ABBA
Banna popcheoil Sualannach ab ea ABBA, a bhí gníomhach idir na blianta 1972 agus 1982. Bhuaigh Abba Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1974, an chéad bhua Sualannach sa chomórtas.[1]

Rinneadh iarracht chun an banna a athbheochan sna 2020idí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Acrainm é ainm an bhanna, atá bunaithe ar ainmneacha na mball.
B'ar an gcairdeas idir na ceoltóirí Björn Ulvaeus agus Benny Andersson a bunaíodh an grúpa, in éineacht leis na hamhránaithe Anni-Frid Lyngstad (nó Frida de ghnáth) agus Agnetha Fältskog. Dhá lánúin pósta a bhí ann agus iad in ard a réime, cé nár tháinig aon cheann dóibh slán as.
Bhuaigh Abba Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1974, an chéad bhua Sualannach sa chomórtas.
2020idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair 2021, tháinig Abba amach le dhá amhrán nua. Bhí albam nua acu freisin darb ainm ‘Voyage’, a tháinig amach chomh maith.[1] Chuaigh an banna ar 'thuras fíorúil', ina chruthaigh na baill íomhánna samhalta, nó abhatáir, díobh féin.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ring Ring (1973)
- Waterloo (1974)
- ABBA (1975)
- Arrival (1976)
- The Album (1977)
- Voulez-Vous (1979)
- Super Trouper (1980)
- The Visitors (1981)
- Voyage (2021)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 maynoothuniversity.ie (27 Meán Fómhair 2021). "Eleathanach 389". Dáta rochtana: 27 Meán Fómhair 2021.