An Bhoisnis
Boisnis (Bosanski) | |
---|---|
Á labhairt: | An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró, an Chróit, an Mhacadóin |
Réigiún: | An Eoraip |
Cainteoirí san Iomlán: | 2.7 - 5 milliún |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Na Boisnia |
Foras Pleanála Teanga: | n/a |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | bs |
ISO 639-2 | bos |
ISO 639-3 | bos |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Bhoisnis teanga oifigiúil na Boisnia. Go bunúsach, is leagan den tSeirbea-Chróitis í, agus í bunaithe ar an gcanúint štokavski, chomh maith leis an tSeirbis agus an Chróitis chaighdeánaithe. Tá an Bhoisnis níos saibhre i bhfocail iasachta ón Tuircis ná an dá theanga chaighdeánacha eile, ach tríd is tríd, tá sí intuigthe ag lucht a labhartha siúd. Is é an leagan ijekavski den teanga a úsáidtear, is é sin, scríobhtar agus labhraítear ije nó je sna focail ina raibh an t-[æ] fada sa tSean-Slaivis Eaglasta (vjetar in áit vetar "gaoth", mlijeko in áit mleko "bainne", mar shampla). I bhfocal áirithe, úsáidtear an -h- idir gutaí (cosúil leis an gCróitis), nuair a úsáideann an tSeirbis an -v-: duhan "tabac", gluho "bodhar". I bhfocail áirithe, úsáidtear an -h- nach bhfuil le cloisteáil i gceachtar den dá chaighdeán eile, toisc gur ceann de na saintréithe Boisniacha atá ann: lahko "furasta" (Seirbis agus Cróitis: lako), kahva "caife" (Seirbis: kafa, Cróitis: kava).
Tá an Bhoisnis idir eatarthu idir an dá theanga eile ar a lán bealaí. Go bunúsach, roghnaíonn an phleanáil oifigiúil teanga an téarma Crótach thar an téarma Seirbiach, má tá difríocht ann; ach bíonn caint na ndaoine níos cosúla leis an tSeirbis ó thaobh an fhoclóra de. Úsáideann an Bhoisnis ainmneacha Laidine (ainmneacha idirnáisiúnta) na míonna, cosúil leis an tSeirbis, ós rud é gur cleachtas seanbhunaithe é seo sna canúintí a labhraítear sa Bhoisnia.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |