Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2009

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2009
Dátaí
Dáta Leath Deiridh 1 12 Bealtaine 2015
Dáta Leath Deiridh 2 14 Bealtaine 2015
Dáta Deiridh 16 Bealtaine 2015
Óstach
Ionad Olympic Indoor Arena,
Moscó, an Rúis
Láithreoirí Natalia Vodianova
Andrey Malahov
Ivan Urgant
Alsou Abramova
Craoltóir óstach Channel One
Rannpháirtithe
Líon na Iontrálacha 42
Tíortha rannpháirteacha
don chéad uair:
None
Tíortha ag filleadh:

An tSlóvaic

Tíortha a tharraingt siar: An tSeoirsia

San Mairíne

Léarscáil Rannpháirtíocht

██ Tíortha Rannpháirtí.

██ Tíortha nár airleacan chun an deiridh ón deiridh leath.

██ Tíortha a ghlac páirt san am atá caite, ach ní i 2009

Vóta
Córas vótála Vótaí gach tír 12, 10, 8-1 pointí

le haghaidh gcuid is fearr leat

deich iontrálacha.

Pointe null None
Amhrán a bhuaigh An Iorua
"Fairytale"
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
← 2008
2010 →
Lógó

Tharla Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2009 idir 12 agus 16 de Mhí na Bealtaine i Staid Olimpiyski (Staid Oilimpeach) i Moscó, An Rúis. B'é sin an 54ú leagan den chomórtas.

Athraíodh an próiseas vótála nuair a thugadh isteach an giúiré náisiúnta arís i dteannta teileavótála. Bhí dhá babhta leathcheannais i leagan an chomórtais sin. Ghlac 42 tír sa chomórtas; d’fhógair An tSlóvaic go bhfillfeadh sí ar ais sa chomórtas, ach tharraing San Mairíne siar as an gcomórtas de dheasca fadhbanna airgeadais. Ar dtús d’fhógair An Laitvia agus An tSeoirsia go dtarraingeoidís siar, ach dúirt Aontas Craolacháin na hEorpa níos moille go nglacfaidís páirt sa chomórtas go deimhin. Ach sa deireadh bheartaigh An tSeoirsia tarraingt siar as an gcomórtas nuair a dhiúltaítear a hamhrán mar deirtear gur sárú rialacha a bhí ann.

Bhuaigh An tIorua an comórtas leis an amhránaí Alexander Rybak agus a amhrán “Fairytale”. Fuair an t-amhrán 387 pointe – curiarracht a bhí ann mar níor fuair aon amhrán eile an méid sin i rith stair na hEoraifíse. Fuair an Íoslainn an dara háit agus fuair An Asarbaiseáin an tríú háit.

Ionad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an comórtas sa Rúis mar bhuaigh Dima Bilan an bhliain roimhe sin i mBéalgrád leis an amhrán “Believe.” Dúirt Vladimir Putin, Príomh-Aire na Rúise, go dtarlódh an comórtas i Moscó.

Mhol Bealach a hAon an comórtas a hóstáil i Staid Oilimpeach Mhoscó agus luacháil Aontas Craolacháin na hEorpa an moladh sin agus sa deireadh cinntítear ar 13ú Meán Fómhair 2008. Shéan Ardstiúthóir an ionaid, Vladimir Churilin, ráflaí faoi atógáil éigeandála an fhoirgnimh agus dúirt sé: “Ní gá atógáil do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse. Anois tá fairsinge do 25000 breathnóir ann.”

Dearc-dhearadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhoilsigh an óstchraoltóir, Bealach a hAon, fo-lógó agus téama an chomórtais ar 30 Eanáir 2009. Tá an lógó bunaithe ar “Éan Fantaise” agus is féidir é a úsáid lena lán dathanna. Mar bhlianta roimh ré, foilsítear an fo-lógó in éineacht leis an lógó cineálach. B'é 2009 an chéad bhliain ó 2001 nach raibh mana don comórtas.

Bhí an t-ardán ceaptha ag John Casey, dearthóir seite atá suite i Nua-Eabhrac, agus bhí sé bunaithe ar théama avant-garde Rúisigh comhaimseartha. Cheap Casey an t-ardán do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 1997 i mBaile Átha Cliath agus bhí baint aige lena foirne deartha do na comórtais i 1994 agus 1995.

Bhí na cártaí poist (gearrfíseáin idir na gníomhartha) mar seo a leanas:

  • Taispeánann Miss World 2008, Ksenia Sukhinova, na cártaí poist dúinn.
  • Láthraíonn foirgnimh, séadchomharthaí agus tírdhreachaí cáiliúla ón tír áirithe ar an scáileán agus cruthaíonn siad leathnaigh 3T.
  • Ansin, filleann Sukhinova ar ais agus tá sí ag caitheamh hata déanta as na foirgnimh sin agus ag caitheamh t-léine le dathanna ó bhrat na tíre sin. Ar dheis, nochtann lógó an chomórtais agus ainm na tíre.
  • Ansin, nochtann leagann cainte as Rúisis agus an t-aistriúchán (Mar shampla: “Spasibo” = Thank You)

Tíortha pháirteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chinntigh 42 tír a bpáirteachas sa chomórtas, An tSlóvaic san áireamh (don chéad bliain ó 1998).

Ar dtús, d’fhógair An tSeoirsia go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón comórtas de bharr cogaidh na hOiséite Thuaidh i 2008 agus chun agóid a dhéanamh ar pholasaí eachtrach na Rúise. Ach níos moille, bheartaigh sí chun filleadh ar ais don comórtas faoi spreagadh a bua i gComórtas Amhránaíochta Sóisearach na hEoraifíse i 2008 agus an 12 poine a bhfuair sí ón Rúis. Ach sa deireadh, tharraing sí siar ón comórtas mar mheastar go raibh tagairtí polaitíochta ina hamhrán.

Bhí ráflaí ann faoi pháirteachas San Mairíne agus Mhonacó. Dheimhnigh Télé Monte Carlo (TMC), craoltóir Mhonacó, go raibh siad i gcomhchainteanna le h Aontas Craolacháin na hEorpa faoi pháirteachas sa chomórtas i 2009. San am céanna, bhí ráflaí ann go tarraingeodh Radiotelevisione della Repubblica di San Marino (SMRTV), craoltóir San Mairíne, siar ón gcomórtas mar gheall ar drochthoradh sa chomórtas i 2008. Sa deireadh, bhí ar SMRTV tarraing siar ón gcomórtas de dheasca fadhbanna airgeadais.

Tharraing craoltóir na Laitvia, Latvijas Televīzija (LTV), siar ón gcomórtas de réir cosúlachta ar an 17ú Mí na Nollag 2008, trí lá tar éis spriocdháta an pháirteachais. Tharla é sin mar gheall ar sriantachtaí buiséid – bhí laghdú de níos mó ná 2 mhilliún lati (timpeall 2,8 mhilliún euro) i mbuiséad an chraoltóra agus mar sin ní raibh LTV in ann táille an pháirteachais a íoc. Dheimhnigh LTV gur chuir siad ACE i bhfios do raibh sé ar intinn acu tarraingt siar ón gcomórtas mar gheall ar fadhbanna airgeadais amháin. Ansin, bhí comhchainteanna idir LTV agus ACE chun réiteach a fháil a choimeádfadh an tír sa chomórtas. Ar 20ú Mí na Nollag 2008, d’fhógair LTV go dtarraingeodh sí siar ón gcomórtas agus nach mbeadh pionós airgeadais curtha ar an gcraoltóir. D’fhógair LTV go raibh sé ar intinn acu filleadh ar ais don chomórtas i 2010. Ach ar 12 Eanáir 2009, fógraíodh go nglacfadh An Laitvia sa chomórtas i 2009.

Roghnaigh gach tír a n-iontrálaí don chomórtas trína bpróiseas roghnúcháin féin. Roghnaigh tíortha éigin a n-iontrálaí trí roghnúchán inmheánach – sin nuair a roghnaíonn an craoltóir áirithe an t-amhrán agus an t-amhránaí. Bhí babhta ceannais náisiúnta ag tíortha eile nuair a roghnaigh an pobal an t-amhrán, an t-amhránaí, nó iad araon. Faoi dheireadh na tréimhse roghnúcháin, roghnaigh dhá thír amhránaí a ghlac páirt sa chomórtas cheana féin – Chiara a ndéarna ionadaíocht don Málta i 1998 agus 2005, agus Sakis Rouvas a ndearna ionadaíocht don Ghréig i 2004.

Formáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an babhta ceannais an chomórtais ar an 16ú Bealtaine 2009 i Staid Oilimpeach i Moscó, An Rúis. Bhí dhá babhta leathcheannais roimhe sin ar 12ú agus 14ú Bealtaine. Ghlac seacht dtír déag páirt i gceann de dhá bhabhta leathcheannais an chomórtais. Bhí ceithre thír (An Fhrainc, An Ghearmáin, An Spáinn agus An Ríocht Aontaithe), a ghlaoitear “Ard-Cheathair” air, chomh maith leis an óst-thír, An Rúis, réamh-cháilithe don babhta ceannais. Chomh maith leis na tíortha réamh-cháilithe, cháiligh na deich tír is fearr ó gach aon babhta leathcheannais agus mar sin, bhí cúig thír is fiche sa bhabhta ceannais.

Bhí díospóireacht ar athruithe formáide an Chomórtais 2009 le linn cruinnithe Aontais Craolacháin na hEorpa, a tharla in Aithin, sa Ghréig i Mí Mheithimh 2008. Le linn an chruinnithe sin, moladh chun an “Ard-Cheathair” a chur ar ceal agus dá dtarlódh é sin, cailleadh an “Ard-Cheathair” a n-áit sa bhabhta ceannais. Ach sa deireadh, dearbhaíodh go coimeádfadh na tíortha sin a gceart chun cáiligh don babhta ceannais go huathoibríoch.

Vótáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

De chionn gearán leanúnach craoltóirí faoi vótáil pholaitiúil, chomarsanúil agus diaspóra, mheasúnaigh ACE an nós imeachta vótála a bhí i bhfeidhm sa chomórtas agus mhachnaigh siad ar athrú a thabhairt isteach maidir leis an córas vótála i 2009. Sheol eagraithe an chomórtais ceistneoir maidir leis an gcóras vótála chuig craoltóirí páirtíochta agus ansin chuir grúpa tagartha a bhfreagra san áireamh agus iad ag ullmhú moladh do formáid na bliana dá éis sin. Mhol Televizja Polska (TVP), craoltóir na Polainne, chun giúiré idirnáisiúnta, mar an ceann a úsáideadh i rith Comórtais Damhsa na hEoraifíse 2008, a thabhairt isteach chun tionchar vótála comharsanaí a laghdú agus béim níos láidre a chur ar luach ealaíonta an amhráin.

Mar sin, socraíodh chun an giúiré a thabhairt isteach arís do bhabhta ceannais an chomórtais. Bheadh vóta gach aon tíre comhdhéanta de 50% an teileavótála agus 50% an ghiúiré náisiúnta. I ngach aon babhta leathcheannais, roghnaíodh 9 thír trí theileavótáil. Maidir leis an deichiú tír ó gach aon babhta leathcheannais, roghnaíodh an tír le na pointí is mó ar chlár scóir an ghiúiré tionlacain nach raibh cáilithe cheana féin agus lean an tír sin go dtí an babhta ceannais. Ag an babhta ceannais, chuir gach aon tír a bpointí (1 go 8, 10 agus 12) ón teileavóta agus pointí a ngiúiré le chéile chun “scórchárta náisiúnta” a chruthú. Fuair an tír lena pointí is mó 12 pointe, fuair an tír sa dara háit 10 bpointe agus araile. Dá dtarlódh comhscór, bhuafadh an tír leis an vóta teileavótála is aired. Cuireadh deireadh le giúiréithe náisiúnta ar dtús i 1997 agus d’éirigh teileavota ina cheangal do beagnach gach tír ó 2003.

Cionroinnte phota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 30ú Eanáir 2009, tharla an tarraing chun cinneadh ar na tíortha a bheadh sa chéad babhta leathcheannais agus sa dara babhta leathcheannais. Scoilteadh na tíortha pháirteachta i sé phota bunaithe ar phatrúin vótála i gcomórtais roimh ré. Ansin tharla tarraing ó na sé phota chun cinneadh ar an babhta leathcheannais ina ghlacfadh na tíortha. Socraíodh chomh maith go vótáilfeadh An Ghearmáin, An Spáinn agus An Riocht Aontaithe sa chéad babhta leathcheannais agus vótáilfeadh An Fhrainc agus An Rúis sa dara babhta leathcheannais. Tharla an tarraing do hord reatha na babhtaí leathcheannas, babhtaí ceannas agus ord vótála ar 16ú Márta 2009.

Pota 1 Pota 2 Pota 3
Pota 4 Pota 5 Pota 6

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíortha sna babhtaí leathcheannas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac seacht dtír déag páirt in dhá babhta leathcheannais an chomórtais.

Babhta leathcheannais a haon[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tharla an chéad babhta leathcheannais i Moscó ar 12ú Bealtaine 2009.
  • Vótáil An Riocht Aontaithe agus An Ghearmáin sa bhabhta sin.
  • Léiríonn péitseog na tíora a cháiligh don babhta ceannais.
  • Léiríonn líon an iontráil roghnaithe leis an giúiré chun dul go dtí an babhta ceannais.
Uimhir Tír Teanga Amhránaí Amhrán Aistriúchán Gaeilge Áit Pointí
1 Montainéagró Béarla Andrea Demirović "Just Get Out of My Life" Imigh amach as mo shaol 11 44
2 Poblacht na Seice Béarla, Rómáinis Gipsy.cz "Aven Romale" Tar isteach lucht siúil 18 0
3 An Bheilg Béarla Patrick Ouchène " Copycat" Bréige 17 1
4 An Bhealarúis Béarla Petr Elfimov "Eyes That Never Lie" Súile nach n-insíonn bréag riamh 13 25
5 An tSualainn Béarla, Fraincís Malena Ernman "La voix" An guth 4 105
6 An Airméin Béarla, Airméinis Inga agus Anush "Jan Jan" A mhuirnín 5 99
7 Andóra Béarla, Catalóinis Susanne Georgi "La teva decisió (Get a Life)" Do chinneadh (faigh saol) 15 8
8 An Eilvéis Béarla Lovebugs "The Highest Heights" Na harda is airde 14 15
9 An Tuirc Béarla Hadise "Düm Tek Tek" 2 172
10 Iosrael Béarla, Eabhrais, Araibis Noa agus Mira Awad "There Must Be Another Way" Caithfidh bealach eile a bheith ann 7 75
11 An Bhulgáir Béarla Krassimir Avramov "Illusion" Seachmall 16 7
12 An Íoslainn Béarla Yohanna "Is It True?" An bhfuil sé fíor? 1 174
13 An Mhacadóin Macadóinis Next Time "Nešto što kje ostane" Rud a fhanfaidh 10 45
14 An Rómáin Béarla Elena "The Balkan Girls" Na cailíní Balcánacha 9 67
15 An Fhionlainn Béarla Waldo's People " Lose Control" Caill smacht 12 42
16 An Phortaingéil Portaingéilis Flor-de-Lis "Todas as ruas do amor" Trí sráideanna uilig an ghrá 8 70
17 Málta Béarla Chiara "What If We" Cad dá na? 6 86
18 An Bhoisnia-Heirseagaivéin Boisnis Regina "Bistra voda" Uisce glan 3 125

Babhta leathcheannais a dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tharla an dara babhta leathcheannais i Moscó ar an 14ú Bealtaine.
  • Vótáil An Fhrainc agus An Rúis sa bhabhta sin. Bhí sé in ainm An Spáinn a vótáil sa bhabhta sin chomh maith, ach mar gheall ar earráidí sceidealaithe, craoladh an babhta ródhéanach agus ní raibh breathnóirí sa Spáinn in ann vótáil agus mar sin úsáideadh vóta giúiré na Spáinne ina áit.
  • Léiríonn péitseog na tíora a cháiligh don babhta ceannais.
  • Léiríonn líon an iontráil roghnaithe leis an giúiré chun dul go dtí an babhta ceannais.
Uimhir Tír Teanga Amhránaí Amhrán Aistriúchán Gaeilge Áit Pointí
1 An Chróit Cróitis Igor Cukrov le Andrea Šušnjara "Lijepa Tena" An Tena álainn 13 33
2 Éire Béarla Sinéad Mulvey agus Black Daisy "Et Cetera" Agus araile 11 52
3 An Laitvia Rúisis Intars Busulis "Probka" Plódú tráchta 19 7
4 An tSeirbia Seirbis Marko Kon agus Milaan "Cipela" Bróg 10 60
5 An Pholainn Béarla Lidia Kopania "I Don't Wanna Leave" Ní theastaíonn uaim imeacht 12 43
6 An Iorua Béarla Alexander Rybak "Fairytale" Síscéal 1 201
7 An Chipir Béarla Christina Metaxa "Firefly" Lampróg 14 32
8 An tSlóvaic Slóvaicis Kamil Mikulčík agus Nela Pocisková "Leť tmou" Eitilt tríd an dorchadas 18 8
9 An Danmhairg Béarla Niels Brinck "Believe Again" Creid arís 8 69
10 An tSlóivéin Béarla, Slóivéinis Quartissimo le Martina Majerle "Love Symphony" Siansa an ghrá 16 14
11 An Ungáir Béarla Zoli Ádok "Dance with Me" Déan damhsa liomsa 15 16
12 An Asarbaiseáin Béarla AySel agus Arash " Always" I gcónaí 2 180
13 An Ghréig Béarla Sakis Rouvas "This Is Our Night" Sin é ár n-oíche 4 110
14 An Liotuáin Béarla, Rúisis Sasha Son " Love" Grá 9 66
15 An Mholdóiv Rómáinis, Béarla Nelly Ciobanu "Hora din Moldova" Damhsa ón Mholdóiv 5 106
16 An Albáin Béarla Kejsi Tola "Carry Me in Your Dreams" Iompair i do bhrionglóidí mé 7 73
17 An Ucráin Béarla Svetlana Loboda "Be My Valentine! (Anti-Crisis Girl)" Bí mar Vailintín agam (cailín frithghéarchéime) 6 80
18 An Eastóin Eastóinis Urban Symphony "Rändajad" Fánaithe 3 115
19 An Ísiltír Béarla The Toppers "Shine" Soilsigh 17 11

Babhta ceannais[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad na hiontráilí:

  • An “Ard Ceathair” (An Fhrainc, An Ghearmáin, An Spáinn agus An Riocht Aontaithe)
  • An ost-thír – An Rúis
  • Na naoi tír leis an scór is mó ón chéad babhta leathcheannais chomh maith le saoróg ó na giúiréithe.
  • Na naoi tír leis an scór is mó ón dara babhta leathcheannais agus chomh maith le saoróg ó na giúiréithe.

Tharla an babhta ceannais i Moscó ar an 16ú Bealtaine ag 23.00 UTC +3 (19.00 UTC) agus bhuaigh An Iorua.

Uimhir Tír Teanga Amhránaí Amhrán Aistriúchán Gaeilge Áit Pointí
1 An Liotuáin Béarla, Rúisis Sasha Son " Love" Grá 23 23
2 Iosrael Béarla, Eabhrais, Araibis Noa agus Mira Awad "There Must Be Another Way" Caithfidh bealach eile a bheith ann 16 53
3 An Fhrainc Fraincís Patricia Kaas "Et s'il fallait le faire" Dá gcaithfí é a dhéanamh 8 107
4 An tSualainn Béarla, Fraincís Malena Ernman "La voix" An guth 21 33
5 An Chróit Cróitis Igor Cukrov le Andrea "Lijepa Tena" An Tena álainn 18 45
6 An Phortaingéil Portaingéilis Flor-de-Lis "Todas as ruas do amor" Trí sráideanna uilig an ghrá 15 57
7 An Íoslainn Béarla Yohanna[1] "Is It True?" An bhfuil sé fior? 2 218
8 An Ghréig Béarla Sakis Rouvas "This Is Our Night" Sin é ár n-oíche 7 120
9 An Airméin Béarla, Airméinis Inga agus Anush "Jan Jan" Mo mhuirnín 10 92
10 An Rúis Rúisis, Úcráinis Anastasiya Prikhodko "Mamo" Máthair 11 91
11 An Asarbaiseáin Béarla AySel agus Arash " Always" I gcónaí 3 207
12 An Bhoisnia-Heirseagaivéin Boisnis Regina "Bistra voda" Uisce glan 9 106
13 An Mholdóiv Rómáinis, Béarla Nelly Ciobanu "Hora din Moldova" Damhsa ón Mholdóiv 14 69
14 Málta Béarla Chiara "What If We" Cad dá na? 22 31
15 An Eastóin Eastóinis Urban Symphony "Rändajad" Fánaithe 6 129
16 An Danmhairg Béarla Niels Brinck "Believe Again" Creid arís 13 74
17 An Ghearmáin Béarla Alex Swings Oscar Sings! "Miss Kiss Kiss Bang" Iníon Póg Póg Bang 20 35
18 An Tuirc Béarla Hadise "Düm Tek Tek" 4 177
19 An Albáin Béarla Kejsi Tola "Carry Me in Your Dreams" Iompair i do bhrionglóidí mé 17 48
20 An Iorua Béarla Alexander Rybak "Fairytale" 1 387
21 An Ucráin Béarla Svetlana Loboda "Be My Valentine! (Anti-Crisis Girl)" Bí mar Vailintín agam (cailín frithghéarchéime) 12 76
22 An Rómáin Béarla Elena "The Balkan Girls" Na cailíní Balcánacha 19 40
23 An Ríocht Aontaithe Béarla Jade Ewen "It's My Time" ‘Sé mo uair 5 173
24 An Fhionlainn Béarla Waldo's People "Lose Control" Caill smacht 25 22
25 An Spáinn Spáinnis, Béarla Soraya Arnelas "La noche es para mí" Tá an oíche domsa 23 23

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]