George Martin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
George Martin
George Martin - backstage at LOVE.jpg
Saol
Ainm iomlán George Henry Martin
Eolas breithe Highbury, Eanáir 3, 1926
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
An Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Swindon, Márta 8, 2016
Oideachas
Alma mater Guildhall School of Music and Drama (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm iéiritheoir ceirníní, cóiritheoir ceoil, cumadóir, stiúrthóir ceolfhoirne, innealtóir fuaime agus ceoltóir
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Gluaiseacht ealaíne rac-cheol
popcheol
ceol clasaiceach
Uirlis cheoil Óbó
orgán
Lipéad ceoil EMI (en) Aistrigh
Parlophone
Apple
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Cabhlach Ríoga
Throid sé/sí ag An Dara Cogadh Domhanda
IMDb nm0552326
Paul White, George Martin agus na Beatles, 1964

Ba léiritheoir agus cumadóir ceoil é Sir George Martin (3 Eanáir 1926 - 8 Márta 2016[1]) a rugadh i Londain, Sasana). Ba é Martin a shínigh conarthaí ceoil leis an mbanna rac-cheoil The Beatles, agus léirigh sé fórmhór a gcuid albam. Dá bhrí sin is minic a thugtar "an cúigiú Beatle" air.

Léirigh sé níos mó ná 700 céirnín ar feadh a shaol.

1966

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Martin i Holloway i dtuaisceart Londan sa bhliain 1926. Siúinéir ba ea a athair, agus teaghlach bocht a bhí ann, rud a d’fhág nach raibh Martin ábalta stáidéar a dhéanamh ar an gceol. Ba mhór an tsuim a bhí aige ann, áfach, agus d'fhoghlaim sé conas an pianó a sheinm uaidh féin.

Sa bhliain 1943, agus é in aois a sheacht mbliana déag, rinneadh píolóta agus oifigeach de sa Chabhlach Ríoga, ach chríochnaigh an cogadh sula raibh deis aige dul thar lear, agus d’fhág sé an tseirbhís sa bhliain 1947. Bhí sé sa Guildhall School of Music and Drama idir na blianta 1947 agus 1950, áit a ndearna sé staidéar ar an bpianó agus ar an óbó, agus suim aige i gceol Rachmaninov, Ravel, Cole Porter agus Johnny Dankworth.

Ar 3 January 1948 phós sé Sheena Chisholm, agus bhí beirt pháistí acu: Alexis agus Gregory.

An chéad cheirnín a rinne The Beatles faoi choimirce Parlophone. Martin a léirigh.

Ina dhiaidh sin fuair sé post sa BBC sa rannóg chlasaiceach. Sa bhliain 1950 chuaigh sé ag obair le Parlophone, comhlacht a bhain le EMI, agus é ag taifeadadh ceol clasaiceach agus barócach, ceol réigiúnach na Breataine agus foireann bhunaidh drámaí mór-ratha, in éineacht leis na fuirseoirí Peter Sellers, Rolf Harris, Peter Ustinov, Peter Cook, Dudley Moore agus na Goons.

Níos déanaí dúirt John Lennon go raibh sé sásta dul ag obair le Martin toisc gur thaitin na Goons chomh mór sin leis. Tháinig rath air mar léiritheoir de bharr an tseó, Beyond the Fringe, agus ba í dea-obair Martin a chuir Parlophone chun cinn.

Sir George Martin.

Phós sé Judy Lockhart-Smith ar 24 June 1966, agus rugadh beirt pháistí eile: Lucy agus Giles.

The Beatles[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1962 bhí The Beatles, grúpa as Learpholl, ag iarraidh conradh a fháil. Chuir a mbainisteoir Brian Epstein in aithne do na comhlachta móra iad, ach bhíodh doicheall rompu.

Nuair nár éirigh leis an mbanna ceoil conradh taifid a bhaint amach, dúirt Martin go bhainfeadh sé triail as an mbanna (bhí sé i gceannas an lipéid Parlophone ag an am), agus thug n Beatles a n-aghaidh ar Londain. Shíl Martin go raibh siad "rather unpromising", ach thaitin amhránaíocht Lennon agus McCartney. Níor thaitin an drumadóir Pete Best leis, ach shínigh sé conradh leo nuair a fuair siad drumadóir nua.

B’eo tús an chaidrimh, agus ba é Martin a léirigh beagnach gach ceann dá gcuid albam. Bhí an t-eolas agus an taithí aige agus b’fhéidir leis cuidiú leo sa stiúideo – b’in Stiúideo Abbey Road i Londain. Ba mhór an cúnamh eolas Martin chun bua neamhoilte an ghrúpa a chur ag bláthú: Martin a rinne an chuid ba mhó den chóiriú, agus eisean a sheinneadh ar an bpianó.

Chum Martin ceol agus fuaimrianta do scannáin "Hard Day's Night" a thuil ainmniúchan Oscar "nominee" dó.[2]

Bhuaigh Martin Grammy ar fhuaimrian "Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band" sa bhliain 1967.

Eisean a chuir ceathairéad ag seinm san amhrán Yesterday cé nach raibh McCartney sásta leis ar dtús.

Obair Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1969 bhunaigh Martin an Associated Independent Recording (AIR) Studios. Rinneadh Ridire de sa bhliain 1996 as a ndearna sé ar son an tionscail cheoil agus an chultúir pop.

Chum Martin ceol le haghaidh trí scannán de chuid sraith James Bond.

Sa bhliain 1979 d’fhoilsigh sé leabhar dar theideal All You Need is Ears (le cúnamh Jeremy Hornsby) a chuir síos ar a ndearna sé leis na Beatles agus le ceoltóirí eile.

Chomhléirigh Martin leagan 1997 "Candle in the Wind" le Elton John, i gcuimhne báis an Bhanphrionsa Diana agus díoladh 37m cóip.

Sa bhliain 2001 chuir sé amach Produced by George Martin: 50 Years In Recording, sé dhlúthdhiosca a d’fhéach siar ar a chuid léirithe go léir.

Dioscaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Off the Beatle Track (1964)
  • Help! (1965)
  • George Martin Instrumentally Salutes The Beatle Girls (1966)
  • Yellow Submarine (albam) (taobh 1; The Beatles, taobh 2: The George Martin Orchestra) (1969)
  • Live and Let Die (fuaimrian) (Martin a léirigh amhrán Paul McCartney agus a chum ceol an scannáin) (1973)
  • In My Life (albam George Martin (1998)
  • Produced by George Martin (2001)
  • The Family Way (2003)

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Lewisohn, Mark (1990). "The Beatles: Recording Sessions". Three Rivers Press; Reprint edition. 
  • MacDonald, Ian (1994). "Revolution in the Head: The Beatles' Records and the Sixties". New York: Henry Holt and Company. 
  • Martin, George; Hornsby, Jeremy (1994). "All You Need Is Ears". New York: St. Martin's Press. 
  • Martin, George; Pearson, William (1994). "With a Little Help from My Friends: The Making of Sgt. Pepper". Boston: Little, Brown. 

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2016-03-09). "An 'Cúigiú Ciaróg' tar éis bháis" (in en). 
  2. "A Hard Day's Night - IMDb" .