Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
Íomhá
Cineálannual music competition (en) Aistrigh
television franchise (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1956 - 
Fad ama2 h agus 4 h Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arSanremo Music Festival (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mór-roinnAn Eoraip, An Áise, An Aigéine agus Afraic Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíEuropean Broadcasting Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrasinging competition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Nation in the Eurovision Song Contest (en) Aistrigh
Eurovision Song Contest entry (en) Aistrigh
Eurovision Song Contest edition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineurovision.tv Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#eurovision agus #ESC Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: EurovisionSongContest Twitter: eurovision Instagram: eurovision Youtube: UCRpjHHu8ivVWs73uxHlWwFA TikTok: eurovision Cuir in eagar ar Wikidata


Is comórtas Eorpach bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (nó Comórtas Amhrán Eoraifíse uaireanta; Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson)[1] ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.

Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar an teilifís beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is fearr sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann de na stáisiúin teilifíse atá ina mbaill den ACE. Tá sé mar thasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.

Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathnaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is mó ar domhain seachas tionóil lúthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 milliún agus 600 milliún le blianta beaga anuas.[2][3] Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas.[4][5][6] Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon.[7]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE), atá bunaithe san Eilvéis coiste ad hoc ar bun chun bealaigh nua a lorg chun tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta.[8] Ag cruinniú coiste a comóradh i Monacó i mí Eanáir 1955, choincheap Marcel Bezençon, ard-stiúrthóir teilifís na hEilvéise agus cathaoirleach coiste, idé an chomórtais amhránaíochta idirnáisiúnta, ina nglacfadh tíortha páirt i gclár teilifíse amháin a dtarchuirfeadh go comhuaineach do gach tír san aontas.[8][9] Bhí an comórtas bunaithe ar Fhéile Cheoil Sanremo ón Iodáil.[10] Chonacthas an comórtas mar thurgnamh teicneolaíocha i dteilifíseán beo mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin. Ní raibh teilifís satailíte ann ag an am sin agus gréasán micreathoinne domhanda a bhí i gceist leis an nGréasán Eoraifíse mar a deirtear le.[11] Cheadaigh Comhthionól Ginearálta ACE an coincheap, dá ngaireadh "Eurovision Grand Prix" ag an am sin, i gcruinniú a comóradh sa Róimh an 19 Deireadh Fómhair 1955 agus beartaíodh go mbeadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an earraigh sa bhliain 1956 in Lugano, an Eilvéis.[8] Baineadh George Campey, iriseoir Briotanach úsáid don chéad uair as an ainm "Eurovision" maidir le gréasán an ACE in London Evening Standard sa bhliain 1951.[9]

Bhí an chéad chomórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 i mbaile Lugano, an Eilvéis. Ghlac seacht dtír páirt sa chomórtas-chuir gach tír dhá amhrán isteach sa chomórtas agus mar sin, bhí 14 amhrán san iomlán. B'é seo an t-aon chomórtas inar cheadaíodh níos mó ná amhrán amháin ó gach tír a cur i láthair: ón mbliain 1957, ní raibh ach amhrán amháin ceadaithe ó gach tír. Bhuaigh an Eilvéis, an tír aíochta, an chéad chomórtas sin.[12]

Tugadh "Eurovision Grand Prix" ar an gcomórtas ar dtús. Glacadh an t-ainm "Grand Prix" seo leis na tíortha Frainciseora agus tugadh "Le Grand-Prix Eurovision de la Chanson Européene" ar an gComórtas.[13] Ní úsáidtear "Grand Prix" a thuilleadh agus cuireadh "Concours" (comórtas) in ionad "Grand Prix" sna tíortha sin. Baintear úsáid as an nGréasán Eoraifíse chun cláir nuachta agus spóirt a chraoladh go hidirnáisiúnta, i measc teagmhas eile lena n-eagraítear leis an ACE.[14] In aigne an phobail, áfach, tá an t-ainm "Eurovision" i gcomhlachas go géar leis an gComórtas Amhránaíochta.[11]

Formáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá formáid an chomórtais tar éis athrú trí na blianta, cé go mbíonn dearbhphrionsabail an chomórtais mar seo a leanas i gcónaí: cuireann na tíortha rannpháirteacha amhráin isteach sa chomórtas agus cuirtear na hamhráin seo i láthair le linn chlár teilifíse bheo a chraoltar go comhuaineach ar fud ghréasán na hEoraifíse do gach tír. Bíonn craoltóir teilifíse ina ionadaí do gach tír: de ghnáth is é sin eagraíocht craolta poiblí na tíre, ach níl sé sin an cás i gcónaí. Bíonn ceann de na tíortha rannpháirteacha ina n-óstach don chomórtas agus seoltar an tarchar ón hall sa chathair aíochta. I rith an chláir seo, agus tar éis gach amhrán a bheith curtha i láthair, leanann na tíortha ar aghaidh chun vótaí a chaitheamh d'amhráin na dtíortha eile: ní cheadaítear vóta a chaitheamh do do thír féin, áfach. Ag deireadh an chláir, fógraítear an buaiteoir - is é sin an tír leis an líon pointí is mó. Is é gradam an bhua mar dhuas an chomórtais ach de ghnáth bronntar trófaí ar scríbhneoirí an amhráin. Tugtar cuireadh don tír bua an comórtas a óstáil an bhliain dár gcionn.

De ghnáth, osclaíonn láithreoir amháin nó níos mó an clár, ag cur fáilte roimh lucht féachana an seó. Uaireannta, feictear gearrthóga físe den tír aíochta i rith an chláir. Idir na hamhráin agus fógairt na dtorthaí, cuirtear gníomh idirlinne i láthair. Cuimsíodh hidirlinnte sin gníomhartha mar The Wombles (1974) agus céad chur i láthair den seó Riverdance (1994).

Is é réamhdhréacht do Te Deum le Marc-Antoine Charpentier an ceol téama a seinntear roimh agus tar éis chraoltaí Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.

Tarlaíonn babhta ceannais de sheó Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse de ghnáth i rith oíche Dé Sathairn, ag 19.00 UTC (20.00 BST, nó 21.00 CEST). Rognaítear Satharn amháin i mí na Bealtaine, ach tharla an comórtas ar Déardaoin cheana (1956) agus chomh luath mar mhí an Mhárta.

Ag vótáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le gach tír san Eoraip páirt a ghlacadh sa chomórtas. Canann siad i ngach teanga, ach go háirithe as Béarla, ach is féidir amhrán a chanadh as Gaeilge, Iodális, i Fraincis, srl.

Tíortha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíortha na hEoraifíse

Tá Baill ghníomhacha ACE incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad na Baill ghníomhacha ná na stáit a bhfuil laistigh de Cheantar Craolacháin na hEorpa, nó na stáit a bhfuil ina mbaill de Chomhairle na hEorpa. Tá Ceantar Craolacháin na hEorpa sainmhínithe ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta mar:

The "European Broadcasting Area" is bounded on the west by the western boundary of Region 1, on the east by the meridian 40° East of Greenwich and on the south by the parallel 30° North so as to include the western part of the USSR, the northern part of Saudi Arabia and that part of those countries bordering the Mediterranean within these limits. In addition, Iraq, Jordan and that part of the territory of Turkey lying outside the above limits are included in the European Broadcasting Area.

Cuimsíonn baill ghníomhacha eagraíochtaí craolacháin le tarchur a bhfuil ar fáil do 98% de na teaghlaigh ina dtír ar a laghad.


Buaiteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Datá Óstach Buaiteoir Ceolteor/í Amhrán Pointe Imeall An dara háit
1956 24 Bealtaine Lugano An Eilvéis Lys Assia "Refrain" Níl fhógartha
1957 3 Márta Frankfurt An Ísiltír Corry Brokken "Net Als Toen" 31 14 An Fhrainc
1958 12 Márta Hilversum An Fhrainc André Claveau "Dors, Mon Amour" 27 3 An Eilvéis
1959 11 Márta Cannes An Ísiltír Teddy Scholten "Een Beetje" 21 5 An Ríocht Aontaithe
1960 25 Márta Londain An Fhrainc Jacqueline Boyer "Tom Pillibi" 32 7 An Ríocht Aontaithe
1961 18 Márta Cannes Lucsamburg Jean-Claude Pascal "Nous Les Amoureux" 31 6 An Ríocht Aontaithe
1962 18 Márta Lucsamburg An Fhrainc Isabelle Aubret "Un Premier Amour" 26 13 Monacó
1963 23 Márta Londain An Danmhairg Grethe & Jørgen Ingmann "Dansevise" 42 2 An Eilvéis
1964 21 Márta Cóbanhávan An Iodáil Gigliola Cinquetti "Non ho l'età" 49 32 An Ríocht Aontaithe
1965 20 Márta Napoli Lucsamburg France Gall "Poupée de cire, poupée de son" 32 6 An Ríocht Aontaithe
1966 5 Márta Lucsamburg An Ostair Udo Jürgens "Merci Chérie" 31 15 An tSualainn
1967 8 Aibreán Vín An Ríocht Aontaithe Sandie Shaw "Puppet on a String" 42 25 Éire
1968 6 Aibreán Londain An Spáinn Massiel "La La La" 29 1 An Ríocht Aontaithe
1969 29 Márta Maidrid An Spáinn Salomé "Vivo Cantando" 18 Ceann ar bith
An Ríocht Aontaithe Lulu "Boom Bang-a-Bang"
An Ísiltír Lennie Kuhr "De Troubadour"
An Fhrainc Frida Boccara "Un Jour, Un Enfant"
1970 21 Márta Amstardam Éire Dana "All Kinds of Everything" 32 6 An Ríocht Aontaithe
1971 3 Aibreán Baile Átha Cliath Monacó Séverine "Un Banc, Un Arbre, Une Rue" 128 12 An Spáinn
1972 25 Márta Dún Éideann Lucsamburg Vicky Leandros "Après Toi" 128 14 An Ríocht Aontaithe
1973 7 Aibreán Lucsamburg Lucsamburg Anne-Marie David "Tu Te Reconnaîtras" 129 4 An Spáinn
1974 6 Aibreán Brighton An tSualainn ABBA "Waterloo" 24 6 An Iodáil
1975 22 Márta Stócólm An Ísiltír Teach-In "Ding-A-Dong" 152 14 An Ríocht Aontaithe
1976 3 Aibreán An Háig An Ríocht Aontaithe Brotherhood of Man "Save Your Kisses for Me" 164 17 An Fhrainc
1977 7 Bealtaine Londain An Fhrainc Marie Myriam "L'Oiseau Et L'Enfant" 136 15 An Ríocht Aontaithe
1978 22 Aibreán Páras Iosrael Izhar Cohen & Alphabeta "A-Ba-Ni-Bi" 157 32 An Bheilg
1979 31 Márta Iarúsailéim Iosrael Gali Atari & Milk and Honey "Hallelujah" 125 9 An Spáinn
1980 19 Aibreán An Háig Éire Johnny Logan "What's Another Year?" 143 15 An Ghearmáin
1981 4 Aibreán Baile Átha Cliath An Ríocht Aontaithe Bucks Fizz "Making Your Mind Up" 136 4 An Ghearmáin
1982 24 Aibreán Harrogate An Ghearmáin Nicole "Ein Bisschen Frieden" 161 61 Iosrael
1983 23 Aibreán München Lucsamburg Corinne Hermès "Si La Vie Est Cadeau" 142 6 Iosrael
1984 5 Bealtaine Lucsamburg An tSualainn Herreys "Diggi-Loo Diggi-Ley" 145 8 Éire
1985 4 Bealtaine Göteborg An Iorua Bobbysocks "La det swinge" 123 18 An Ghearmáin
1986 3 Bealtaine Bergen An Bheilg Sandra Kim "J'Aime La Vie" 176 31 An Eilvéis
1987 9 Bealtaine An Bhruiséil Éire Johnny Logan "Hold Me Now" 172 31 An Ghearmáin
1988 30 Aibreán Baile Átha Cliath An Eilvéis Celine Dion "Ne Partez Pas Sans Moi" 137 1 An Ríocht Aontaithe
1989 6 Bealtaine Lausanne An Iúgslaiv Riva "Rock Me" 137 7 An Ríocht Aontaithe
1990 5 Bealtaine Ságrab An Iodáil Toto Cutugno "Insieme: 1992" 149 17 Éire
An Fhrainc
1991 4 Bealtaine An Róimh An tSualainn Carola "Fångad av en stormvind" 146 0 An Fhrainc
1992 9 Bealtaine Malmö Éire Linda Martin "Why Me" 155 16 An Ríocht Aontaithe
1993 15 Bealtaine Sráid an Mhuilinn Éire Niamh Kavanagh "In Your Eyes" 187 23 An Ríocht Aontaithe
1994 30 Aibreán Baile Átha Cliath Éire Paul Harrington & Charlie McGettigan "Rock 'n' Roll Kids" 226 60 An Pholainn
1995 13 Bealtaine Baile Átha Cliath An Iorua Secret Garden "Nocturne" 148 29 An Spáinn
1996 18 Bealtaine Osló Éire Eimear Quinn "The Voice" 162 48 An Iorua
1997 3 Bealtaine Baile Átha Cliath An Ríocht Aontaithe Katrina and the Waves "Love Shine a Light" 227 70 Éire
1998 9 Bealtaine Birmingham Iosrael Dana International "Diva" 172 6 An Ríocht Aontaithe
1999 29 Bealtaine Iarúsailéim An tSualainn Charlotte Nilsson "Take Me to Your Heaven" 163 17 An Íoslainn
2000 13 Bealtaine Stócólm An Danmhairg Olsen Brothers "Fly on the Wings of Love" 195 40 An Rúis
2001 12 Bealtaine Cóbanhávan An Eastóin Tanel Padar, Dave Benton & 2XL "Everybody" 198 21 An Danmhairg
2002 25 Bealtaine Taillinn An Laitvia Marie N "I Wanna" 176 12 Málta
2003 24 Bealtaine Ríge An Tuirc Sertab Erener "Everyway That I Can" 167 2 An Bheilg
2004 15 Bealtaine Iostanbúl An Úcráin Ruslana "Wild Dances" 280 17 An tSeirbia agus Montainéagró
2005 21 Bealtaine Cív An Ghréig Elena Paparizou "My Number One" 230 38 Málta
2006 20 Bealtaine An Aithin An Fhionlainn Lordi "Hard Rock Hallelujah" 292 44 An Rúis
2007 12 Bealtaine Heilsincí An tSeirbia Marija Šerifović "Molitva" 268 33 An Úcráin
2008 24 Bealtaine Béalgrád An Rúis Dima Bilan "Believe" 272 42 An Úcráin
2009 16 Bealtaine Moscó An Iorua Alexander Rybak "Fairytale" 387 169 An Íoslainn
2010 29 Bealtaine Osló An Ghearmáin Lena Meyer-Landrut "Satellite" 246 76 An Tuirc
2011 14 Bealtaine Düsseldorf An Asarbaiseáin Eldar & Nigar "Running Scared" 221 32 An Iodáil
2012 26 Bealtaine Baki An tSualainn Loreen "Euphoria" 372 113 An Rúis
2013 18 Bealtaine Malmö An Danmhairg Emmelie de Forest "Only Teardrops" 281 47 An Asarbaiseáin
2014 10 Bealtaine Cóbanhávan An Ostair Conchita Wurst "Rise Like a Phoenix" 290 52 An Ísiltír
2015 23 Bealtaine Vín An tSualainn Måns Zelmerlöw "Heroes" 365 62 An Rúis
2016 14 Bealtaine Stócólm An Ucráin Jamala "1944" 534 23 An Astráil
2017 20 Bealtaine Cív An Phortaingéil Salvador Sobral "Amar Pelos Dois" 758 143 An Bhulgáir
2018 12 Bealtaine Liospóin Iosrael Netta "Toy" 529 93 An Chipir
2019 18 Bealtaine Tel Aviv An Ísiltír Duncan Lawrence "Arcade" 492 27 An Iodáil
2021 22 Bealtaine Rotterdam An Iodáil Måneskin "Zitti e buoni" 524 25 An Fhrainc
2022 14 Bealtaine Torino An Ucráin Kalush Orchestra "Stefania" 631 165 An Ríocht Aontaithe
2023 13 Bealtaine Learpholl An tSualainn Loreen "Tattoo" 583 57 An Fhionlainn

De Tír[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na buaiteoirí is coitianta
Buaiteoirí Tír Bliana
7 Éire 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
An tSualainn 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023
5 An Fhrainc 1958, 1960, 1962, 1969, 1977
Lucsamburg 1961, 1965, 1972, 1973, 1983
An Ríocht Aontaithe 1967, 1969, 1976, 1981, 1997
An Ísiltír 1957, 1959, 1969, 1975, 2019
4 Iosrael 1978, 1979, 1998, 2018
3 An Iorua 1985, 1995, 2009
An Danmhairg 1963, 2000, 2013
An Iodáil 1964, 1990, 2021
An Úcráin 2004, 2016, 2022
2 An Spáinn 1968, 1969
An Eilvéis 1956, 1988
An Ghearmáin 1982, 2010
An Ostair 1966, 2014
1 Monacó 1971
An Bheilg 1986
An Iúgslaiv 1989
An Eastóin 2001
An Laitvia 2002
An Tuirc 2003
An Ghréig 2005
An Fhionlainn 2006
An tSeirbia 2007
An Rúis 2008
An Asarbaiseáin 2011
An Phortaingéil 2017


Boinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír 1st, gold medalist(s) 1st, silver medalist(s) 1st, bronze medalist(s) Iomlán Blianta
Éire 7 4 1 12 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
An tSualainn 7 1 6 14 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023
An Ríocht Aontaithe 5 16 3 24 1967, 1969, 1976, 1981, 1997
An Fhrainc 5 5 7 17 1958, 1960, 1962, 1969, 1977
An Ísiltír 5 1 1 7 1957, 1959, 1969, 1975, 2019
Lucsamburg 5 0 2 6 1961, 1965, 1972, 1973, 1983
Iosrael 4 2 2 8 1978, 1979, 1998, 2018
An Iodáil 3 3 5 11 1964, 1990, 2021
An Úcráin 3 2 1 6 2004, 2016, 2022
An Danmhairg 3 1 3 7 1963, 2000, 2013
An Iorua 3 1 1 5 1985, 1995, 2009
An Ghearmáin 2 4 4 10 1982, 2010
An Spáinn 2 4 2 8 1968, 1969
An Eilvéis 2 3 4 9 1956, 1988
An Ostair 2 0 1 3 1966, 2014
An Rúis 1 4 4 9 2008
An Bheilg 1 2 0 3 1986
Monacó 1 1 3 5 1971
An Tuirc 1 1 1 3 2003
An Asarbaiseáin 1 1 1 3 2011
An Fhionlainn 1 1 0 2 2006
An Ghréig 1 0 3 4 2005
An Laitvia 1 0 1 2 2002
An tSeirbia 1 0 1 2 2007
An Iúgoslaiv 1 0 0 1 1989
An Eastóin 1 0 0 1 2001
An Phortaingéil 1 0 0 1 2017
Málta 0 2 2 4
An Íoslainn 0 2 0 2
An Pholainn 0 1 0 1
An tSeirbia agus Montainéagró 0 1 0 1
An Astráil 0 1 0 1
An Bhulgáir 0 1 0 1
An Chipir 0 1 0 1
An Rómáin 0 0 2 2
An Bhoisnia-Heirseagaivéin 0 0 1 1
An Mholdóiv 0 0 1 1
align="center"

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Éire an tír is rathúla sa chomórtas go stairiúil. Tá sé buaite ag Éirinn seacht n-uaire. Seo a leanas na hamhránaithe agus na hamhráin a bhí i gceist:[15]

Tíortha sa chomórtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na tíortha seo a leanas na tíortha a bhfuil tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas:

Bliain Tíortha
1956 An Bheilg, An Eilvéis An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Ísiltír, Lucsamburg
1957 An Danmhairg, An Ostair, An Ríocht Aontaithe
1958 An tSualainn
1959 Monacó
1960 An Iorua
1961 An Fhionlainn, An Iúgslaiv, An Spáinn
1964 An Phortaingéil
1965 Éire
1971 Málta
1973 Iosrael
1974 An Ghréig
1975 An Tuirc
1980 Maracó
1981 An Chipir
1986 An Íoslainn
1993 An Bhoisnia-Heirseagaivéin, An Chróit, An tSlóivéin
1994 An Eastóin, An Liotuáin, An Pholainn, An Rómáin, An Rúis, An tSlóvaic, An Ungáir
1998 An Mhacadóin Thuaidh
2000 An Laitvia
2003 An Úcráin
2004 An Albáin , Andóra, An Bhealarúis, An tSeirbia agus Montainéagró
2005 An Bhulgáir, An Mholdóiv
2006 An Airméin
2007 Montainéagró, An tSeic, An tSeirbia, An tSeoirsia
2008 An Asarbaiseáin, San Mairíne
2015 An Astráil

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Winners of the Eurovision Song Contest" (PDF). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-28. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  2. "Finland wins Eurovision contest".
  3. "Eurovision Song Contest - International Music Program". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-01-13. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  4. "Eurovision Trivia" (PDF) (2002).
  5. "Eurovision Song Contest 1972".
  6. "Eurovision Song Contest 2004 Final".
  7. "Webcasting and the Eurovision Song Contest" (July 2002). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-28. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  8. 8.0 8.1 8.2 "[x Singing out loud and proud]". Bristol Evening Post. “In the mid-1950s, the members of the European Broadcasting Union set up an ad-hoc committee to investigate ways of rallying the countries of Europe round a light entertainment programme. At Monaco, in late January 1955, this committee, chaired by Marcel Bezencon, director general of Swiss Television, came up with the idea of creating a song contest, inspired by the very popular San Remo Festival. The idea was approved by the EBU General Assembly in Rome on October 19, 1955, and it was decided that the first "Eurovision Grand Prix" - so baptised, incidentally, by a British journalist - would take place in spring 1956 at Lugano, Switzerland.”
  9. 9.0 9.1 "Eurovision's Golden Jubilee". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-08-11. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  10. "History of Eurovision" (2003). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-05-19. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  11. 11.0 11.1 "Eurovision: 40 years of network development, four decades of service to broadcasters".
  12. "Historical Milestones" (2005). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-05-26. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  13. "Histoire 1956 à 1959" (1999). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-05-02. Dáta rochtana: 2009-12-25. Teimpléad:Fr icon
  14. "The EBU Operations Department".
  15. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-27. Dáta rochtana: 2008-05-25.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]