An tSeirbis
Seirbis (српски - srpski) | |
---|---|
Á labhairt: | an tSeirbia, Montainéagró, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Chróit, i measc réigiúin eile mórthimpeall |
Réigiún: | An Eoraip |
Cainteoirí san Iomlán: | 12 milliún [1] |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Seirbia |
Foras Pleanála Teanga: | Bórd Caighdeánú Teanga na Seirbia |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | sr |
ISO 639-2 | srp |
ISO 639-3 | srp |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an tSeirbis teanga oifigiúil na Seirbia. Go bunúsach, is leagan den tSeirbea-Chróitis í, agus í bunaithe ar an gcanúint štokavski, chomh maith leis an Bhoisnis agus an Chróitis chaighdeánaithe agus tríd is tríd, tá sí intuigthe ag lucht a labhartha siúd. Is é an leagan ekavski den teanga a úsáidtear, is é sin, scríobhtar agus labhraítear e sna focail ina raibh an t-[æ] fada sa tSean-Slaivis Eaglasta. Tá an tSeirbis go háirithe bunaithe ar na canúintí mór thimpeall ar Šumadija-Vóvaidín agus Oithear na Heirseagaivéine. Labhraítear an leagan Torlak in oirdheisceart na Seirbia, ach níl caighdeán aici agus tá sí mar fhoirm idirchriosach idir an tSeirbis agus an Mhacadóinis agus an Bhulgáiris. Scríobhtar í le cló Coireallach ach díog ar ndíog tá an cló Laidineach in úsáid go háirithe i measc na ndaoine óga.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |