Brian Epstein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brian Epstein
Aankomst Brian Epstein (manager Beatles) op Schiphol (Grand Gala du Disque 1965), Bestanddeelnr 918-2516 ShiftN.jpg
Saol
Ainm iomlánBrian Epstein
Eolas breitheLearpholl, 19 Meán Fómhair 1934
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchaisan Béarla
BásLondain, 27 Lúnasa 1967
Áit adhlacthaLearpholl
Cúis bháisféinmharú (ródháileog)
Oideachas
Alma materRoyal Academy of Dramatic Art 1957) luach ar iarraidh : aisteoireacht
Clayesmore School (en) Aistrigh
Wrekin College (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmduine den lucht gnó, impreasóir, gníomhaire tallainne, talent manager (en) Aistrigh, monaróir, fiontraí agus léiritheoir ceirníní
Gluaiseacht ealaínepopcheol
Lipéad ceoilParlophone
IMDbnm0258432
brianepstein.com
Discogs ID298528
Gala du Disque 1965

Fear gnó Sasanach ab ea Brian Samuel Epstein (19 Meán Fómhair 193427 Lúnasa 1967). Bhí cáil air sna 1960idí mar bhainisteoir ar an mbanna rac-cheoil The Beatles, ón bhliain 1961 go dtí a bhás i 1967.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Epstein i Learpholl, Sasana sa bhliain 1934. Bhí siopa troscáin ag a thuismitheoirí Harry agus Malka, áit ina cheannaigh teaghlach Paul McCartney pianó lá amháin. Chuaigh Epstein isteach san airm i 1952, agus ansin rinne sé staidéar ag an Royal Academy of Dramatic Art (RADA), ag an am céanna leis na haisteoirí Peter O'Toole, Susannah Yorke agus daoine eile. Chaill sé a shuim san aisteoireacht, áfach, agus thug a athair post dó sa North East Music Stores (NEMS), ina bhainisteoir ar an roinn na gceirníní. Tar éis tamaill, d'oscail a athair siopa nua freisin agus bhí Epstein ina bhainisteoir ar an ngnó ar fad. Thosaigh a shuim sa cheol ag fás sa phost seo, agus ar an 3 Lúnasa 1961 thosaigh sé ag scríobh a cholún féin san iris Mersey Beat.

The Beatles[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Epstein ag obair i NEMS, tháinig cúpla duine sa siopa ag iarraidh an t-albam a rinne Tony Sheridan leis The Beatles sa Ghearmáin a cheannach. Ni raibh Epstein ábalta é a fháil, áfach. Mar thoradh, chuaigh sé go dtí an Cavern Club i Learpholl lá amháin chun iad a fheiceáil, agus eolas faoin cheirnín seo a fháil. Agus é ag féachaint orthu, bhain Epstein sult as an taispeántas, agus thaitin na Beatles go mór leis mar dhaoine freisin. Ag cruinniú ar an 10 Nollaig 1961, shocraigh an banna go mbeidh Epstein ina bhainisteoir nua orthu. Shínigh siad conradh i dteach drumadóir Pete Best ar an 24 Eanáir 1962.

NBC, 1965

Ní raibh aon taithí ag Epstein, ach ba bhainisteoir láidir é i gceann tamaill. Ar dtús, bhí sé an-deacair dóibh conradh ceoil a fháil i Sasana. Sa deireadh, chuaigh siad go dtí EMI Parlophone, agus bhuail siad leis an léiritheoir George Martin. D'éist Martin leis an banna, agus cheap sé go raibh siad go maith. Ní raibh Martin ró-tógtha le scileanna Pete Best mar dhrumadóir, ámh, agus cuireadh Ringo Starr isteach ina áit.

Chomh maith leis na Beatles, bhí Epstein ag obair le grúpaí agus amhránaithe eile freisin, mar shampla Gerry and the Pacemakers, Billy J. Kramer agus Cilla Black.

A bhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh a shaoil, bhí an-imní ar Epstein go raibh an banna déanta leis. Bhí sé socraithe acu nach mbeadh siad ag dul amach ar chamchuairt arís, agus de bharr sin bhí níos lú le déanamh ag Epstein. Bhí sé ag fulaingt le gruaim freisin. Fear homaighnéasach a bhí ann, rud a choimeád sé faoi rún. Deir daoine éagsúla go raibh caidreamh homaighnéasach idir eisean agus John Lennon, ach níl aon eolas cinnte ar fáil faoi seo.

Fuair Epstein bás ar an 27 Lúnasa 1967 nuair a bhí baill an bhanna sa Bhreatain Bheag leis an Maharishi Mahesh Yogi. Ródháileog ab ea é, ach níltear cinnte gurb é féinmharú a bhí i gceist.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]