Teangacha na mBeirbeireach
Jump to navigation
Jump to search
Teangacha na mBeirbeireach (Tamaziɣt / Tamazight ![]() | |
---|---|
Á labhairt: | An Ailgéir,Maracó,An Libia ,An Túinéis, i dtuaisceart Mhailí, iarthar agus tuaisceart na na Nígire, tuaisceart Bhuircíne Fasó, san Mháratáin, agus in Ósais Sioua san Éigipt. |
Réigiún: | Afraic Thuaidh |
Cainteoirí san Iomlán: | >45 milliún [fíoras?] |
Líne ghinealaigh: | Teangacha Afra-Áiseacha |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Maracó, An Ailgéir |
Foras Pleanála Teanga: | |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ber |
ISO 639-2 | |
ISO 639-3 | [1] |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is fine teangacha den chineál céanna iad teangacha nó canúintí na mBeirbeireach nó na nAmaiseach atá dúchasach san Afraic Thuaidh. Labhraítear iad ag daonraí móra san Ailgéir agus i Maracó, agus ag daonraí níos lú sa Libia, sa Túinéis, i dtuaisceart Mhailí, iarthar agus tuaisceart na na Nígire, tuaisceart Bhuircíne Fasó, san Mháratáin, agus in ósais Sioua san Éigipt. Tá pobail imirceach a labhraíonn teangacha na mBeirbeireach ina gcónaí in Iarthar na hEorpa ó na 1950í. Sa bhliain 2001, bhain teangacha na mBeirbeireach stádas amach mar theanga náisiúnta bhunreachtúil na hAilgéire, agus sa bhliain 2011 bhain an teanga stádas oifigiúl bunreachtúil amach i Maracó, tar éis blianta de ghéarleanúna.