic Ono Band agus Imagine, agus singil ar nóis "Give Peace a Chance", "Working Class Hero" agus "Imagine". I ndiadh gur phós sé Yoko Ono i 1969, d'athraigh sé a ainm go John Ono Lennon.

Balla Lennon, Prague

Nochtaigh Lennon nádúr ceannairceach agus nathaíocht géar ina cheol, scríbhneoireacht, líníochtaí, ar scannán agus in agallaimh. Bhí sé conspóideach trína ghníomhaíochas polaitiúil. I 1971, bhog sé go Manhattan, áit ina raibh riarachán Richard Nixon ag déanamh tréaniarracht Lennon a dhíbirt de bharr a cháineadh ar an gCogadh Vítneam, agus úsáideadh roinnt dá amhráin mar aintiúní don ghluaiseacht frith-chogaíochta agus an frithchultúr.

Tharraing Lennon siar ón ngnó ceoil i 1975 chun a mhac óg Sean a thógáil.

Tháinig sé ar ais le Ono i 1980 leis an albam dúbailte Double Fantasy. Dunmharaíodh é trí seachtaine níos déanaí.

Green card, 1976

Lennon an Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fuil Éireannach ag Lennon. Rugadh a sheanathair James Lennon i mBaile Átha Cliath in 1858, agus rugadh a sheanmháthair Mary Maguire in Éirinn freisin. Seán an t-ainm a thug Lennon sé ar a mhac le Yoko Ono. (Bhí oidhreacht Breatnach ag a mháthair Julia).

I rith na dTrioblóidí, bhí John Lennon sásta labhairt amach faoin chos ar bolg in Éirinn. Bhí na meáin chumarsáide agus na húdaráis an-dian ar dhuine ar bith a bhí in aghaidh pholasaithe Rialtas Shasana sa tír sin. Nocht Lennon a chuid tuairimí faoin scéal in amhráin mar “Sunday, Bloody Sunday” agus “The Luck of the Irish”.

  • leagan Gaeilge d’amhrán cáiliúil John Lennon ‘Happy Xmas (War Is Over)

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tionchar ag Ó Lionnáin ar dhaoine go fóill. Tá na mílte ag teacht go Mendips agus ag éisteacht lena chuid ceoil, nó ag déanamh iarrachta a bheith cosúil leis.

Cheannaigh duine éigin giotár ar 2.41 milliún dollar sa bhliain 2015.[5]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Unfinished Music No.1: Two Virgins (le Yoko Ono) (1968)
  • Unfinished Music No.2: Life with the Lions (le Yoko Ono) (1969)
  • Wedding Album (le Yoko Ono) (1969)
  • John Lennon/Plastic Ono Band (1970)
  • Imagine (1971)
  • Some Time in New York City (le Yoko Ono) (1972)
  • Mind Games (1973)
  • Walls and Bridges (1974)
  • Rock 'n' Roll (1975)
  • Double Fantasy (le Yoko Ono) (1980)
  • Milk And Honey (le Yoko Ono) (1984)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "BBC - Irish - Próifíl ar John Lennon" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-12-08.
  2. Tony Birtill. "John Lennon: laoch na nÉireannach i Learpholl" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-08.
  3. cogg.ie. "Leabhar ceoilː Ardteist b". Dáta rochtana: 2020.
  4. Chuir sé isteach ar dhaoine i Meiriceá nuair a dúirt John Lennon “We are more popular than Jesus now”, agus thosaigh an Ku Klux Klan feachtas le deireadh a chur leis an “Beatle menace”.
  5. maynoothuniversity.ie (2015). "Eleathanach". Dáta rochtana: 2020.