Jump to content

An Rúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rúis)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Rúis
Россия (ru)
Российская Федерация (ru) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán náisiúnta Chónaidhm na Rúise (27 Nollaig 2000) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Reveal your own Russia»
«Datgelwch eich Rwsia eich hun»
«Revela la teva pròpia Rússia» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 66° 25′ N, 94° 15′ E / 66.42°N,94.25°E / 66.42; 94.25

PríomhchathairMoscó Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán145,975,300 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús8.55 hab./km²
Teanga oifigiúilan Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnneamh-shainchreidmheach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid destáit iar-Shóivéadacha
an Eoraip
dúliosta tearmann cánach an Aontais Eorpaigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla17,075,400 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce13 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt, an tAigéan Ciúin, an tAigéan Artach, an Mhuir Dhubh, Muir Chaisp, Muir Mheoid, Muir na Sibéire Thoir, Muir Barents, Chukchi Sea (en) Aistrigh, Shantar Sea (en) Aistrigh, Muir Chara, Pechora Sea (en) Aistrigh, Muir na Seapáine, Muir Bheiring, an Mhuir Bhán, Muir Ocatsc, Muir Laptaiv agus Queen Victoria Sea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Elbrus (en) Aistrigh (5,642 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chaisp (−28 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRussian Soviet Federative Socialist Republic (en) Aistrigh agus an tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 25 Nollaig 1991Dissolution of the Soviet Union (en) Aistrigh (Dissolution of the Soviet Union (en) Aistrigh) cúis leis seo Official name change (en) Aistrigh
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
ÉarlamhNaomh Aindrias Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissuper-presidential republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachTionól Feidearálach Chónaidhm na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Rúise Cuir in eagar ar WikidataBoris Yeltsin (1991–1999) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Rúise Cuir in eagar ar WikidataMikhail Mishustin (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil1,836,892,075,548 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Onnmhairí iomlána337,800,000,000 $ (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrarúbal na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ru, .рф, .рус agus .su Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+7 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 01, 02, 03, 101, 102 agus 103 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreRU Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.ru Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: MyCountryRussia Twitter: Russia Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír leath-Eorpach, leath-Áiseach í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is é Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisis an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.

Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí. Is é Vladimir Putin uachtaráin den tír agus i 2022, rinne sé ionsú ar an Úcráin.

Príomhalt: Stair na Rúise

Déimeagrafaic

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraítear 100 teanga difriúla. Is í an Rúisis an t-aon teanga oifigiúil ach tá 27 teanga mhionlach atá aitheanta. De réir an daonáirimh sa bhliain 2002, bhí 142.6 milliún duine ábalta Rúisis a labhairt de na 143.8 milliún duine ar fad sa Rúis (99.1%). Is í an Tatairis an dara teanga is mó le 5.5 milliún cainteoirí. Is í an Úcráinis an tríú teanga is mó agus 1.8 milliún cainteoirí aici. Tá an Rúisis ar cheann de sé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe.

Tá córas oideachais saor i gcóir gach duine mar chuid den bhunreacht. Ó 1990 tá córas 11 bhliain i réim. Sa bhliain 2004 chaith rialtas na Rúise 3.6% de GDP na tíre ar an oideachas.

An eaglais Stroganov in Nizhny Novgorod

Níl aon daonáireamh oifigiúil i gcóir reiligiúin ach tá na figiúirí seo bunaithe ar suirbhéanna. I Lúnasa ceap ARENA gur Críostaithe iad (Ceartchreidmhaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh araon) iad 46% den daonáireamh. Ceapann Levada go bhfuil 76% den daonra sa Rúis ina gCríostaithe. De réir POF tá 65% ina Chríostaithe agus de réir PRC 73.6%.

Baineann timpeall 95% de pharóistí Ceartcreidmheacha sá Rúis leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach.

Is iad an Chríostaíocht Cheartchreidmheach, Ioslam, Giúdachas agus Búdachas na reiligiúin traidisiúnta sa tír.

Is é Ioslam an dara reiligiún is mó sa Rúis. In iomlán tá 9,400,000 Moslamach sa Rúis (6.5%) i 2012 (níl an figiúr seo ró-chruinn mar ní chlúdaínn sé na Stáit Mhoslamacha traidisiúnta, .i. Chechnya agus Ingushetia. Seo hiad na stáit (a bhí clúdaithe sa suirbhé) le níos mó ná 10% Moslamach: Kabardino-Balkaria (49%),  Bashkortostan (38%), KarachayCherkessia (34%), Tatarstan (31%), Yamalia (13%), Orenburg Oblast (11%), Adygea (11%) agus Cúige na hAstracáine (11%). Tá daonra Moslamach idir 1-2% sa chuid is mó de na stáit sa tSibéir.

Príomhalt: Litríocht na Rúise

Is í litríocht na Rúise litríocht na Rúise féin agus a cuid deoraithe, agus litríocht Rúisise na dtíortha a bhain leis an Rúis nó leis an Aontas Sóivéadach.

Beidh Corn an Domhain Sacair 2018 insan Rúis.

Caidreamh iasachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2009 bhí caidreamh ag an Rúis le 191 tíortha agus bhí ambasáidí i 144 tíortha.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]