Jump to content

An Bhoisnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Boisnis)
Infotaula de llenguaAn Bhoisnis
bosanski jezik agus bosanski

Cineálstandard variety (en) Aistrigh agus pluricentric language variant (en) Aistrigh
Úsáid
Cainteoirí dúchais3,500,000 (2008)
Dúchasach doan Bhoisnia-Heirseagaivéin
Stáitan Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Chróit, Montainéagró agus an Tuirc
Comhordanáidí44° N, 18° E / 44°N,18°E / 44; 18
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha deisceartacha
Western South Slavic (en) Aistrigh
an tSeirbea-Chróitis
Shtokavian (en) Aistrigh
Eastern Herzegovinian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaGaj's Latin alphabet (en) Aistrigh, aibítir Ghlagalach, Bosnian Cyrillic (en) Aistrigh, Arebica (en) Aistrigh agus Serbian Cyrillic alphabet (en) Aistrigh
Staidéar agBosnian studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1bs
ISO 639-2bos
ISO 639-3bos
Glottologbosn1245
Ethnologuebos Cuir in eagar ar Wikidata
ASCL3501 Cuir in eagar ar Wikidata
IETFbs Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an Bhoisnis teanga oifigiúil na Boisnia. Go bunúsach, is leagan den tSeirbea-Chróitis í, agus í bunaithe ar an gcanúint štokavski, chomh maith leis an tSeirbis agus an Chróitis chaighdeánaithe. Tá an Bhoisnis níos saibhre i bhfocail iasachta ón Tuircis ná an dá theanga chaighdeánacha eile, ach tríd is tríd, tá sí intuigthe ag lucht a labhartha siúd. Is é an leagan ijekavski den teanga a úsáidtear, is é sin, scríobhtar agus labhraítear ijeje sna focail ina raibh an t-[æ] fada sa tSean-Slaivis Eaglasta (vjetar in áit vetar "gaoth", mlijeko in áit mleko "bainne", mar shampla). I bhfocal áirithe, úsáidtear an -h- idir gutaí (cosúil leis an gCróitis), nuair a úsáideann an tSeirbis an -v-: duhan "tabac", gluho "bodhar". I bhfocail áirithe, úsáidtear an -h- nach bhfuil le cloisteáil i gceachtar den dá chaighdeán eile, toisc gur ceann de na saintréithe Boisniacha atá ann: lahko "furasta" (Seirbis agus Cróitis: lako), kahva "caife" (Seirbis: kafa, Cróitis: kava).

Tá an Bhoisnis idir eatarthu idir an dá theanga eile ar a lán bealaí. Go bunúsach, roghnaíonn an phleanáil oifigiúil teanga an téarma Crótach thar an téarma Seirbiach, má tá difríocht ann; ach bíonn caint na ndaoine níos cosúla leis an tSeirbis ó thaobh an fhoclóra de. Úsáideann an Bhoisnis ainmneacha Laidine (ainmneacha idirnáisiúnta) na míonna, cosúil leis an tSeirbis, ós rud é gur cleachtas seanbhunaithe é seo sna canúintí a labhraítear sa Bhoisnia.