Maurice Ravel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ravel i 1912.

Ba chumadóir, pianódóir agus stiúrthóir ceolfhoirneach Francach é Joseph Maurice Ravel (7 Márta 187528 Nollaig 1937).

Cuirtear síos air mar chumadóir impriseanaíoch go minic, cosúil leis an chumadóir eile Francach Claude Debussy, ach níor thaitin an téarma seo le ceachtar acu.

Sna 1920idí agus na 1930idí bhí cáil air mar an cumadóir Francach ab fhearr a bhí beo.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an ceol go mór ina theaghlach nuair a rugadh é, agus d’fhreastal sé ar Ardscoil Cheoil Pháras, a bhí mar an phríomh-choláiste ceoil sa Fhrainc. Ní raibh ardmheas ag an bunaíocht coimeádach dó, agus tharlaigh scannal mar gheall ar an drochíde a thug siad dó.

1925

Tar éis dó an ardscoil cheoil a fhágáil, rinne sé a bhealach féin mar cumadóir. D’fhorbair sé stíl a bhí soiléireacht mhór ag baint leis, agus tá gnéithe nua-aoiseachais, bharócaí agus nuachlasaicis le fáil ann, chomh maith le gnéithe snagcheoil ina dhiaidh sin. Thaitníodh sé leis triail a bhaint as struchtúir nua ceoil, atá feiceálach ina shaothar is cáiliúla, Bolero (1928), ina nglacann athsheinm áit na forbartha.

Rinne sé cuid cóiriúcháin ceolfhoirneach ar ceol cumadóirí eile, agus is é an leagan de Pictures at an Exhibition le Mussorgsky, a chóirigh Ravel i 1922, a chóiriúchán is cáiliúla.

Chum Ravel níos lú saothair ná a chomhaoisigh, toisc go raibh sé ina oibrí mall agus cúramach.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maurice Ravel, le 7 Márta 1928, chez Éva Gauthier

I measc a shaothair, tá ceol don phianó, ceol aragail, dhá choinséartó pianó, ceol bailé, dhá cheoldráma agus ocht gciogal amhrán; níor scríobh sé aon siansa ná ceol eaglaise. Tá dhá leagan ann de cuid mhór dá shaothair: leagan phianó ar dtús, agus ceolfhoirniú níos moille.

Tá cuid dá cheol phianó, a leithéid Gaspard de la nuit (1908), rídheacair a sheinm, agus tá cothromaíocht sciliúil de dhíth chun a shaothair ceolfhoirne chasta, ar nós Daphnis et Chloé, a chur i láthair.

Taifeadadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ravel ar dhuine de na cumadóirí is luaithe a d’aithin go raibh cumas ag taifeadtaí dul i gcion ar phobal níos leithne lena gcuid ceoil. Ó na 1920dí ar aghaidh, in ainneoin an teicníc teoranta a bhí aige mar phianódóir agus mar stiúrthóir ceolfhoirneach, ghlac sé páirt i dtaifeadadh ar roinnt dá shaothair; rinneadh cuid taifeadadh eile faoina mhaoirseacht.

Maurice Ravel & Lily Laskine 1935

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]