Dlúthdhiosca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pictúir de dhlúthdhíosca (cuirtear peann luaidhe san áireamh chun an scála a thaispeáint)

Is é atá i ndlúthdhiosca ná diosca a stórálann fuaimeolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.5 orlach ar leithead, agus 1 mm ar tiús. Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre. Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire. Déanann an ríomhaire atáirgeadh ar an bhfaisnéis mar íomhá, mar chód fuaime, nó i bhfoirmeacha eile le cabhair feidhmchlár.

Sheol Philips agus Sony an dlúthdhiosca i 1983.

Is é atá i ndlúthdhiosca fuaime ná saghas dlúthdhiosca a úsáidtear chun píosaí cheoilcaint de ard-chaighdeán a thaifeadadh.

Féach fosta[athraigh | edit source]