Loreen
Is ceoltóir pop as an tSualainn í Lorine Zineb Nora Talhaoui nó Loreen (fuaimniú i Sualainnis: [lɔˈreːn]), a rugadh ar an 16 Deireadh Fómhair 1983 i Stócólm na Sualainne. Bhuaigh sí Comórtas Amhránaíochta na hEorafíse in 2012 leis an amhrán “Euphoria”. Bhuaigh sí an comórtas don dara huair in 2023 leis an amhrán “Tattoo”. Leis an dara bua, is í an dara duine (i ndiaidh Johnny Logan) agus an chéad bhean a bhuaigh an comórtas faoi dhó.
Bhí suim aici bheith ina ceoltóir. Ghlac sí páirt sa chomórtas teilifíse Idol 2004 sa tSualainn agus tháinig sí sa cheathrú áit. An bhliain dár gcionn, d'eisigh sí a céad singil, "The Snake", leis an mbanna Rob'n'Raz agus d'oibrigh sí mar láithreoir teilifíse ar TV400. Ghlac sí páirt i Melodifestivalen sna blianta 2011 agus 2017 ach níor éirigh léi cáiliú.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Loreen i Stócólm na Sualainne sa bhliain 1983. Is as Maracó a tuismitheoirí. Go luath ina saol, bhog sí go dtí Västerås, áit ar fhás sí aníos. Chaith sí a hóige in Gryta, ceantar cónaithe i Västerås.
Bhí sí i gcaidreamh le buaiteoir Idol 2004 Daniel Lindström idir 2004 agus 2006. Bhí siad ina gcónaí le chéile in árasán i Södermalm. Sa bhliain 2017, tháinig sí amach mar duine déghnéasach. I mí Márta 2021, dúirt sí go raibh buachaill aici.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Heal (2012)
- Ride (2017)
Ceirníní leathfhada
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Nude (2017)